COVID-19: Comhordú an Aontais ar mhaithe le vacsaíniú sábháilte éifeachtach
Tá iarratas á dhéanamh ag cuideachtaí cógaisíochta ar údarú leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA); sin é an chéad choinníoll nach mór dóibh a chomhlíonadh ionas go bhféadfaidh siad a gcuid vacsaíní a imscaradh ar mhargadh an Aontais. Ní féidir vacsaíní a thabhairt don phobal nó go bhfaighfear tuairim dhearfach ó EMA agus formheas ón gCoimisiún Eorpach.
Conas a dhéantar vacsaíní COVID-19 go mear ionas gur féidir iad a fhormheas?
De ghnáth, is ag deireadh an phróisis forbartha a chuireann cuideachtaí cógaisíochta na sonraí riachtanacha ar fad maidir le vacsaín faoi bhráid EMA.
I gcás COVID-19, déanann siad sin a luaithe atá na sonraí ar fáil. Tugtar ‘athbhreithnithe rollacha’ ar an bpróiseas sin. Bíonn measúnú déanta cheana ar an gcuid is mó de na sonraí nuair a dhéantar an t-iarratas ar údarú margaíochta, mar sin, bíonn EMA in ann tuairim a eisiúint i bhfad níos gasta.
- cáilíocht
- sábháilteacht
- éifeachtúlacht
Ar nós aon vacsaín eile san Aontas, beidh na ceanglais chéanna maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht le comhlíonadh ag vacsaíní COVID-19.
Treochlár le haghaidh formheas agus imscaradh vacsaíní
- déanfaidh forbróirí vacsaíní iarratas ar údarú margaíochta coinníollach leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach
- meastóireacht neamhspleách eolaíoch arna déanamh ag EMA, i gcomhréir le reachtaíocht chógaisíochta an Aontais
- tuairim dhearfach ó EMA más mó i bhfad na buntáistí ná aon bhaol a d'fhéadfadh a bheith ann
- údarú margaíochta ón gCoimisiún Eorpach
- beidh rochtain chomhionann ag tíortha uile an Aontais ar líon dáileog a bheidh i gcomhréir le méid a ndaonra
- imscaradh chuig an bpobal ar fud an Aontais
- faireachán ar shábháilteacht, ar éifeachtúlacht agus ar aon fho-iarsmaí, agus malartú faisnéise le tíortha an Aontais
Tá 2.6 billiún dáileog againn cheana féin
- AstraZeneca (suas le 400)
- Sanofi-GSK (suas le 300)
- Janssen P. NV (suas le 400)
- BioNTech-Pfizer (suas le 600)
- CureVac (suas le 405)
- Moderna (suas le 460)
(milliún dáileog de)
Ina theannta sin, tá críoch curtha ag an gCoimisiún le cainteanna taiscéalaíocha le Novavax (suas le 200 milliún dáileog) agus le Valneva (suas le 60 milliún dáileog).
Cinntíodh dáileoga trí chomhaontuithe réamhcheannaigh le forbróirí vacsaíní. Trí na comhaontuithe réamhcheannaigh, clúdaíonn an Coimisiún Eorpach agus tíortha an Aontais cuid de na réamhchostais a bhaineann le vacsaín a fhorbairt.
Mar chúiteamh air sin, tá an ceart ag tíortha an Aontais a ndóthain dáileog a cheannach, laistigh de thréimhse ama faoi leith agus ar phraghas inacmhainne.
Is as Ionstraim Tacaíochta Éigeandála an Aontais an cistiú agus is éarlais é ar na dáileoga a gheobhaidh tíortha an Aontais ar deireadh.
Na príomhghnéithe le haghaidh feachtais éifeachtacha vacsaínithe ar fud an Aontais
- an acmhainneacht lucht saothair oilte agus trealamh a chur ar fáil
- rochtain éasca agus inacmhainne
- stóráil, iompar agus imscaradh sábháilte
- cumarsáid phoiblí iomchuí chun muinín a chinntiú agus dul i ngleic leis an mífhaisnéis
- COVID-19: taighde agus vacsaíní (eolas cúlra)
- Vacsaíní COVID-19: forbairt, meastóireacht, formheas agus faireachán (an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach)
- Straitéis vacsaíní an Aontais (an Coimisiún Eorpach)
- Teachtaireacht maidir le hullmhacht do straitéisí vacsaínithe agus d’imscaradh vacsaíní COVID-19 (an Coimisiún Eorpach, an 15 Deireadh Fómhair 2020)