"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Cultúr agus Spórt), 26 Samhain 2024
Na príomhthorthaí
An Spórt
Oidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le hoidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt a chothú. Dírítear sna conclúidí sin ar an acmhainneacht a bhaineann le mórimeachtaí spóirt chun feabhas a chur ar shaol agus ar fholláine shaoránaigh an Aontais san fhadtéarma agus, ar an gcaoi sin, oidhreacht bhuan a fhágáil ina ndiaidh.
Is féidir le mórimeachtaí spóirt tairbhí fadtéarmacha a chur ar fáil, ó bhonneagar athnuaite go feasacht níos fearr ar stíleanna maireachtála sláintiúla, ach teastaíonn tiomantas leanúnach chun na tairbhí sin a bhaint amach. Iarrtar sna conclúidí go mbeadh cur chuige straitéiseach ann chun oidhreacht bhuan mórimeachtaí spóirt san Eoraip a uasmhéadú agus a choinneáil ann.
Ádám Schmidt, Aire Stáit Spóirt na hUngáire
Sna conclúidí uaithi, féachann an Chomhairle le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur i gcroílár an mhachnaimh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le mórimeachtaí spóirt a óstáil.
Go háirithe, leagtar béim sna conclúidí ar thairbhí ar nós uasghráduithe bonneagair agus cruthú post. Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit mórimeachtaí spóirt a úsáid mar dheis chun an spórt agus an ghníomhaíocht coirp a chur chun cinn ar fud an phobail, lena n-áirítear daoine óga agus daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste.
Léirítear sna conclúidí freisin oidhreacht bhuan chomhshaoil na n-imeachtaí spóirt a eagraítear i gcomhréir le dea-chleachtais chomhshaoil.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an ról atá ag na príomhghnéithe de Shamhail Spóirt Eorpach, inar díríodh ar na gnéithe sin a d’fhéadfadh luachanna an Aontais sa spórt a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Díríodh sa díospóireacht ar na gnéithe sin ba cheart a neartú a thuilleadh chun luachanna an spóirt san Eoraip a chaomhnú, agus ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Plean Oibre an Aontais don Spórt 2024-2027 i ndáil leis sin. Phléigh na hairí freisin na bealaí atá ann chun an nasc idir an spórt gairmiúil agus spórt an phobail a neartú.
Rinneadh tagairt ar leith do ról an spóirt mar ‘cosaint imdhíonach shóisialta’, i.e. cineál cosanta i gcoinne tinnis shóisialta.
Bhí uachtarán UEFA, Aleksander Čeferin, i láthair ag an seisiún.
Ról na leabharlann i bhforbairt na litearthachta sna meáin
Ghlac na hairí páirt i ndíospóireacht bheartais maidir le ról na leabharlann i bhforbairt na litearthachta sna meáin.
Is suntasach an méid a chuireann leabharlanna le forbairt na litearthachta sna meáin, rud atá ina riachtanas práinneach anois i saol atá ag éirí níos digití agus níos sáithithe ó thaobh eolais de. Mar sin féin, tá roinnt príomhdhúshlán roimh leabharlanna chun an acmhainneacht sin a bhaint amach ina hiomláine. Dar linn féin, is iad seo a leanas na trí phríomhdhúshlán nach mór aghaidh a thabhairt orthu: ról na leabharlann maidir le bearnaí san oideachas litearthachta sna meáin a líonadh; bonneagar agus maoiniú leabharlann; agus forbairt scileanna leabharlannaithe.
Veronika Varga-Bajusz, Aire Stáit na hUngáire um Ardoideachas, Gairmoiliúint agus Oiliúint Aosach, agus an Óige
Díríodh i bplé na Comhairle ar a thábhachtaí atá leabharlanna chun litearthacht sna meáin agus scileanna léitheoireachta criticiúla a chur chun cinn, ar na hacmhainní is gá chun seirbhísí ardcháilíochta a chur ar fáil, agus ar na scileanna a theastaíonn ó leabharlannaithe.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le rochtain ar chultúr a fheabhsú agus a chothú, ina n-aithníonn sí a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chultúrtha don tsláinte phearsanta, don fholláine, don chomhtháthú críochach agus sochaíoch, agus don daonlathas a neartú.
Iarrann sí ar na Ballstáit rochtain shaor chomhionann ar chultúr a chosaint agus a chur chun cinn ar gach leibhéal, lena gcuirtear san áireamh trí phleananna maidir le cearta cultúrtha a fhorbairt. Iarrann sí ar an gCoimisiún freisin an cultúr a chur isteach go domhain ina spriocanna beartais uileghabhálacha.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:
Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ón bPolainn)
Ag tacú le comhoibriú agus rannpháirtíocht in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar leibhéal an Aontais (eolas ón Ostair, ón mBulgáir, ón gCipir, ón tSeicia, ón Eastóin, ón bhFrainc, ón bhFionlainn, ón nGearmáin, ón nGréig, ó Éirinn, ón Laitvia, ón Liotuáin, ón tSlóvaic, ón tSlóivéin agus ón Spáinn)
Comhdháil MED9 ar Chearta Cultúir le linn Tréimhsí Géarchéime agus Dearbhú ó MED9 maidir le Cearta Cultúir (an Niocóis, an 16 Meán Fómhair 2024) (eolas ón gCipir)
Lublin – Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2029 (eolas ón bPolainn)
Beartais na mBallstát lena gcuirtear éagsúlacht chultúir chun cinn sa Mhargadh Aonair Digiteach (eolas ón bhFrainc, ón nGréig, ón Iodáil agus ón Spáinnagus le tacaíocht ón nGearmáin)
Príomhchathracha Cultúir na hEorpa 2025: Chemnitz agus Nova Gorica (eolas ón nGearmáin agus ón tSlóivéin)
Neartú agus tacaíocht struchtúrach a thabhairt do thairiscintí agus d’ardáin meán Eorpach neamhspleách (eolas ón nGearmáin agus ón bhFrainc)
Toradh Chruinniú Airí G7 maidir leis an gCultúr (Napoli, an 19-21 Meán Fómhair 2024) (eolas ón Iodáil)
Athoscailt Ardeaglais Notre-Dame (eolas ón bhFrainc)
Lón neamhfhoirmiúil
Ghlac na hairí cultúir páirt i ndíospóireacht neamhfhoirmiúil ag am lóin, faoi chathaoirleacht an Aire Stáit Veronika Varga-Bajusz, maidir le todhchaí an bheartais chultúrtha agus an chultúir i gclárthréimhse nua an Aontais.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.