Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 13-14 Bealtaine 2024

Na príomhthorthaí

Dé Máirt, an 14 Bealtaine

Cultúr/Closamharc

Tacaíocht do lucht tionchair mar chruthaitheoirí ábhair ar líne.

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena dtugtar aghaidh ar an méadú atá tagtha ar an lucht tionchair mar chuid d’éiceachóras meán an Aontais. Leagtar béim sna conclúidí ar thionchar an lucht tionchair, tionchar dearfach agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith díobhálach ar ábhar ar líne agus ar an bhfaisnéis a fheiceann muintir na hEorpa, agus cuirtear roinnt moltaí ar aghaidh arb é is aidhm dóibh litearthacht sna meáin agus an litearthacht dhigiteach agus iompar freagrach a chothú i measc an lucht tionchair, agus mionaoisigh san áireamh leis sin (tionchairi linbh nó kidfleuncers, mar a thugtar orthu).

Tá níos mó ama á chaitheamh anois ná riamh ag muintir na hEorpa ar líne, rud a fhágann go bhfuil tionchar níos mó ná riamh ag lucht tionchair a chruthaíonn ábhar do na meáin shóisialta ar an gcaoi a mbraithimid agus ar an gcaoi a dtuigimid an domhan mór. Chun a chinntiú gur dearfach a bheidh an tionchar sin, ní mór don Aontas tacaíocht a thabhairt do lucht tionchair, rud a chuirfidh ar a gcumas an litearthacht sna meáin a fhorbairt agus a bhfeasacht agus a dtuiscint ar na rialacha lena rialaítear a ngníomhaíochtaí ar líne a mhéadú.

Benjamin Dalle, An tAire Pléimeannach don Bhruiséil, don Óige, do na Meáin agus do Laghdú na Bochtaineachta

Forbairt sonraíbhunaithe ar an bpobal meáin

D’fhormheas na hairí na conclúidí maidir le bealaí chun earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chumhachtú trí phobal meáin sonraíbhunaithe a fhorbairt. Sna conclúidí uaithi, molann an Chomhairle do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chur chuige sonraíbhunaithe maidir leis an pobal meáin a fhorbairt, ina measc na nithe seo a leanas:

  • na scileanna riachtanacha a chothú in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta
  • malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas a éascú laistigh de na hearnálacha ábhartha agus eatarthu araon
  • creat beartais iomchuí a fhorbairt

féachaint chuige go seasfaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta an aimsir i ré IS

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta amach anseo. Roinn siad na cineálacha cur chuige a d’úsáid na rialtais chun tacú le hearnáil an chultúir agus earnáil na cruthaitheachta i bhforbairt agus in úsáid theicneolaíochtaí IS agus rinne siad machnamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh. Go háirithe, leag siad béim ar chuid de na deiseanna a chuireann IS ar fáil, cuir i gcás rochtain ar chultúr a leathnú agus díriú ar lucht féachana nua, chomh maith le hoidhreacht chultúrtha a chaomhnú.

Mar sin féin, tharraing siad aird freisin ar roinnt de na rioscaí a bhaineann le húsáid IS, go háirithe maidir le hurraim do chearta maoine intleachtúla, an ghné eiticiúil, agus an gá atá le hidirdhealú idir obair arna cruthú ag an duine agus an obair arna táirgeadh ag IS. Rinne siad machnamh freisin ar an gcaoi a bhféadfadh beartas agus cláir an Aontais cabhrú leis na hearnálacha sin leas a bhaint as acmhainneacht na hintleachta saorga, agus gné dhaonna an chultúir agus na cruthaitheachta á caomhnú ag an am céanna.

Is tráthúil an plé a rinneadh. Tá tírdhreach cultúrtha agus cruthaitheach an Aontais á athrú ag an dul chun cinn teicneolaíoch ar luas lasrach – agus tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis. Ní mór dúinn reachtaíocht iomchuí agus acmhainneachtaí digiteacha earnáil an chultúir agus earnáil na cruthaitheachta a fhorbairt más mian linn freagairt mear éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin agus ar na deiseanna a bhaineann leis an intleacht shaorga.

Jan Jambon, Aire-Uachtarán an Rialtais Phléimeannaigh

Gnó eile

Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:

  • Bourges a roghnú mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2029 (faisnéis ó thoscaireacht na Fraince)
  • Comhdháil maidir le Coinbhinsiún na Háige maidir le maoin chultúrtha a chosaint i gcás coinbhleacht armtha, an 13 go dtí an 15 Bealtaine 2024 (faisnéis ó thoscaireacht na hÍsiltíre)
  • Comhdháil Idirnáisiúnta ‘Ar mhaithe le téarnamh earnáil chultúrtha na hÚcráine’ in Vilnias na Liotuáine, an 6 agus an 7 Meitheamh 2024 (faisnéis ó thoscaireacht na Liotuáine)
  • Todhchaí bheartas cultúrtha an Aontais (faisnéis ó thoscaireacht na Gearmáine)
  • Forfheidhmiú smachtbhannaí an Aontais ar ardáin sruthaithe agus comhroinnte físeán - freagracht chomhchoiteann (faisnéis ó thoscaireachtaí na hEastóine, na Liotuáine agus na Laitvia)
  • Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ó thoscaireacht na hUngáire)

An Spórt

Spórt féineagraithe

D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le tábhacht cleachtais spóirt féineagraithe mar thaca le stíleanna maireachtála gníomhacha agus folláine i measc muintir na hEorpa. Leis na conclúidí, moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún beartais a chur chun feidhme lena gcothaítear cleachtas an spóirt fhéineagraithe, lena n-áirítear sna limistéir nach bhfuil saoráidí leordhóthanacha spóirt iontu, chomh maith le muintir na hEorpa a spreagadh, trí fheachtais feasachta agus trí bhonneagar oiriúnach a fhorbairt, chun páirt a ghlacadh sa spórt féineagraithe.

Aithnítear go forleathan na buntáistí a bhaineann leis an gcleachtadh coirp, ach is minic a bhíonn go leor saoránach de chuid an Aontais róghnóthach chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí foirmiúla spóirt. Leis an spórt féineagraithe, cuirtear bealach níos solúbtha ar fáil do dhaoine chun stíl mhaireachtála shláintiúil a choinneáil; dá réir sin, ba cheart tacú leis agus é a spreagadh le bearta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Pierre-Yves Jeholet, Aire-Uachtarán Chónaidhm na Vallúine-na Bruiséile

Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt

D’fhormheas na hairí rún maidir le Plean Oibre an Aontais don Spórt, a mbeidh feidhm aige ó mhí Iúil 2024 go dtí mí na Nollag 2027. Díreoidh an plean ar na tosaíochtaí seo a leanas:

  • an t-ionracas agus luachanna sa spórt
  • gnéithe socheacnamaíocha agus inbhuanaithe a bhaineann leis an spórt
  • rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte

Ról na saorálaithe i spórt na hEorpa

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le ról na saorálaithe i spórt na hEorpa. Le linn an phlé, luaigh siad le chéile na bearta a úsáidtear ina dtíortha chun an obair dheonach i réimse an spóirt a spreagadh, chomh maith leis na bacainní a chuireann cosc ar dhaoine obair dheonach a dhéanamh sa spórt ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Phléigh siad freisin na bealaí chun cumhacht a thabhairt do na grúpaí sin ar lú an seans, ó thaobh staidrimh de, go ndéanfaidh siad obair dheonach sa spórt, agus daoine scothaosta, mná agus iad siúd ó chúlraí lucht oibre san áireamh.

Ar na moltaí a rinneadh bhí úsáid a bhaint as maoiniú agus cláir ábhartha de chuid an Aontais, cuir i gcás Erasmus+ nó an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, chomh maith le haitheantas a thabhairt d’ionchur na saorálaithe sa spórt trí dhámhachtainí nó teastais a d’fhéadfadh luach a chur ar a scileanna agus ar a gcuid oibre. Tharraing roinnt Ballstát aird freisin ar an ngá atá le faireachán éifeachtach agus ardchaighdeáin sábháilteachta a áirithiú do na saorálaithe.

Gnó eile

Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:

  • Iarmhairtí chogadh foghach na Rúise ar earnáil spóirt na hÚcráine (faisnéis ón Uachtaránacht)
  • An ghné Eorpach de Chluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Pháras 2024 (faisnéis ó thoscaireacht na Fraince)
  • Gné Eorpach chraobh peile na hEorpa 2024 sa Ghearmáin (faisnéis ó thoscaireacht na Gearmáine)
  • Rannpháirtíocht na mBallstát le cód frithdhópála an Domhain (faisnéis ó thoscaireacht na hÍsiltíre)
  • Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ó thoscaireacht na hUngáire)

Pléite neamhfhoirmiúil

Sular thosaigh an cruinniú Dé Luain, ghlac na hairí óige páirt i gcruinniú neamhfhoirmiúil céadphroinne dar teideal An Eoraip a thabhairt níos gaire do dhaoine óga: neart rannpháirtíocht fhóinteach na hóige faoi chuimsiú na dtoghchán Eorpach agus níos faide i gcéin.

Le linn am lóin Dé Luain, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí oideachais darb ábhar: An Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach: Plé réamhbhreathnaitheach maidir leis an nganntanas múinteoirí a shárú.

Maidin Dé Máirt, bhí plé bricfeasta neamhfhoirmiúil ag na hairí cultúir agus closamhairc dar teideal Infheistíocht inbhuanaithe in éiceachóras closamhairc na hEorpa i bhfianaise Threoir athbhreithnithe Sheirbhísí na Meán Closamhairc.

Ghlac na hairí spóirt páirt i lón neamhfhoirmiúil Dé Máirt chun an t-ábhar Áit na mBan sa spórt a phlé.


Dé Luain, an 13 Bealtaine

An Óige

Sochaithe cuimsitheacha do dhaoine óga

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le sochaithe cuimsitheacha do dhaoine óga, ina leagtar amach bearta spriocdhírithe chun cothromas, cuimsiú agus tacaíocht do dhaoine óga san Eoraip a chur chun cinn, go háirithe dóibh siúd ar lú na deiseanna a fhaigheann siad.

Sna conclúidí uaithi, aithníonn an Chomhairle na dúshláin atá roimh dhaoine óga agus a thábhachtaí atá sé a rannpháirtíocht ghníomhach agus a gcuimsiú ina bpobail agus sa saol daonlathach a éascú. Leagtar béim ann freisin ar an ngá atá le feabhas a chur ar mheabhairshláinte agus ar dhálaí maireachtála do gach duine óg. Is féidir é sin a dhéanamh trí bhearta cuimsitheacha lena n-éascaítear rannpháirtíocht fhóinteach na ndaoine óga sa chinnteoireacht agus sna spásanna a bhaineann leo, go háirithe tríd an obair don óige.

Cláir oibre beartais maidir le leanaí, an óige agus cearta leanaí

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cláir oibre beartais Eorpacha agus idirnáisiúnta do leanaí, don óige agus do chearta leanaí.

Iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aistriú rianúil ón óige go dtí an aosacht a éascú, go háirithe do dhaoine óga a bhfuil seasamh leochaileach sa tsochaí acu, agus chun feabhas a chur ar chomhar, comhordú, faisnéis agus malartú idir na beartais ábhartha, na réimsí agus na leibhéil ábhartha beartais.

Iarrtar sa téacs ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na straitéisí náisiúnta atá ann cheana nó beartais chomhordaithe do chearta an linbh agus don óige a fhorbairt, chun comhleanúnachas beartais idir leanaí, cearta an linbh, agus gnóthaí na hóige a áirithiú d'fhonn riachtanais a bhaineann le haois a chomhordú.

Oidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige 2022

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige, a bhí ar siúl ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022. Aithnítear sna conclúidí an méid a baineadh amach le Bliain Eorpach na hÓige ó thaobh dearcadh láidir na hóige a dhearbhú agus ó thaobh obair a dhéanamh ar phríomhshruthú na hóige i mbeartais ábhartha uile an Aontais. Iarrtar ar an gCoimisiún cur leis an móiminteam sin, lena n-áirítear trí phríomhshásraí ar nós Idirphlé Óige an Aontais, comhairlí náisiúnta óige, agus ardán na bpáirtithe leasmhara óige atá beartaithe a neartú.

Beartas don obair óige in Eoraip uathrialaitheach

D’fhormheas an Chomhairle rún lena dtugtar aghaidh ar ról na hoibre don óige chun tacú le daoine óga a bheith níos neamhspleáiche i bhfianaise réaltachtaí nua. Iarrtar sa rún ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar na páirtithe leasmhara ábhartha tacú le forbairt agus cleachtas na hoibre don óige agus beartas don obair óige ar ardcháilíocht ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear trí bheartais chuimsitheacha maidir leis an obair don óige, oiliúint a chur ar oibrithe don óige agus trí timpeallacht chumasúcháin agus rochtain chomhchoiteann ar an obair óige do gach duine óg.

Obair leantach ar Chomhdháil Óige an Aontais 2024

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an obair leantach ar thorthaí Chomhdháil Óige an Aontais, a bhí ar siúl an 2-5 Márta 2024 in Gent agus a bhí dírithe ar shochaithe cuimsitheacha. Le linn na díospóireachta, rinne na hairí machnamh ar bhealaí chun feabhas a chur ar fhaireachán agus ar aiseolas maidir le torthaí Idirphlé Óige an Aontais ar an leibhéal polaitiúil chun freastal níos fearr ar riachtanais agus ar ionchais daoine óga. Phléigh siad freisin na bearta cur chun feidhme a d’fhéadfaí a úsáid chun sochaithe cuimsitheacha a chothú do dhaoine óga ina dtíortha.

Gnó eile

Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:

  • Tacaíocht d’aos óg na hÚcráine (eolas ón Uachtaránacht)
  • Toradh an phlé ag cruinniú neamhfhoirmiúil céadphroinne Idirphlé Óige an Aontais (eolas ón Uachtaránacht)
  • Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ó thoscaireacht na hUngáire)

Oideachas

Deiseanna soghluaisteachta san oideachas agus san oiliúint

Ghlac an Chomhairle moladh dar teideal ‘An Eoraip ag Gluaiseacht’ – deiseanna foghlama do chách. Is é is aidhm don mholadh níos mó daoine a spreagadh chun leas a bhaint as na deiseanna atá ann chun staidéar agus foghlaim a dhéanamh thar lear agus leathnaíonn sé creat an Aontais maidir le soghluaisteacht foghlama chun foghlaimeoirí de gach aois a chuimsiú, múinteoirí agus printísigh san áireamh.

Is i gcroílár thionscadal an Aontais atá an tsoghluaisteacht le fada an lá. Is féidir leis an bhfoghlaim thar lear scileanna luachmhara agus braistint níos láidre ar luachanna coiteanna an Aontais a fhorbairt. Cuideoidh an moladh seo le deiseanna a leathnú do gach duine chun tairbhe a bhaint as na buntáistí ollmhóra a bhaineann le foghlaim agus staidéar a dhéanamh nó oiliúint a fháil lasmuigh dá thír bhreithe.

Caroline Désir, Aire Oideachais, Comhphobal Fraincise na Beilge

An intleacht shaorga san oideachas agus san oiliúint

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le ról na hintleachta saorga san oideachas agus san oiliúint, inar díríodh ar thrí phríomhréimse:

  • an chaoi ar féidir leis na córais náisiúnta oideachais agus oiliúna iad féin a ullmhú do na dúshláin a eascraíonn as an intleacht shaorga agus, ag an am céanna, an leas is fearr a bhaint as na deiseanna a chuireann an intleacht shaorga ar fáil dóibh
  • a mhéid atá an intleacht shaorga ag dul i bhfeidhm ar a gcórais náisiúnta oideachais agus oiliúna cheana féin
  • na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach, i gcomhairle leis na Ballstáit, chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an intleacht shaorga san oideachas agus san oiliúint, agus oideachas ar ardchaighdeán a chinntiú do chách ag an am céanna

Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann leis an intleacht shaorga, lena bhféadfaí eispéireas foghlama níos pearsantaithe a chur ar fáil, agus chuir siad i láthair bearta a thug siad isteach ar an leibhéal náisiúnta. Leag siad béim ar an ngá atá le scileanna digiteacha na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt agus ról agus inniúlachtaí na múinteoirí a neartú.

Tharraing an Chomhairle aird freisin ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an ré nua theicneolaíoch seo agus d’iarr sí ar an gCoimisiún cur chuige comhchoiteann uile-Aontais a leagan amach maidir le húsáid na hintleachta saorga san oideachas agus san oiliúint.

Beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint

D’fhormheas na hairí conclúidí lena sainaithnítear roinnt príomhréimsí tosaíochta chun beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint a chur chun cinn, d’fhonn an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach.

Gnó eile

Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:

  • Céim Eorpach (eolas ón gCoimisiún)
  • Cultúr an smachta reachta a chur chun cinn tríd an oideachas (eolas ón gCoimisiún)
  • Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ó thoscaireacht na hUngáire)

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025