Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Oideachas agus óige), 25 Samhain 2024

Na príomhthorthaí

An Óige

Deiseanna logdhomhanda a chur ar fáil do dhaoine óga i gceantair thuaithe agus iargúlta

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar go dtabharfaí tacaíocht níos fearr do dhaoine óga atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta – go háirithe trí fheabhas a chur ar an rochtain ar dheiseanna ‘logdhomhanda’ san oideachas agus san fhostaíocht – mar bhealach chun dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha san Eoraip. Tagraíonn ‘logdhomhanda’ sa chomhthéacs seo don chumas smaoineamh go domhanda agus gníomhú go háitiúil.

<p>Balázs Hankó, Aire Cultúir agus Nuálaíochta na hUngáire</p>

Ba cheart rochtain chomhionann a bheith ag gach duine óg san Eoraip ar oideachas, oiliúint agus deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán, ach is rómhinic a fhágtar ar lár iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus iargúlta. Leagtar béim sna conclúidí ar na dúshláin atá roimh aos óg na tuaithe agus iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún deiseanna ‘logdhomhanda’ a chothú do dhaoine óga chun a chinntiú go mbeidh comhdheiseanna acu go háitiúil.

<p>Balázs Hankó, Aire Cultúir agus Nuálaíochta na hUngáire</p>

Balázs Hankó, Aire Cultúir agus Nuálaíochta na hUngáire

Deiseanna d’aos óg na tuaithe

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis na treochtaí déimeagrafacha atá ag teacht chun cinn lena múnlaítear deiseanna d’aos óg na tuaithe. Díríodh sa phlé ar an tionchar atá ag daonra atá ag dul in aois ar ghanntanais lucht saothair, ar iomaíochas agus ar athléimneacht, chomh maith le comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta.

Dhírigh idirghabhálacha na n-airí ar thrí réimse: na treochtaí déimeagrafacha is mó a dhéanann difear do dhaoine óga i gceantair thuaithe agus iargúlta; bealaí chun aos óg na tuaithe a chumhachtú chun go mbeidh rath orthu go háitiúil; agus dea-chleachtais ar gach leibhéal chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a mhaolú agus chun bánú na tuaithe a chosc.

Ar na bearta a moladh chun daoine óga a spreagadh chun fanacht i gceantair thuaithe, bhí: rochtain níos fearr a sholáthar ar phríomhsheirbhísí, mar shampla oideachas, tithíocht inacmhainne, iompar poiblí agus nasc leathanbhanda iontaofa, agus borradh a chur faoi eagraíochtaí don óige a spreagann daoine óga chun páirt ghníomhach a ghlacadh ina bpobal.

An 10ú timthriall d’Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg

D’fhormheas an Chomhairle rún maidir le torthaí an 10ú timthriall d’Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg, a leanfaidh ó lár 2023 go dtí deireadh 2024. Cuirtear i láthair sa rún sin torthaí an timthrialla agus na moltaí a d’eascair as Comhdháil Óige an Aontais, a bhí ar siúl i mBúdaipeist ón 7-10 Meán Fómhair 2024.

Plean Oibre do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2025-2027

D’fhormheas an Chomhairle rún maidir leis an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, ina gcuirtear i láthair na príomhthosaíochtaí agus na príomhghníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme le linn na tréimhse 2025 go 2027. Is ar na Spriocanna Eorpacha don Óige a fhéachann sé go háirithe, ar spriocanna iad a dtabharfaidh an fhoireann trí Uachtaránacht inteachta aghaidh orthu.

Gnó eile

Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:

  • Toradh an phlé ag cruinniú neamhfhoirmiúil bricfeasta Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg (eolas ón Uachtaránacht)
  • Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ón bPolainn)

Bricfeasta neamhfhoirmiúil

Bhí bricfeasta neamhfhoirmiúil ann faoi chuimsiú Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg, maidir le tábhacht na bpobal agus na dlúthpháirtíochta idir na glúine.

Oideachas

Gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas

Ghlac an Chomhairle moladh lena spreagtar tíortha an Aontais gairmeacha san ardoideachas a dhéanamh níos tarraingtí agus níos inbhuanaithe.

Leagtar béim sa mholadh ar an ngá atá le haitheantas a thabhairt d’éagsúlacht na gconairí gairme acadúla, agus cuirtear i bhfios go láidir ann a thábhachtaí atá sé luach a chur ar an teagasc agus ar an taighde.

Áirítear leis freisin bearta lena ndreasófar gairmithe ardoideachais chun páirt a ghlacadh i raon níos leithne gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí gairme, gníomhaíochtaí oideachais trasteorann ina measc.

Cothaíonn institiúidí ardoideachais an Aontais na glúine atá le teacht agus forbraíonn siad an lucht saothair ardoilte atá de dhíth ar ár ngeilleagair. Leagtar béim sa mholadh ar a thábhachtaí atá sé meas a léiriú ar an teagasc ar aon dul leis an taighde, agus iarrtar ann go dtabharfaí aitheantas níos fearr do raon iomlán na gconairí gairme agus na ngníomhaíochtaí atá ar fáil don fhoireann acadúil agus ghairmiúil.

Balázs Hankó, Aire Cultúir agus Nuálaíochta na hUngáire

Borradh a chur faoi scileanna a bheidh slán i bhfad na haimsire agus faoin iomaíochas tríd an ardoideachas

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le borradh a chur faoi scileanna a bheidh slán i bhfad na haimsire agus faoin iomaíochas tríd an ardoideachas. Chuir an díospóireacht leis na moltaí i dtuarascáil Draghi agus rinneadh iniúchadh ar an ngá atá le freagairt ar na héilimh shaothair atá ann, trí aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna.

Go háirithe, phléigh na hairí an fiúntas a bhaineann le borradh a chur faoi scileanna a bheidh slán i bhfad na haimsire agus faoin iomaíochas trí chomhar trasteorann, mar shampla, tríd an gcéim Eorpach atá beartaithe. Leag siad béim freisin ar na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in institiúidí ardoideachais toisc go spreagann siad iomaíochas an Aontais. Ar na gnéithe eile ar leag na hairí béim orthu bhí ábharthacht scileanna digiteacha agus oideachais dhigitigh maidir leis an inbhuanaitheacht, chomh maith lena thábhachtaí atá sé cúrsaí céime a ailíniú le riachtanais mhargadh an tsaothair.

Comhpháirtíochtaí straitéiseacha san oideachas agus san oiliúint

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha san oideachas agus san oiliúint. Leagtar béim sna conclúidí ar na tairbhí a bhaineann le comhpháirtíochtaí straitéiseacha d’iomaíochas na hEorpa agus iarrtar ar na Ballstáit na comhpháirtíochtaí sin a chur chun cinn ar an leibhéal trasnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

Sna conclúidí uaithi, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún freisin tacú le comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus comhar trasnáisiúnta a bhunú agus a chur chun feidhme san oideachas agus san oiliúint, trí threoir a chur ar fáil agus trí dheiseanna cistiúcháin a shainaithint.

Gnó eile

Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:

  • Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ón bPolainn)
  • Cruinniú Mullaigh Aireachta MED9 maidir le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe agus don Aistriú Glas i réigiún na Meánmhara (Limassol, an 27 Meitheamh 2024) (eolas ón gCipir)

Lón neamhfhoirmiúil

Bhí Zoltán Maruzsa, Aire Stáit um Oideachas Poiblí na hUngáire, ina chathaoirleach ar dhíospóireacht neamhfhoirmiúil ag am lóin, inar díríodh ar úsáid na bhfón póca i scoileanna.

Míreanna ‘A’

D’fhormheas an Chomhairle an téacs comhpháirteach maidir le buiséad ginearálta an Aontais do 2025. Tá iomlán na ngealltanas socraithe ag €192 768.6 milliún agus iomlán na n-íocaíochtaí ag €149 615.7 milliún, cé is moite de leithreasuithe dá bhforáiltear le haghaidh ionstraimí speisialta lasmuigh den Creat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027 (CAI).

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025