- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 14-15/04/2014, 14-15 Aibreán 2014
Dhírigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ar an staid in Oirthear na hÚcráine
Ag an gcruinniú i Lucsamburg an 14 agus 15 Aibreán, bhí an borradh a tháinig ar an bhforéigean le déanaí in Oirthear na hÚcráine ina thosaíocht ar an gclár oibre ag airí gnóthaí eachtracha agus cosanta an Aontais Eorpaigh.
Cháin airí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh go láidir na gníomhaíochtaí a dhéanann daoine aonair armtha i gcathracha Oirthear na hÚcráine. D'iarr siad go gcuirfí deireadh láithreach ar na hiarrachtaí seo chun ceannasacht na hÚcráine a dhíchobhsú. Sna conclúidí, d'iarr an Chomhairle ar an Rúis na gníomhartha aindleathacha in Oirthear na hÚcráine a shéanadh agus a trúpaí a thabhairt ar ais ó theorainn na hÚcráine.
I bhfianaise na n-imeachtaí sin, chinn an Chomhairle smachtbhannaí a neartú i gcoinne na ndaoine sin atá freagrach as míleithreasú cistí stáit na hÚcráine.
Spreag airí an Aontais Eorpaigh an Rialtas i gCív chun baint den teannas agus leanúint lena iarrachtaí chun toghcháin uachtaránachta a bheidh cothrom agus cóir a eagrú an 25 Bealtaine. D'fhormheas an Chomhairle dhá phríomhbheart i measc pacáiste de bhearta arb é is aidhm dóibh tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a thabhairt don Úcráin. Ghlac sí cinneadh lena gcuirtear suas le €1 billiún ar fáil mar chúnamh macra-airgeadais don Úcráin chun tacú le cobhsú eacnamaíoch na tíre agus lena clár oibre d'athchóirithe struchtúracha. Ghlac sí rialachán freisin lena dtugtar fabhair thrádála aontaobhacha don Úcráin, agus lena bhforáiltear do laghdú nó do dhíothú, ar bhonn sealadach, dleachtanna custam i gcomhréir le sceideal de lamháltais atá leagtha amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin
Leis an gcinneadh seo ní amháin go gcuirtear in iúl dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh le muintir na hÚcráine, léirítear freisin go bhfuil an tAontas Eorpach toilteanach agus in ann céimeanna láithreacha a ghlacadh chun staid a chomharsan san Oirthear a fheabhsú.
An 15 Aibreán 2014, roinn na airí cosanta an Aontais Eorpaigh tuairimí maidir leis an ngéarchéim san Úcráin le hArdrúnaí ECAT, Anders Fogh Rasmussen. D'áitigh siad go bhfuil gá ann le tuilleadh comhair idir an dá eagraíocht, chun aontacht láidir an chomhphobail thrasatlantaigh a neartú maidir leis an staid san Úcráin.
Laghduithe sealadacha taraife ar onnmhairí ón Úcráin chuig an Aontas Eorpach
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le fabhair thrádála nua don Úcráin a thiocfaidh i bhfeidhm faoi dheireadh mhí Aibreáin. Cumhdaítear leo 94.7% de tharaifí reatha an Aontais Eorpaigh ar earraí tionsclaíocha a allmhairítear ón Úcráin agus na taraifí go léir ar tháirgí talmhaíochta na hÚcráine a onnmhairítear chuig an Aontas Eorpach. Táthar ag súil go mbeidh leathbhilliún euro á choigilt ag onnmhaireoirí na hÚcráine i dtaraifí custaim an Aontais Eorpaigh gach bliain. Beidh an beart trádála seo ina pháirt thábhachtach de phacáiste an Aontais Eorpaigh chun cabhrú leis an Úcráin sa tréimhse dheacair seo.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Phléigh na hairí eachtracha an méid a thit amach le fíor-dhéanaí sa choimhlint sa tSiria. D'áitigh siad go bhfuil gá ann go gcuirfear chun feidhme an Rún ó Chomhairle Slándála NA (2139) maidir le rochtain ar chabhair dhaonnúil, agus go mbeidh dul chun cinn ann chun airm cheimiceacha na Siria a scrios. Chomhaontaigh siad freisin tacaíocht a thabhairt do thíortha comharsanachta na Siria chun cúram do theifigh a bhainistiú.
Tar éis chuairt Ardionadaí an Aontais Eorpaigh chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin (BiH) i mí an Mhárta, phléigh an Chomhairle na dúshláin shóisialta, pholaitiúla agus eacnamaíocha in BiH. Mheabhraigh sí go bhfuil sí fíorimníoch gur tháinig stop le próiseas lánpháirtithe an Aontais sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (BiH) mar gheall ar easpa tola polaitiúla ar thaobh pholaiteoirí BiH. Fad is atá dul chun cinn á dhéanamh ag tíortha eile sa réigiún, tá an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ag titim chun deiridh.
Phléigh na hairí conclúidí maidir le Poblacht na hAfraice Láir agus le seoladh mhisean míleata an Aontais Eorpaigh (EUFOR RCA) agus ghlac siad na conclúidí sin. Tionóladh Cruinniú na nAirí Cosanta dé Máirt, an 15 Aibreán. Ina foirmíocht Chosanta, chinn an Chomhairle síneadh dhá bhliain a chur le misean oiliúna míleata an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUTM Mali) agus misean sibhialta a sheoladh, EUCAP Sahel Mali, chun comhairle agus oiliúint a chur ar fáil do na póilíní, don Gendarmerie agus don Garde nationale i Mailí.
Ar deireadh, ghlac an Chomhairle roinnt pointí gan gá le plé ("pointí A"):
- Creat Airgeadais Ilbhliantúil i ndáil le Gnóthaí Baile
- Rialacha neartaithe maidir le drochúsáid mhargaidh
- An Banc Eorpach Infheistíochta - iasachtú seachtrach
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025