Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 08/05/2014, 8 Bealtaine 2014

Bhí an plé faoi thrádáil dírithe ar Cheanada, ar an tSeapáin agus ar earraí comhshaoil

Dhírigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha a bhí ar siúl an 8 Bealtaine 2014 ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le comhaontuithe trádála AE le Ceanada agus leis an tSeapáin, agus ar thrádáil i réimse na n-earraí agus na seirbhísí comhshaoil a léirscaoileadh.

Phléigh an Chomhairle go príomha an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na forbairtí is déanaí agus na saincheisteanna teicniúla atá ar feitheamh sa chaibidlíocht maidir le comhaontú cuimsitheach eacnamaíoch agus trádála le Ceanada.

Thug an Chomhairle dá haire príomhghnéithe tuarascála ó bhéal ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Saorthrádála leis an tSeapáin. Tráth a thug an Chomhairle sainordú don Choimisiún chun an comhaontú seo a chaibidliú i mí na Bealtaine 2013, chuir sí isteach clásal athbhreithnithe maidir le deireadh éifeachtach a chur ag an tSeapáin le bacainní neamhtharaifí. D'iarr na hairí ar an gCoiste um an mBeartas Trádála scrúdú a dhéanamh ar an tuarascáil nuair a bheidh sí ar fáil agus a mheas an leor an dul chun cinn a bhain an tSeapáin amach chun coinneáil leis an gcaibidlíocht.

Mar aon leis an bplé faoin gcomhaontú saorthrádála, chuir na hAirí fáilte roimh an dul chun cinn a rinneadh sa chaibidilíocht maidir le comhaontú creata chun go mbeifear in ann comhar polaitiúil, comhar domhanda agus comhar earnálach níos doimhne a bhaint amach idir AE agus an tSeapáin.

Phléigh airí AE clár oibre AE tar éis na comhdhála in Bali agus an deis atá ann borradh a chur faoin trádáil ghlas ar fud na cruinne. Dheimhnigh siad go dtacaíonn siad le trádáil i réimse na n-earraí agus na seirbhísí comhshaoil a léirscaoileadh. Ghlac siad na conclúidí maidir le seiftiúlacht "tionscnamh iltaobhach d'earraí glasa", taraifí a dhíothú ó raon leathan táirgí, rud lena gcuirtear go dearfach leis an bhfás glas, le cosaint an chomhshaoil agus leis an bhforbairt inbhuanaithe.

Tráth an lóin, chuir Karel De Gucht, Coimisinéir AE um Thrádáil, na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh sa chaibidlíocht leis na Stáit Aontaithe maidir le Comhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach. Tosóidh an cúigiú babhta de chainteanna AE-SA faoin trádáil an 19 Bealtaine.

Maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála le Ceanada

Leis an gcomhaontú sin, bainfear 99% de na bacainní taraifí agus cruthófar deiseanna nua margaidh le haghaidh trádála in earraí agus seirbhísí, agus infheistíochtaí. A luaithe a chuirfear chun feidhme é, táthar ag súil leis go méadófar an trádáil dhéthaobhach in earraí agus seirbhísí faoi 22% nó €25.7 billiún leis an gcomhaontú, rud lena gcothaítear fás agus fostaíocht ar dhá thaobh an Atlantaigh. Táthar ag súil le méadú bliantúil de €11.6 billiún in OTI AE.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Sa chruinniú seo den Comhairle Gnóthaí Eachtracha, breathnaíodh freisin ar an méid a leanas:

  • an dul chun cinn a rinneadh maidir le Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch leis an Afraic Thiar, le Comhphobal na hAfraice Thoir agus le Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice
  • cur chun feidhme fabhar trádála don Chróit

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025