Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19 Bealtaine 2014

Phléigh an Chomhairle creat forbartha an Aontais ó 2015 ar aghaidh

Ag teacht le chéile dóibh an 19 Bealtaine, roinn airí AE tuairimí maidir le creat nua a ullmhú le haghaidh iarrachtaí idirnáisiúnta cúnaimh a chomhordú, phléigh siad cur chun feidhme an Chláir Oibre don Athrú agus ba dhíol sásaimh dóibh gur glacadh cur chuige maidir le forbairt atá bunaithe ar chearta.

Creat ó 2015 ar aghaidh

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha um Fhorbairt creat nua le haghaidh iarrachtaí an chomhphobail idirnáisiúnta don tréimhse i ndiaidh 2015. Thug airí AE dá n-aire an obair leanúnach atá á déanamh ar leibhéal NA agus phléigh siad ról AE sa phróiseas lena socraítear spriocanna domhanda, ar spriocanna iad a áirítear orthu díothú na bochtaineachta agus cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe. Pléifear an creat ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh.

An clár oibre don Athrú

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi chur chun feidhme bheartas forbartha an Aontais, a ghlac an Chomhairle in 2012. Tá sé d'aidhm ag an mbeartas forbartha tionchar chúnamh forbraíochta AE a mhéadú, díriú ar chuspóirí sóisialta agus ar shaincheisteanna maidir leis an athrú aeráide ar bhealach níos fearr agus a bheith dírithe ar na tíortha is lú forbartha.

"Sraith uirlisí" chun prionsabail chearta an duine a ionchorprú

Chuir airí AE fáilte roimh ghlacadh sraith uirlisí ar cheart go n-áiritheofaí leo go gcuirfear cearta an duine san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoi thionscadal comhordaithe.

  • Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chuige i ndáil le comhar um fhorbairt atá bunaithe ar chearta, lena gcuimsítear cearta uile an duine

Roinn an Chomhairle tuairimí freisin maidir le ról na hearnála príobháidí i gcomhar um fhorbairt.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Sa phlé ag am lóin, bhí na hairí dírithe ar chomhar um fhorbairt le dhá thír ina bhfuil géarchéim: Poblacht na hAfraice Láir (PAL) agus an tSúdáin Theas.

Dheimhnigh an Chomhairle go dtosófar comhar um fhorbairt le Madagascar an athuair agus beidh an caidreamh leis an rialtas atá nua-cheaptha ina ghnáthchaidreamh arís.

D'fhormheas an Chomhairle freisin tuarascáil bhliantúil 2014 chuig an gComhairle Eorpach maidir le spriocanna cúnaimh forbraíochta: in 2013, ba é an tAontas an deontóir cúnaimh forbraíochta is mó ar domhain.

Ghlac an Chomhairle roinnt ábhar gan iad a phlé, lena n-áirítear an méid a leanas:

  • Creat AE le haghaidh Torthaí sa Chomhar agus san Fhorbairt
  • Tuarascáil ó 2013 maidir le Plean Gníomhaíochta AE i dtaca le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan san Fhorbairt 2010-2015 a chur chun feidhme
  • Comhsheasamh an Aontais Eorpaigh don Triú Comhdháil Idirnáisiúnta maidir le Stáit Oileánacha Bheaga i mbéal Forbartha

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025