- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12/05/2014, 12 Bealtaine 2014
Seasann an Chomhairle le Cív le haghaidh saorthoghcháin chothroma Uachtaránachta a reáchtáil
Critéir maidir le smachtbhannaí breise
I bhfianaise an méid a tharla le déanaí in Oirthear na hÚcráine agus choigistiú neamhdhleathach eintiteas sa Chrimé, leathnaigh an Chomhairle raon feidhme smachtbhannaí AE ionas go bhféadfaí díriú ar an méid seo a leanas leo:
- daoine agus eintitis a bhaineann le gníomhaíochtaí agus le beartais lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin agus a bhaineann le bac a chur le hobair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta
- eintitis sa Chrimé agus in Sevastopol a coigistíodh nó a bhain leas as an gcoigistiú sin
Cuireadh 13 duine leis an liosta agus leis sin tá 61 daoine faoi réir smachtbhannaí, agus ag an am céanna beidh dhá eintiteas coigistithe sa Chrimé agus in Sevastopol faoi réir reo sócmhainní.
Ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, cháin airí AE go láidir na heachtraí foréigneacha a tharla le déanaí san Úcráin agus eagrú an reifrinn i réigiúin an Oirthir. Ghlac siad conclúidí freisin maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta agus fuadach níos mó ná 200 chailín scoile sa Nigéir.
Measann an Chomhairle gur neamhdhlisteanach agus neamhdhleathach é aon reifreann maidir le haontacht, ceannasacht, neamhspleáchas agus sláine críche na hÚcráine.
Is gá idirphlé idir na húdaráis i gCív agus na páirtithe uile a chur ar bun chun go bhféadfar saorthoghcháin chothroma Uachtaránachta Úcránacha a reáchtáil an 25 Bealtaine ar fud chríoch iomlán na hÚcráine. Thug an Chomhairle dá haire na dearbhuithe a tháinig ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise le déanaí agus tá sí ag súil leis go dtacófar leis na toghcháin sin a reáchtáil.
Dheimhnigh airí AE go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta do Chomhráiteas na Ginéive an 17 Aibreán maidir le céimeanna nithiúla tosaigh chun an teannas a cheansú agus an tslándáil a athbhunú do na saoránaigh uile, agus d'iarr siad ar na páirtithe uile atá rannpháirteach an comhráiteas a chur chun feidhme go hiomlán.
D'fhreastal Cathaoirleach Reatha ESCE, Didier Burkhalter, ar an gcruinniú agus roinn sé tuairimí leis na hairí maidir leis an obair atá á déanamh ag Misean Speisialta Faireacháin ESCE agus maidir leis an gcuairt a thug sé ar Mhoscó. Ba dhíol sásaimh d'airí AE obair mhisean ESCE agus mhol siad an obair sin, maidir le Comhráiteas na Ginéive a chur chun feidhme agus maidir le cruinnithe comhchéime a bhunú chun idirphlé náisiúnta a fhorbairt.
Ní mór d'údaráis na hÚcráine dul i dteagmháil leis na réigiúin uile maidir le próiseas athchóirithe bunreachtúil.
D'fhonn cuidiú leis an Úcráin i réimse an athchóirithe ar earnáil na slándála sibhialta, lena n-áirítear an phóilíneacht agus an smacht reachta, chuir an Chomhairle ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí obair a dhéanamh maidir le gnéithe le haghaidh misean sibhialta de chuid CBSC a d'fhéadfadh a bheith ann.
Chomhaontaigh an Chomhairle freisin maidir le tacar nua smachtbhannaí agus thug sí dá haire an obair leantach a rinne an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le bearta spriocdhírithe a d'fhéadfadh a bheith ann, mar a d'iarr an Chomhairle Eorpach i mí an Mhárta. Tabharfaidh AE aird ar leith ar mheon agus ar iompar i ndáil le saorthoghcháin chothroma Uachtaránachta a reáchtáil nuair a dhéanfar cinneadh maidir lena gcur chun feidhme.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Sna conclúidí uathu, chuir airí AE in iúl gur ábhar mór imní dóibh an méid a tharla le déanaí maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir. Thacaigh AE go hiomlán le hiarrachtaí síochána na Stát Aontaithe a rinne an Státrúnaí Kerry agus a fhoireann, agus molann sé na hiarrachtaí sin. Níor cheart na hiarrachtaí suntasacha a rinneadh le roinnt míonna anuas a chur amú. Dheimhnigh an Chomhairle go dtacaíonn AE go hiomlán le hidirbheartaíocht a thionscnamh an athuair.
Cáineann an Chomhairle go láidir na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla le déanaí i dtuaisceart na Nigéire, inar maraíodh na céadta sibhialtach agus inar fuadaíodh níos mó na 200 chailín scoile. Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad leis an Nigéir agus go bhfuil sé ar intinn acu bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe i gcoinne Boko Haram.
Le linn am lóin, phléigh na hairí a bhfuil i ndán do Bheartas Comharsanachta na hEorpa.
Ar deireadh, ghlac an Chomhairle roinnt pointí gan iad a phlé.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025