Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 23/06/2014, 23 Meitheamh 2014

Tacaíonn an Chomhairle le hiarrachtaí i gCív i leith plean síochána

Ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha i Lucsamburg, phléigh na hAirí AE an moladh ó Uachtarán na hÚcráine an tUasal Poroshenko maidir le plean síochána agus maidir leis an bhforéigean sa Libia, sa tSiria agus san Iaráic.

Ba mhór ag an gComhairle plean síochána Uachtarán Poroshenko agus na céimeanna a ghlac sé i leith síocháin agus cobhsaíocht a dhaingniú san Úcráin ón uair a ghlac sé seilbh oifige.

D'fhreastail Pavlo Klimkin, an tAire Gnóthaí Eachtracha a ceapadh le déanaí san Úcráin, ar chruinniú na Comhairle chun an staid ar an talamh in oirthear na hÚcráine a mhíniú go sonrach dá chomhghleacaithe AE mar aon le coinníollacha an phlean síochána.

Ba mhór ag na hAirí na comharthaí dearfacha a thig as an idirphlé ardleibhéil idir údaráis na hÚcráine agus na Rúise, in ainneoin go bhfuil an staid ar an talamh ag dul in olcas. Tá súil ag an gComhairle go dtacóidh Cónaidhm na Rúise leis an bplean síochána trí bheartais shonracha a dhéanamh ar mhaithe le maolú. Ní mór beart a dhéanamh de réir briathair anois.

Is gá don Rúis céimeanna a ghlacadh chun stop a chur le sreabhadh uirlisí troda thar teorainn isteach go dtí oirthear na hÚcráine, agus leas a bhaint as an tionchar atá aici ar na scarúnaithe ionas go stopfaidh siad an foréigean agus go leagfaidh siad síos a gcuid uirlisí troda.

Smachtbhannaí

Rinne an Chomhairle measúnú ar an obair ullmhúcháin a rinne an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus na Ballstáit maidir le bearta spriocdhírithe a d'fhéadfaí a fhorchur, lenar féidir céimeanna breise a ghlacadh dá mba gá é agus dá mba rud é gur éirigh an staid ar an talamh níos measa fós.

An Misean CBSC (Comhbheartas Slándála agus Cosanta) chuig an Úcráin

D'fhormheas an Chomhairle an creat coincheapúil do mhisean a dhéanfar faoi CBSC de chuid AE chun cabhrú leis an Úcráin a hearnáil slándála sibhialta a athchóiriú, lena n-áirítear an phóilíneacht agus an smacht reachta. Beidh an misean, a chuirfear tús leis sa samhradh, ar aon dul le EULEX (Misean "Smacht Reachta" an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv).

Earraí a allmhairiú as an Chrimé

Ghlac an Chomhairle bearta chun beartas an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le diúltú nasc-ghabháil mhídhleathach na Crimé a aithint. Ní cheadaítear earraí de thionscnamh na Crimé ná Sevastopol a allmhairiú isteach in AE mura bhfuil dearbhú tionscnaimh ina leith tugtha ag údaráis na hÚcráine.

Comhaontú Comhlachais leis an Úcráin

Chomhaontaigh an Chomhairle an Comhaontú Comhlachais leis an Úcráin a shíniú, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, le linn chruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí an 27 Meitheamh. Mheabhraigh sí freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dul i mbun comhairliúcháin le Cónaidhm na Rúise ar an leibhéal polaitiúil maidir le gnéithe cur chun feidhme an chomhaontaithe, d'fhonn ábhair imní na Rúise faoi éifeachtaí an chomhaontaithe a dhíbirt

Míreanna eile ar an gclár oibre

I gcuibhreann dóibh, phléigh na hAirí na himeachtaí is déanaí san Iaráic agus gnéithe ghéarchéim na Siria lena mbaineann, i láthair Nikolay Mladenov, Ionadaí Speisialta Ardrúnaí NA don Iaráic agus Ceannaire Mhisean Cúnaimh NA san Iaráic. Cháin siad go láidir na hionsaithe ar shaoránaigh na hIaráice a rinne Stát Ioslámach na hIaráice agus na Leiveainte (SIIL) agus grúpaí armtha eile. D'ardaigh an Chomhairle freisin ábhair thromchúiseacha imní faoin ngéarchéim dhaonnúil agus easáitiú mór sibhialtach mar thoradh ar an troda.

Sna conclúidí ó airí AE, chuir siad in iúl gur ábhar mór imní dóibh gníomhartha foréigin a dhéantar arís agus arís eile sa Libia, agus d'iarr siad ar gach taobh gan an lámh láidir a úsáid agus aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí trí bhíthin polaitiúil d'fhonn a áirithiú gur féidir toghcháin pharlaiminteacha a reáchtáil an 25 Meitheamh.

Phléigh an Chomhairle an staid mar atá i gcoinbhleacht na Siria tar éis toghcháin uachtaránachta, lena n-áirítear gnéithe daonnúla na géarchéime, agus na hiarrachtaí taidhleoireachta atá á ndéanamh chun deireadh a chur leis an gcoinbhleacht. Ba dhíol sásaimh do na hairí an nuacht gur seoladh na hairm cheimiceacha dheireanacha dhearbhaithe ón tír le go scriosfar iad. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, d'fhormheas an Chomhairle smachtbhannaí nua i gcoinne réimeas na Siria.

Ba ábhar imní freisin do na hairí na pianbhreitheanna a gearradh ar iriseoirí san Éigipt agus an cinneadh le déanaí ón gcúirt leanúint le pianbhreitheanna an bháis a forchuireadh ar na 14 cheannaire ón ngluaiseacht Ioslámach.

Ghlac an Chomhairle roinnt ábhar gan iad a phlé freisin.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025