- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 08/04/2019, 8 Aibreán 2019
Na príomhthorthaí
Cúrsaí reatha
Bhí malartú tuairimí ag an Ardionadaí agus ag na hairí gnóthaí eachtracha ar na saincheisteanna is práinní atá ar an gclár oibre idirnáisiúnta. Chuir siad in iúl go háirithe an imní atá orthu i dtaobh a bhfuil ag titim amach sa Libia le déanaí. Ghríosaigh siad na páirtithe go léir sos cogaidh daonnúil a chur chun feidhme láithreach, staonadh ó aon ghéarú míleata breise agus filleadh ar an gcaibidlíocht. D'athdhearbhaigh siad a lántacaíocht d'iarrachtaí Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe Ghassan Salamé chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a bhaint amach sa Libia.
Ina theannta sin, rinne na hairí gnóthaí eachtracha tagairt do chur chun feidhme an oird phionósach i mBrúiné Darasalám aguschuir siad in iúl go bhfuil siad go láidir i gcoinne pionóis láidre atá cruálach agus táireach, agus a bhfuil cosc orthu faoin gCoinbhinsiún i gcoinne Céasadh agus Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach a shínigh Brúiné Darasalám in 2015.
Maidir le hAcht Helms-Burton1996, d'athdhearbhaigh an Chomhairle go raibh an tAontas go láidir i gcoinne bearta sriantacha aontaobhacha a chur i bhfeidhm go seach-chríochach, rud a sháraíonn an dlí náisiúnta dar léi.
An Afganastáin
Phléigh na hairí an staid reatha sa tSiria. Dhírigh siad ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair ar son na síochána agus an tslí is fearr gur féidir leis an Aontas tacú leo sin. Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoina cuairt ar Islamabad ar an 25 Márta agus ar Chabúl ar an 26 Márta.
Tá súil agam go dtiocfaidh an tsíocháin as na cainteanna laistigh den Afganastáin atá fógartha don tseachtain seo chugainn agus é sin gan dochar don phróiseas toghchánaíochta nó do gach atá bainte amach le blianta beaga anuas, go háirithe maidir le cearta na mban agus na mionlach agus cearta an duine i gcoitinne. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le próiseas síochána na hAfganastáine.
Comhpháirtíocht an Oirthir
Phléigh na hairí Comhpháirtíocht an Oirthir i bhfianaise chruinniú aireachta Chomhpháirtíocht an Oirthir (13 Bealtaine) agus an ócáid ardleibhéil (14 Bealtaine); nuair a bheidh comóradh 10 mbliana na comhpháirtíochta ann. Leag airí béim ar thábhacht na comhpháirtíochta, atá bunaithe ar chomhluachanna agus comhphrionsabail, agus ar chur chuige ina bhfuil cuimsiú agus difreáil.
Chuir na hairí fáilte roimh an dul chun cinn a rinneadh le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir faoi chreat '' "20 sprioc insoláthartha don bhliain 2020", agus go háirithe roimh na torthaí fónta nithiúla sa trádáil, teagmháil idir dhaoine, léirscaoileadh víosaí, iompar, nascacht, infreastruchtúr agus athchóiriú eacnamaíoch. D'aontaigh siad gur gá a thuilleadh iarrachtaí chun athchóirithe a chur chun feidhme in earnálacha amhail rialachas, freithéilliú agus i dtaobh na mbreithiúna.
Veiniséala
Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha faoi Veiniséala. Phléigh siad toradh an dara cruinniú den Ghrúpa Teagmhála Idirnáisiúnta an 28 Márta in Quito (Eacuadór). D'aontaigh siad dlús a chur leis an obair ar dhá rian an Ghrúpa Géarchéime Idirnáisiúnta: rochtain dhaonnúil a éascú, agus na coinníollacha a chruthú do thoghcháin uachtaránachta a bheidh saor, cothrom, trédhearcach.
Thug na hairí faoi deara na feabhsuithe le cúpla lá anuas i ndáil le rochtain dhaonnúil. D'aontaigh siad gur gá dlús a chur leis an obair chun tús a chur le próiseas polaitiúil i dtreo aistriú daonlathach síochánta.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025