Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18/03/2019, 18 Márta 2019

Na príomhthorthaí

Cúig bliana ó ionghabháil neamhdhleathach na Crimé

Ós rud é gur tharla ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol baileach cúig bliana roimhe sin, rinne an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha an ócáid a chomóradh trí phríomhgnéithe sheasamh an Aontais i leith na hionghabhála a athdhearbhú go poiblí.

Tá sé ráite arís agus arís eile ag an Aontas Eorpach, nach n-aithnímid agus nach n-aithneoimid an sárú seo ar an dlí idirnáisiúnta. Seasann an tAontas i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, agus tacaíonn lena ceannasacht agus lena sláine chríochach. Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Cúrsaí reatha

Bhí an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha sásta leis na torthaí ó thríú comhdháil na Bruiséile maidir le tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin, arbh dheis í tacaíocht an Aontais a athdhearbhú leis an bpróiseas polaitiúil faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, agus teachtaireacht láidir a sheoladh maidir leis an tacaíocht leanúnach le pobal na Siria trí chúnamh a shlógadh ón gcomhphobal idirnáisiúnta.

Thug an tArdionadaí eolas maidir le hobair leanúnach an Ghrúpa Idirnáisiúnta Teagmhála maidir le Veiniséala. Léirigh na hairí gnóthaí eachtracha gur ábhar imní dóibh an meath leanúnach atá ag teacht ar an staid dhaonnúil. D’athdhearbhaigh siad a phráinní atá sé go gcuirfear tús le próiseas polaitiúil.

Tugadh aird freisin ar an gcomhaontú síochána a síníodh i bPoblacht na hAfraice Láir agus na bearta a d'fhógair na Stáit Aontaithe le déanaí maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i measc ceisteanna eile.

Na príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha sa Bhruiséil ar an 18 Márta 2019

An tSín

Bhí malartú fairsing cuimsitheach tuairimí ag an gComhairle maidir leis an tSín agus an caidreamh idir an tAontas agus an tSín, roimh an bplé le Comhairleoir Stáit agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne, Wang Yi. Cothóidh an plé sin an díospóireacht a bheidh ag na Cinn Stáit nó rialtais ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 21-22 Márta, roimh an gcruinniú mullaigh AE-na Síne atá le bheith ar siúl an 9 Aibreán 2019 sa Bhruiséil.

Bunaíodh cuid den díospóireacht ar an teachtaireacht chomhpháirteach ón Ardionadaí agus an Coimisiún dar teideal "AE-an tSín: Dearcadh straitéiseach" a glacadh an 12 Márta. Ba dhíol sásaimh do na hairí an measúnú a rinneadh sa teachtaireacht chomhpháirteach agus na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe. Cé gurb í an Straitéis don tSín ó 2016 atá fós mar bhonn don chomhar leis an tSín, sa teachtaireacht chomhpháirteach cuirtear treoir úsáideach ar fáil ar an gcaoi a bhféadfadh an Eoraip a bheith níos réadúla, níos treallúsaí agus níos ilghnéithí ina gcaidreamh leis an tSín.

Leag na hairí gnóthaí eachtracha béim ar a thábhachtaí atá an aontacht, an dlúthpháirtíocht agus an chomhsheasmhacht ar leibhéal an Aontais do theagmháil tháirgiúil leis an tSín, ós rud nach mbeidh an tAontas in ann dul i ngleic leis na dúshláin atá ag teacht ón tSín ach amháin má tá sé aontaithe. Leag siad béim freisin ar luachanna, prionsabail agus ar chosaint leasanna straitéiseacha an Aontais sa chaidreamh idir an tAontas agus an tSín. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá an urraim do chearta an duine agus an t-idirphlé ar chearta an duine idir an tAontas agus an tSín. Ba ábhar suntais freisin dóibh an gá le cómhalartacht níos fearr sa chaidreamh eacnamaíoch, chomh maith le cothrom na Féinne agus rochtain chomhionann a fhorbairt do ghnólachtaí an Aontais. Thagair na hairí freisin don chibearshlándáil,scagadh na n-infheistíochtaí, agus an gá croíbhonneagar agus tionscal an Aontais a chosaint.

D’iarr na hairí go ndéanfaí an comhar leis an tSín a dhoimhniú i réimsí amhail an t-iltaobhachas, an t-athrú aeráide, an neamhiomadú (i gcomhthéacs an Chomhphlean Chuimsithigh Gníomhaíochta - JCPOA agus i leithinis na Cóiré), an tsíochánaíocht agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála réigiúnacha.

Ag an lón, bhí plé fairsing cuimsitheach ag na hairí le Comhairle Stáit agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne, Wang Yi. Roimh an dá chruinniú sin, tionóladh idirphlé straitéiseach AE-an tSín, faoi stiúir an Ardionadaí agus an Chomhairleora Stáit.

Poblacht na Moldóive

Phléigh an Chomhairle an Mholdóiv i bhfianaise na dtoghchán parlaiminteach a bhí ann ar an 24 Feabhra. Leag na hairí gnóthaí eachtracha béim ar a thábhachtaí a bhí sé go mbeadh próiseas trédhearcach inchreidte foirmithe rialtais ann a bheadh ina chruinnléiriú ar fhíormhóramh parlaiminteach agus lena n-urramófaí toradh na dtoghchán. Leagadh béim ar a thábhachtaí a bhí sé nach gcuirfí isteach ar an bpróiseas sin agus meabhraíodh nach dtacaíonn an tAontas le páirtithe aonair ná le gníomhaithe sonracha polaitiúla, ach le luachanna agus prionsabail.

Mheabhraigh an Chomhairle gurb é an Comhaontú Comhlachais atá mar bhunús le comhar an Aontais leis an Modóiv, lena bhfuil tiomantas láidir don chlár oibre athchóirithe agus don urraim don smacht reachta agus prionsabail an daonlathais.

Dheimhnigh na hairí gnóthaí eachtracha an tábhacht a bhaineann le prionsabal na coinníollachta i ndáil le tacaíocht mhacra-airgeadais a chur ar fáil, prionsabal ar gá cloí leis anois i bhfianaise an mheatha thromchúisigh a tharla i réimse an smachta reachta agus na bprionsabal daonlathach. Sa chomhthéacs sin, leag siad béim ar a thábhachtaí a bhí sé tairbhí nithiúla a chur ar fáil do mhuintir na Moldóive agus leanúint de thacú leis an tsochaí shibhialta.

Éimin

Mheabhraigh na hairí nach mbeidh aon réiteach míleata ar an gcoinbhleacht in Éimin agus gurb é an t-aon slí chun tosaigh gach cuid de chomhaontú Stócólm a chur chun feidhme. Leag siad béim ar a riachtanaí a bhí sé leanúint leis an móiminteam polaitiúil agus brú a chur ar na páirtithe a ngealltanais faoin gcomhaontú a chomhlíonadh go práinneach, agus go bhfeicfí dul chun cinn láithreach ar an bhfód.

D’athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil an tAontas ag tacú go huile agus go hiomlán le Toscaire Speisialta an Aontais, Martin Griffiths, agus a chuid iarrachtaí teacht ar réiteach buan, inbhuanaithe, infhorghníomhaithe, cuimsitheach agus idirbheartaithe laistigh de chreat faoi stiúir na Náisiún Aontaithe. Leag na hairí gnóthaí eachtracha béim ar a thábhachtaí a bhí sé go mbeadh mná na hÉimin lánpháirteach sa phróiseas polaitiúil.

Thug na hairí le fios go raibh imní orthu faoin easpa feabhais sa drochstaid dhaonnúil, go háirithe maidir le rochtain ar chabhair dhaonnúil. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go leanfadh an tAontas gona Bhallstáit ar aghaidh lena gcúnamh daonnúil agus go dtabharfaí tacaíocht pholaitiúil de réir mar is gá.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025