Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha agus na n-airí gnóthaí baile, 15 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Bhí díospóireacht chomhpháirteach ag na hairí gnóthaí eachtracha agus ag na hairí gnóthaí baile trí fhíschomhdháil maidir leis na gnéithe seachtracha a bhaineann le beartas imirce an Aontais, faoin gcomhaontú nua maidir le himirce agus tearmann.

Ba iad Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, agus Aire Gnóthaí Baile na Portaingéile, Eduardo Cabrita, a bhí ina gcomhchathaoirligh ar an gcruinniú.

Eduardo Cabrita, Aire Gnóthaí Baile na Portaingéile
Tá dlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe tríú tír ag teastáil má tá beartas imirce rathúil le bheith ag an Aontas agus tá teachtaireacht shoiléir againn: is mithid dúinn gníomhú anois! Tá sé in am torthaí nithiúla a fheiceáil. Oibreoimid le chéile chun comhpháirtíochtaí imirce a thógáil atá níos oiriúnaí chun tosaíochtaí ár gcomhpháirtithe a chur san áireamh, ar bhealach comhleanúnach sa chaidreamh ginearálta atá againn.
Eduardo Cabrita, Aire Gnóthaí Baile na Portaingéile
Eduardo Cabrita, Aire Gnóthaí Baile na Portaingéile
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Is mian leis an Aontas, agus ní mór dó, a áirithiú go mbeidh gach gné den imirce ina gné thábhachtach dár gcaidreamh foriomlán le tríú tíortha. Imirce rialta, dhea-bhainistithe agus shábháilte, is féidir leis an méid sin a bheith ina uirlis bhreise a fhónann do bheartas seachtrach an Aontais Eorpaigh agus ina shócmhainn dár ngeilleagar féin agus do gheilleagair ár gcomhpháirtithe.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Le linn na díospóireachta, dhírigh na hairí go háirithe ar an imirce mar ghné thábhachtach sa chaidreamh le tríú tíortha a bhfuil tábhacht ar leith leo. Phléigh siad an dóigh is fearr chun comhar a fhorbairt agus a fheabhsú a thuilleadh idir tíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe ar bhealach cuimsitheach a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh.

Chuir na hairí chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach cur chuige cothrom a shaothrú, cur chuige a chuireann gach gné ábhartha den bheartas imirce san áireamh. D'athdhearbhaigh siad freisin gur gá na beartais ábhartha uile atá ar fáil don Aontas a úsáid chun tacú leis na comhpháirtíochtaí cuimsitheacha, cothroma agus comhthairbheacha sin, lena n-áirítear comhar don fhorbairt, víosaí, trádáil agus infheistíochtaí, fostaíocht agus oideachas. Beidh cistiú níos comhtháite, níos straitéisí, níos solúbtha agus níos dírithe ón Aontas ríthábhachtach freisin. Ba cheart bealaí nua beartais a fhorbairt a thuilleadh, amhail comhpháirtíocht iar-Cotonou AE-ACC agus an clár oibre a bhí ag an gCoimisiún le déanaí maidir le Comharsanacht an Deiscirt.

Díríodh sa phlé freisin ar an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar an gcomhordú agus ar an gcomhar laistigh den Aontas chun cuspóirí imirce a bhaint amach. Thug na hairí sonraí go háirithe maidir leis an gcaoi a bhféadfadh uirlisí agus acmhainní an Aontais agus na mBallstát, acmhainní airgeadais san áireamh, a chéile a neartú chun dul i ngleic leis na dúshláin choiteanna a bhaineann leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach, agus ag an am céanna, d'fhéach siad ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an imirce dhea-bhainistithe.

Mar chonclúid ghinearálta ar na hoibreacha a rinneadh, leagadh béim shoiléir ar a thábhachtaí atá sé cruinnithe a thionól ar bhealach níos rialta, amhail an cruinniú a d'eagraigh Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle, idir na hAirí Gnóthaí Eachtracha agus na hAirí Gnóthaí Baile. Chuir formhór na dtoscaireachtaí i dtreis a thábhachtaí atá sé cur chuige an-phragmatach a rathú maidir leis na tionscnaimh atá le forbairt, as seo amach, leis na tíortha comhpháirtíochta. Iarradh go soiléir go ndéanfaí treochláir a ullmhú, ina mbeadh amchláir nithiúla agus ina leagfaí amach cuspóirí chun na comhpháirtíochtaí comhthairbheacha sin a bhaint amach.

Faoi aon ghnó eile, thíolaic an Uachtaránacht gnéithe de thogra le haghaidh idirphlé cuimsitheach maidir le ceartas agus gnóthaí baile le tíortha comhpháirtíochta san Afraic Thuaidh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025