Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 11 Aibreán 2022

Na príomhthorthaí

An fogha míleata atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

Phléigh na hairí fogha míleata na Rúise agus sheas siad gualainn ar ghualainn agus iad ag tacú leis an Úcráin.

Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Is féidir an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin a mhíniú in dhá fhocal. Is é teip an chéad cheann. Teip atá ann ó arm na Rúise. Is é uafás an dara ceann. Sibhialtaigh maraithe, cathracha scriosta, buamáil neamh-idirdhealaitheach - sin an rian atá fágtha ag arm na Rúise. Táimid níos tiomanta fós leanúint de bheith ag tacú leis an Úcráin agus an t-ionsaí Rúiseach atá le teacht san oirthear.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá an chuntasacht i dtaca le sáruithe tromchúiseacha an dlí idirnáisiúnta. Tacóidh an tAontas le hionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus le hionchúisitheoir na hÚcráine ó thaobh airgeadais de agus ó thaobh foirne ar an láthair de. Déanfar misean comhairleach an Aontais a imscaradh anois chun comhoibriú san imscrúdú agus i mbailiú fianaise.

Leanfaidh an tAontas de thacaíocht pholaitiúil agus airgeadais a thabhairt don Úcráin agus de thacaíocht a thabhairt d’fhórsaí armtha na hÚcráine. Maidir leis sin, leanfar den obair laistigh den Chomhairle ar an togra le haghaidh €500 milliún breise a chur ar fáil faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

Rinne na hairí measúnú freisin ar chur chun feidhme na smachtbhannaí agus ar an gcaoi le haon lúb ar lár a sheachaint. Bhí plé ginearálta acu maidir le cad eile is féidir a dhéanamh.

Phléigh an Chomhairle freisin iarrachtaí chun an chumarsáid straitéiseach a threisiú agus chun an bhréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear i ndáil le neamhshlándáil an tsoláthair bia atá ag dul i méid mar thoradh ar an bhfogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. Phléigh na hairí conas aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin maidir le neamhshlándáil an tsoláthair bia a bheith ag dul i méid i réigiúin eile ar fud an domhain, go háirithe san Afraic, sna Balcáin Thiar, sa Mheánoirthear agus i Meiriceá Laidineach.

Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag airí an Aontais le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIorua, Anniken Huitfeldt agus le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÍoslainne, Thórdís Kolbrún Reykfjörd Gylfadóttir maidir leis an bhfogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

An Tairseach Dhomhanda

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an Tairseach Dhomhanda agus chuir siad treoir ar fáil chun a chinntiú go saothrófar cur chuige geopholaitiúil agus domhanda i leith na nascachta leis an tionscnamh seo. Thug siad dá n-aire an tábhacht straitéiseach a bhaineann le dul i mbun bealaí domhanda nascachta, go háirithe sa chomhthéacs reatha.

Phléigh na hairí freisin rialachas agus cumarsáid na Tairsí Domhanda agus conas a d’fhéadfadh sé tacú le comhar an Aontais le gníomhaithe atá ar aon intinn leo agus cur leis an gcomhar sin.

Cúrsaí reatha

Phléigh na hairí an staid i Mailí, rud a thug ar an Aontas an oiliúint a chuir misean oiliúna an Aontais Eorpaigh agus EUCAP Mali ar na fórsaí armtha agus ar an ngarda náisiúnta a chur ar fionraí go sealadach. Mar gheall ar an easpa dul chun cinn atá déanta sa phróiseas aistrithe, mar aon le fórsaí atá cleamhnaithe leis an Rúis a bheith sa tír agus tuairiscí atá ag dul i méid maidir le sáruithe ar chearta an duine agus fórsaí armtha Mhailí agus trodaithe eachtracha ag marú sibhialtach, bhí gá le hathmheastóireacht a dhéanamh ar láithreacht an Aontais.

Phléigh na hairí na Balcáin Thiar i gcomhthéacs an chaidrimh agus an chomhair leis an Aontas. Tá an rannpháirtíocht straitéiseach leis an réigiún, a dhéanann próiseas an mhéadaithe a chomhlánú, níos tábhachtaí fós sa chomhthéacs geopholaitiúil a bhíonn ag athrú tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin faoin ngéarchéim institiúideach sa Libia. Leis an tsáinn pholaitiúil atá ann faoi láthair, cuirtear i mbaol an dul chun cinn a rinneadh le bliain anuas agus cuirtear moill bhreise ar an bhféidearthacht go ndéanfaí dlisteanacht institiúidí na Libia a athnuachan trí thoghcháin.

Chuir Aire Gnóthaí Eachtracha na Sualainne an Chomhairle ar an eolas faoin turas a rinne sí le déanaí chuig Éimin, áit ar thug sí teachtaireachtaí ón Aontas, agus faoi iarrachtaí leanúnacha ar mhaithe leis an tsíocháin. Chuir an tArdionadaí a chuid tuairimí in iúl maidir lena thríú turas go dtí an Mhurascaill.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025