"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Thosaigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le nóiméad ciúnais chun ómós a thabhairt do níos mó ná 40,000 íospartach de na creathanna talún tubaisteacha sa Tuirc agus sa tSiria.
Fogha na Rúise faoin Úcráin
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin, beagnach bliain tar éis don Rúis a hionradh neamhdhleathach, iomlán, gan chúis, a sheoladh.
Ní mór dúinn leanúint de thacaíocht láidir bhuanseasmhach a thabhairt don Úcráin, go dtí go mbeidh a lá ag an Úcráin arís.
Mar sin, ná cuirimis am amú. Ní mór deifir a dhéanamh le daoine a shábháil.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh na hairí tacaíocht mhíleata don Úcráin tríd an tSaoráid Eorpach Síochána agus gníomhaíochtaí oiliúna mar chuid de mhisean um chúnamh míleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine).
Phléigh an Chomhairle freisin na riachtanais phráinneacha shuntasacha atá ag an Úcráin ó thaobh armlóin de. I ndáil leis an méid sin, díríodh sa phlé ar conas dlús a chur le hiarrachtaí comhpháirteacha an Aontais, go háirithe trí sholáthar féideartha ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin. Is dócha go bpléifidh airí cosanta an Aontais leis an ábhar ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh acu sa tSualainn go luath.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir leis an obair leanúnach chun an 10ú pacáiste smachtbhannaí a ghlacadh i gcoinne na ndaoine sin atá lárnach i gcogadh foghach na Rúise, maidir le ceist na cuntasachta iomláine i leith coireanna Rúiseacha, coir an fhogha san áireamh, agus for-rochtain taidhleoireachta chuig comhpháirtithe G7 agus sna Náisiúin Aontaithe chun a chinntiú go dtacófar go forleathan leis an dréachtrún maidir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe is bun le síocháin chuimsitheach, chóir agus mharthanach, a gcaithfear vóta ina leith i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.
Ar deireadh, phléigh an Chomhairle freisin Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe, a rachaidh in éag i lár mhí an Mhárta. D’aontaigh na hairí nach mór brú a chur ar an Rúis chun síneadh leis an tionscnamh a cheadú agus deireadh a chur leis na srianta ar onnmhairí talmhaíochta. Tá an tAontas ag rannchuidiú trí na lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin, a d’éascaigh 51 mhilliún tona d’earraí a easpórtáil ón Úcráin chuig an gcuid eile den domhan, agus atá ríthábhachtach chun praghsanna bia domhanda a chobhsú.
Malartú neamhfhoirmiúil le Nicu Popescu
Bhí malartú neamhfhoirmiúil ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais le linn an lóin le Nicu Popescu, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Lánpháirtíocht Eorpaí Phoblacht na Moldóive, maidir le tionchar fhogha na Rúise faoin Úcráin ar Phoblacht na Moldóive, a bhfuil san áireamh air na sáruithe is déanaí a rinneadh arís agus arís eile ar aerspás na Moldóive, agus soláthairtí fuinnimh a bheith á n-úsáid mar uirlis troda ag an Rúis.
Dhearbhaigh na hairí go dtacaíonn an tAontas Eorpach leis an Moldóiv ar a conair Eorpach agus go bhfuil siad toilteanach cabhrú le hathléimneacht agus slándáil na Moldóive a neartú.
I ndáil leis an méid sin, chuir an Mholdóiv in iúl gur mian léi leas a bhaint as misean Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais, agus féachfaidh an Chomhairle ar an bhféidearthacht sin.
An Afganastáin
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an Afganastáin, tar éis malartú neamhfhoirmiúil trí fhíschomhdháil le Leas-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, Amina Mohammed.
Phléigh na hairí na forbairtí is déanaí ar an láthair, go háirithe an forógra lena gcuirtear cosc ar mhná a bheith ag obair d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tionchar diúltach a bhíonn aige sin ar chabhair dhaonnúil a sheachadadh.
D’aontaigh na hairí go leanfaí le cabhair dhaonnúil an Aontais, agus cabhair an Aontais ó thaobh riachtanais bhunúsacha agus slí beatha de, fad is gur féidir é a sheachadadh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus i gcomhréir leis na prionsabail a chomhaontaigh an pobal idirnáisiúnta deontóirí daonnúla. Déanfar dlúthfhaireachán ar an méid sin agus déanfar cinneadh ina leith ar bhonn cás ar chás le linn tréimhse trialach 6 mhí.
Taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh
Phléigh an Chomhairle taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh i láthair Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Frans Timmermans.
Leagadh béim sa phlé ar an ngá atá ann for-rochtain an Aontais maidir leis an aeráid agus le fuinneamh a neartú a thuilleadh agus a sheacht ndícheall a dhéanamh le cinntiú go mbainfear amach torthaí uaillmhianacha ag COP28 atá ar na bacáin. Leag sí béim freisin ar a phráinní atá sé an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a mhéadú thar leibhéal na ndeontóirí traidisiúnta, agus athchóiriú práinneach ar na bainc forbartha iltaobhacha a éileamh.
Tá impleachtaí tromchúiseacha ag an aeráid atá ag athrú agus díghrádú comhshaoil don tsíocháin agus don tslándáil ar fud an domhain agus ní mór na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide a chomhtháthú go córasach i mbeartais eachtracha agus slándála an Aontais. Cuirfear teachtaireacht chomhpháirteach ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún i láthair go luath maidir leis na saincheisteanna sin.
Cúrsaí Reatha
Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar 32 duine agus ar 2 eintiteas eile atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.