Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 24 Samhain 2025

Na príomhthorthaí

An caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe

Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag airí trádála an Aontais le Rúnaí Tráchtála na Stát Aontaithe, Howard LUTNICK, agus le hIonadaí Trádála na Stát Aontaithe, Jamieson Greer.

Ag díriú ar an am atá romhainn a bhí siad, agus ar an gcaidreamh trádála trasatlantach ag eascairt as an Ráiteas Comhpháirteach an 21 Lúnasa 2025 idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le trádáil, agus ar na dúshláin dhomhanda atá i gcomhpháirt againn agus a bhaineann, mar shampla, le ró-acmhainneachtaí domhanda, athléimneacht an tslabhra soláthair agus slándáil eacnamaíoch.

<p>Lars Løkke Rasmussen, Aire Gnóthaí Eachtracha na Danmhairge</p>

Athdhearbhaíodh i bplé an lae inniu tiomantas an Aontais agus na Stát Aontaithe, i dteannta a chéile, Ráiteas Comhpháirteach mhí Lúnasa a chur chun feidhme go hiomlán agus tógáil ar an dul chun cinn atá déanta againn chun trádáil chobhsaí, chothrom agus intuartha a chinntiú. Tá rún daingean againn bogadh ar aghaidh i dteannta a chéile, gan an bonn a bhaint de chothromaíocht an chomhaontaithe agus sinn ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin chomhroinnte agus ag neartú na nasc eacnamaíoch atá eadrainn.

<p>Lars Løkke Rasmussen, Aire Gnóthaí Eachtracha na Danmhairge</p>

Lars Løkke Rasmussen, Aire Gnóthaí Eachtracha na Danmhairge

Chuir na hairí agus an coimisinéir Šefčovič i bhfios go láidir go bhfuil gné den intuarthacht agus den chobhsaíocht athbhunaithe sa trádáil thrasatlantach leis an ráiteas comhpháirteach. San am céanna, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda i dteannta a chéile. D’athdhearbhaigh an dá thaobh go bhfuil siad tiomanta cur le chéile sna míonna atá amach romhainn agus gan dhá leath a dhéanamh dá ndícheall.

Colláis theibí ina bhfuil gnéithe de bhratacha na Stát Aontaithe agus an Aontais agus coimeádáin lasta.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An caidreamh trádála idir an tAontas agus an tSín

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le staid na himeartha sa chaidreamh trádála idir an tAontas agus an tSín agus maidir lena bhfuil i ndán don chaidreamh sin amach anseo agus míchothromaíochtaí ag dul i méid. Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an easnamh trádála atá ag dul i leithne, ar shrianta seanbhunaithe atá ann maidir le rochtain ar an margadh agus ar an úsáid leanúnach a bhaineann an tSín as an trádáil chun tionchar a imirt, trí rialuithe onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm ar amhábhair chriticiúla, trí shrianta ar leathsheoltóirí i measc bealaí eile.

Thug an Coimisiún an scéal is deireanaí maidir leis an bplé a bhí aige leis an tSín, mar shampla maidir leis na rialuithe onnmhairiúcháin ar dhúile tearc-chré, a chuir údaráis na Síne ar fionraí ar fud an domhain ar feadh bliana ag eascairt as an gcomhthuiscint idir na Stáit Aontaithe agus an tSín.

D’aontaigh na hairí nár thug an fhionraí shealadach aghaidh ar an mbunleochaileacht agus chuir siad chun suntais gur gá dlús a chur le héagsúlú na bhfoinsí soláthair, an comhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo a dhoimhniú agus leanúint de straitéis dí-rioscaithe an Aontais a chur chun feidhme.

Bratacha an Aontais agus na Síne agus cruinneog, agus roinnt bonn agus ag teacht aníos lena léirítear an fás eacnamaíoch.
An trádáil idir an tAontas agus an tSín: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus an tSín: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Caibidlíocht dhéthaobhach leanúnach ar an trádáil

Rinne na hairí a marana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcaibidlíocht dhéthaobhach trádála ar fud líonra an Aontais. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá an t-éagsúlú trádála i gcomhthéacs na héagobhsaíochta geo-eacnamaíche agus na hilroinnte geo-eacnamaíche. Dhírigh siad go háirithe ar an India, anois agus céim chriticiúil bainte amach sa chaibidlíocht. Leag an Coimisiún amach an obair a rinneadh le déanaí maidir le comhaontú trádála a d’fhéadfadh a bheith ann arb é is aidhm dó toradh fóinteach tráchtála a bhaint amach sna míonna atá amach romhainn.

Phléigh na hairí na príomhghnéithe d’fhéadfadh a bheadh sa phacáiste a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla léirscaoileadh taraifí le haghaidh earraí tionsclaíocha, bacainní neamhtharaife a bheidh á mbaint, agus an gá go n-áiritheodh an tAontas an leibhéal céanna rochtana ar an margadh ar a laghad a d’fhéadfadh an India a dheonú do thríú tíortha eile.

Le linn an phlé, chuir na hairí in iúl freisin go dtacaíonn siad le bailchríoch a chur go pras ar an obair atá déanamh ar na comhaontuithe a caibidlíodh cheana agus le leanúint den rannpháirtíocht sa chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair.

Aon ghnó eile

Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoina thuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú bheartas trádála an Aontais, agus chuir an Coimisinéir Šefčovič i láthair a thuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú.

Chuir an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn agus an tSualainn na hairí ar an eolas faoina n-iarrataí ar thogra ón gCoimisiún maidir le taraifí breise ar tháirgí a allmhairítear ón Rúis agus ón mBealarúis.

Chuir an Liotuáin na hairí ar an eolas freisin faoi chúrsaí mar atá ag an teorainn atá aici leis an mBealarúis tar éis an ionsaithe hibridigh a rinneadh le déanaí, agus faoi na gnéithe trádála a bhaineann leis seo, mar shampla, an teorainn a bheith dúnta anois agus an tionchar atá aige seo ar thrácht lasta.

Preasócáidí

Caibidlíocht trádála an Aontais: léaráidí a thaispeánann an Chomhairle, saighead ag dul i dtreo an Choimisiúin Eorpaigh agus deilbhín de dhoiciméad mar léiriú ar thús na caibidlíochta trádála
Caibidlíocht trádála an Aontais (Grafaic faisnéise)

Caibidlíocht trádála an Aontais (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Samhain 2025