Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20 Samhain 2025

Na príomhthorthaí

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, ag eascairt as an méid a bhí le rá ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, a thug forléargas i bhfíschomhdháil ar chúrsaí san Úcráin agus ar na tosaíochtaí is práinní atá ag an Úcráin.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Thacaigh an tAontas Eorpach riamh le síocháin chóir, mharthanach agus chuimsitheach. [...] Níl aon athrú tagtha ar an seasamh atá againn. Chun go n-éireoidh le haon phlean síochána, ní mór don Úcráin tacú leis, agus ní mór don Eoraip tacú leis. [...] Tá plean dhá phointe ag an Aontas atá an-soiléir: ar an gcéad dul síos, an Rúis a lagú agus ar an dara dul síos, tacú leis an Úcráin.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Díríodh sa phlé a bhí ag na hairí AE27 ina dhiaidh sin ar bhealaí chun an brú ar an Rúis a mhéadú, go háirithe trí bhearta chun cur isteach ar an scáthchabhlach. Sa chomhthéacs sin, chuir Stiúrthóir Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN), Daniel Markić, agus toscaire smachtbhannaí an Aontais, David O’Sullivan, an Chomhairle ar an eolas faoi thionchar na smachtbhannaí.

Tá na sonraí an-soiléir. Tá an méid amhola atá á onnmhairiú ón Rúis ar an méid is ísle uaithi le roinnt míonna anuas. Tá an t-ioncam cánach atá á ghiniúint ag an Rúis ó ola i láthair na huaire ar an ioncam is ísle atá ginte aici ó ola ó thús an chogaidh. Tá an Rúis buailte go dona ag na smachtbhannaí agus tá tuilleadh ar na bacáin.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Bhí na hairí den tuairim gur cheart don Aontas leanúint, mar thosaíocht, de dhul sa tóir ar scáthchabhlach na Rúise agus gur cheart leanúint den obair chun bearta sriantacha breise a fhorchur ar an scáthchabhlach.

Luaigh go leor airí freisin a thábhachtaí atá tacaíocht airgeadais don Úcráin.

Ar deireadh, cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar ghréasán iarnróid na Polainne agus faoi ghníomhaíochtaí hibrideacha eile i gcoinne Bhallstáit an Aontais.

An staid sa Mheánoirthear

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an staid sa Mheánoirthear.

Maidir le Gaza, is athrú ó bhonn é an rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le haghaidh fórsa cobhsaíochta idirnáisiúnta. Braitheann an tsíocháin ar gan ról a bheith ag Hamas, ach braitheann sí freisin ar ról a bheith ag comhpháirtithe idirnáisiúnta. Tá foireann an Aontais ag obair cheana féin sa Lárionad Comhordúcháin, ag díriú ar shaincheisteanna daonnúla agus slándála.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Phléigh an Chomhairle roghanna chun úsáid mhisin CBSC an Aontais ar an láthair a leathnú, agus go háirithe Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh (EUBAM) do phointe trasnaithe Rafah a leathnú chuig pointí trasnaithe eile. Phléigh na hairí freisin cibé an bhféadfadh misean tacaíochta póilíneachta an Aontais do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le hoiliúint a chur ar phóilíní na Palaistíne.

Lón neamhfhoirmiúil airí AE-ASEAN

Bhí lón neamhfhoirmiúil ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) le hairí ó thíortha ASEAN. Díríodh sa phlé ar an gcaoi ar féidir leis an Aontas agus ASEAN an comhar a dhoimhniú maidir le hathléimneacht gheopholaitiúil agus slándáil gheopholaitiúil chomh maith le hullmhú do chomóradh 50 bliain an chaidrimh dhéthaobhaigh in 2027.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

As seo go ceann cúpla lá, beidh 70 toscaireacht ag freastal ar ár bhFóram Ind-Chiúin-Aigéanach. Tá ár slándáil idirnasctha. Tá tábhacht lena dtiteann amach san Eoraip don Áise. Tá tábhacht lena dtiteann amach san Áise don Eoraip. Leis an obair a dhéanaimid lenár gcomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i réimsí ar nós na slándála eacnamaíche, slabhraí soláthair agus chosaint an bhonneagair chriticiúil, tugaimid aghaidh ar an domhan seo atá níos contúirtí.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

An tSaiheil

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an staid sa tSaiheil, agus bhailíochtaigh sí na prionsabail a bhaineann le cur chuige athnuaite an Aontais i leith réigiún na Saiheile. Tá an cur chuige dírithe ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus taidhleoireachta, ar shlándáil an duine agus ar dheiseanna eacnamaíocha, agus tá sé d’aidhm aige tuilleadh coinbhleachta a chosc, dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce agus an choireacht eagraithe a chomhrac.

An tSúdáin

Phléigh an Chomhairle an staid sa tSúdáin tar éis do na Fórsaí Mear-Thacaíochta El Fasher a urghabháil agus ghlac sí bearta sriantacha i gcoinne Abdelrahim Hamdan Dagalo, ceannaire tánaisteach na bhFórsaí Mear-Thacaíochta. Coinneoidh an tAontas an tSúdáin mar thosaíocht ar an gclár oibre agus pléifidh sé aon bheart iomchuí eile.

Ina theannta sin, d’eisigh an tAontas ráiteas inar iarradh ar na páirtithe uile sa choinbhleacht tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht chun sos cogaidh marthanach a bhaint amach láithreach.

Míreanna eile ar an gclár oibre

D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar dheichniúr atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine agus cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Rúis.

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí ina gcuirtear in iúl gur díol sásaimh di an Comhshocrú don Mheánmhuir, rud a dhearbhaíonn gur tosaíocht straitéiseach de chuid an Aontais é réigiún na Meánmhara.

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis dhigiteach idirnáisiúnta don Aontas a chur chun cinn. Leagtar amach sna conclúidí fís uaillmhianach maidir leis an gcaoi a nglacfaidh an tAontas páirt i ngnóthaí digiteacha domhanda.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Nollaig 2025