"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20 Deireadh Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
Fogha na Rúise faoin Úcráin
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, ag eascairt as an méid a bhí le rá ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, a bhí i láthair ag an gcruinniú le forléargas a thabhairt ar chúrsaí san Úcráin, ar na tosaíochtaí is mó agus is práinní atá ag an Úcráin agus ar chúrsaí taidhleoireachta.
Rinne an Chomhairle cur agus cúiteamh ina dhiaidh sin maidir leis an gcaoi a bhféadfaí teannadh ar an Rúis, leis an 19ú pacáiste smachtbhannaí i measc bealaí eile.
Tá an Úcráin faoi réir do shos cogaidh neamhchoinníollach - agus bhí i mí Feabhra seo caite, ach ní suim leis an Rúis an tsíocháin. Tacaímid uilig leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Uachtarán Trump agus é ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh, ach ní dhéanfaidh Putin caibidlíocht cheart murab é an chaoi a gceapann sé go bhfuiltear ag buachan air.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Dhírigh an Chomhairle ina dhiaidh sin ar an gcaoi le tuilleadh tacaíochta idir mhíleata agus airgeadais, a thabhairt don Úcráin, lena n-áirítear trí shócmhainní blocáilte a úsáid, i gcomhthéacs na n-ionsaithe a rinne an Rúis le déanaí ar bhonneagar fuinnimh agus i gcomhthéacs an gheimhriúcháin.
Mar a chuala muid ón Aire Sybiha, is ag dul i méid agus i líon atá na hionsaithe sceimhlitheoireachta atá á ndéanamh ag an Rúis ar an eangach fuinnimh. Níl ón Rúis ach an oiread dochair is féidir a dhéanamh do na sibhialtaigh. Tá iarrtha againn ar an gCoimisiún Eorpach bearta breise a mholadh chun gur fearr a thacófar leis an tslándáil fuinnimh san Úcráin. D’aontaigh na Ballstáit freisin go ndéanfaidís teagmháil le tríú tíortha chun trealamh deisiúcháin a dhaingniú agus seachadtaí gáis chuig an Úcráin a mhéadú.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Rinne an tArdionadaí trácht ina dhiaidh sin ar an scáthchabhlach atá ag muintir Mhoscó, agus d’fhógair sí go gcuirfeadh an Eorpach treise lena freagairt don scáthchabhlach agus go ndéanfaí comhordú níos fearr ar an bhfreagairt sin.
Mar fhocal scoir, chuir an tArdionadaí in iúl don Chomhairle go bhfuil gealltanas tugtha ag 26 Bhallstát go dtí seo a bheith ina bpáirtithe sa Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin.
An caidreamh idir an tAontas agus an réigiún Ind‑Chiúin‑Aigéanach
Chíor an Chomhairle an caidreamh idir an tAontas agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus d’fhormheas sí tacar conclúidí maidir leis an India agus tacar eile maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach.
Is comhpháirtí mór ag an Aontas Eorpach an réigiún sin. Is eadrainn a dhéantar breis agus 70 faoin gcéad den trádáil dhomhanda in earraí agus i seirbhísí. An mhí seo chugainn, déanfaimid an Fóram Aireachta idir an tAontas agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a óstáil sa Bhruiséil, a thabharfaidh 80 toscaireacht le chéile, rud a fhágfaidh go mbeidh sé ar cheann de na cruinnithe taidhleoireachta is mó san Eoraip i mbliana. Léiriú é an méid sin ar ár dtiomantas do chomhar níos dlúithe le comhpháirtithe maidir le trádáil, teicneolaíocht agus slándáil.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Rinne an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha plé ar chúrsaí sa Mheánoirthear, i bhfianaise an chomhaontaithe maidir leis an gcéad chéim den Phlean Cuimsitheach chun deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza a thíolaic an tUachtarán Trump an 29 Meán Fómhair, agus i bhfianaise an chomhaontaithe go gcuirfí tús leis an gcéad chéim den chur chun feidhme an 10 Deireadh Fómhair, céim a bhfuil sos cogaidh i gceist léi.
Maidir leis an Meánoirthear, tá an chéad tástáil struis déanta ar an sos cogaidh in Gaza. Tá an sos comhraic á chur i mbaol go mór de bharr ionsaithe a bheith á ndéanamh ag Hamas ar shibhialtaigh na Palaistíne agus de bharr Hamas a bheith ag diúltú dí-armáil. Is é an tAontas is mó a thugann tacaíocht airgeadais d’Údarás na Palaistíne agus is é an deontóir daonnúil is mó atá ag Gaza é. Tá lucht an mhisin cúnaimh teorann faoi réir le himscaradh.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Phléigh an Chomhairle an chaoi a bhféadfadh an tAontas tacaíocht iomlán a thabhairt don phlean síochána, trí thacaíocht bhreise rialachais agus atógála a chur ar fáil, i measc rudaí eile. Thug na hairí aghaidh freisin ar na bearta a bhí molta ag an gCoimisiún Eorpach maidir le hIosrael.
Leis an sos comhraic, tá athrú tagtha ar an gcomhthéacs, mar is eol do chách. Mar sin féin, mura bhfeicimid athrú mór marthanach ar chúrsaí, agus níos mó cabhrach ag dul chomh fada le Gaza, beidh an baol i gcónaí ann go gcaithfeadh smachtbhannaí a bheith i gceist.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Faoi chúrsaí reatha, rinne an tArdionadaí trácht ar Phoblacht na Moldóive agus ar thoradh an toghcháin a bhí ann le déanaí a léirigh go raibh an-tacaíocht ann do thodhchaí Eorpach. Phléigh an Chomhairle an chiall a bhí ceannaithe agus dúirt go seolfadh sí tionscnamh leis na modhanna breathnóireachta toghchán a nuachóiriú a thuilleadh.
Rinne an tArdionadaí tagairt do chúrsaí sa tSeoirsia agus d’inis sí do na hairí faoin méid a bhí tite amach ann le déanaí, lena n-áirítear na toghcháin bhardasacha a bhí ann an 4 Deireadh Fómhair 2025 agus an cúlú daonlathach atá á fheiceáil faoi láthair. Chuir an tArdionadaí i bhfios go raibh an Coimisiún le tuarascáil a thíolacadh i dtreo dheireadh na bliana maidir leis an sásra fionraíochta víosaí agus go mbeadh deis ag na hairí machnamh a dhéanamh ar na bearta a bheadh le déanamh amach anseo.
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi chúrsaí sa tSúdáin agus d’fhormheas sí conclúidí maidir leis an staid sa tír sin.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an gComhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus na Náisiún Aontaithe um an tSíocháin agus an tSlándáil a uasghrádú: Tosaíochtaí Comhpháirteacha 2025-2028.
Cruinniú Aireachta maidir le Slándáil agus Nascacht thrasréigiúnach
Nuair a bhí deireadh leis an Comhairle Gnóthaí Eachtracha, thionóil an tArdionadaí an Cruinniú Aireachta maidir le Slándáil agus Nascacht Thrasréigiúnach i dteannta na gCoimisinéirí Kos agus Síkela.
Tháinig airí an Aontais, airí Chomhpháirtíocht an Oirthir, airí na Mara Duibhe agus airí na hÁise Láir le chéile ag an gcruinniú, agus é mar chuspóir acu clár oibre trasréigiúnach nascachta a chur chun cinn go comhpháirteach agus an chobhsaíocht réigiúnach a threisiú.
Dhá sheisiún a bhí i gceist leis an gcruinniú aireachta: seisiún amháin a bhí dírithe ar chúrsaí slándála, cobhsaíocht agus athléimneachta i réigiún na Mara Duibhe, agus Ballstáit an Aontais, an Airméin, an Airméin, an Asarbaiseáin, poblacht na Moldóive, an Tuirc agus an Úcráin páirteach ann; agus seisiún eile a raibh Ballstáit an Aontais, Comhpháirtíocht an Oirthir, an Mhuir Dhubh agus tíortha na hÁise Láir rannpháirteach ann agus inar díríodh ar na deiseanna agus na dúshláin chomhroinnte a bhaineann le comhar nascachta trasréigiúnach.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.