Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 11 Feabhra 2014

Díreoidh Comhairle Eorpach an Earraigh ar an ngeilleagar, ar an athrú aeráide agus ar chaidreamh AE-na hAfraice

D'ullmhaigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha cruinniú na Comhairle Eorpaí a bheidh ar siúl an 20 agus an 21 Márta.

Sa chruinniú a bheidh ag ceannairí stáit nó rialtais AE a bheidh ar siúl, díreofar ar an dá phríomhábhar a leanas:

  • fás, iomaíochas agus poist
  • caidreamh seachtrach.

Faoin gcéad ábhar, tabharfaidh an Chomhairle Eorpach i gcrích an chéad chéim de Sheimeastar Eorpach 2014: déanfaidh sí measúnú ar an dul chun cinn a baineadh amach ó thaobh na moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a chur chun feidhme, ar moltaí iad a tugadh do na Ballstáit in 2013, agus cuirfidh sí treoir ar fáil do na Ballstáit maidir lena gclár Cobhsaíochta 2014 nó a gclár um Chóineasú agus a gclár náisiúnta um athchóiriú a ullmhú.

De bhreis air sin, cuirfidh na ceannairí béim láidir ar roinnt saincheisteanna a bhaineann le hiomaíochas tionsclaíoch, amhail costas an fhuinnimh sa táirgeadh tionsclaíoch, an mí-oiriúnú scileanna, an fhorbairt bhonneagair, an paitinniú, slabhraí luacha domhanda.

Tionólfaidh siad díospóireacht beartais freisin maidir le creat don aeráid agus don fhuinneamh in 2020-2030.

Díreofar sa phlé maidir le caidreamh seachtrach ar an ullmhúchán atá á dhéanamh do chruinniú mullaigh AE-na hAfraice a bheidh ar siúl an 2 agus an 3 Aibreán. Tionólfaidh na ceannairí díospóireacht ina bpléifear go mion caidreamh AE leis an Afraic.

Príomhábhair eile ar an gclár oibre

An Eilvéis

Thionóil na hAirí plé maidir le toradh reifrinn a reáchtáladh san Eilvéis thar an deireadh seachtaine. D'iarr an Chomhairle ar an Eilvéis na hoibleagáidí atá uirthi maidir le saorghluaiseacht saoránach a urramú.

"Urramaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh nósanna imeachta daonlathacha inmheánacha na hEilvéise agus toradh an reifrinn. Ar an taobh eile, tá súil ag an gComhairle go n-urramóidh Cónaidhm na hEilvéise na hoibleagáidí atá uirthi a eascraíonn as na comhaontuithe agus na conarthaí atá aici leis an Aontas Eorpach", a dúirt Evangelos Venizelos, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Gréige a bhí mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

An togra maidir le hArbhar Indiach géinmhodhnaithe a chur ar an margadh

Níor tháinig an Chomhairle ar chomhaontú go fóill, i bhfabhar nó i gcoinne an togra ón gCoimisiún, lena n-údarófaí táirge arbhair (Zea mays L., líne 1507) a chur ar an margadh lena shaothrú; déantar an táirge arbhair a ghéinmhodnú mar go bhfuil sé frithsheasmhach in aghaidh lotnaidí áirithe féileacán (lepidoptera).

Ceanglaítear leis na rialacha go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh i gcásanna den chineál sin.

Clár oibre Uachtaránacht na Gréige

Chur Uachtaránacht na Gréige a clár oibre i láthair, agus phléigh an Chomhairle é.

    Ceapachán Leas-Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta deBCE

    Ghlac an Chomhairle cinneadh lena gceaptar Sabine Lautenschläger mar leas-Chathaoirleach an bhoird maoirseachta den Bhanc Ceannais Eorpach a cruthaíodh le déanaí.

    Treoracha le haghaidh athchóiriú ar an soláthar poiblí a ghlacadh

    Ghlac na hAirí na treoracha lena ndírítear ar an soláthar poiblí in AE a nuachóiriú. Cuirfear feabhas leo ar raon leathan réimsí a bhaineann leis an soláthar earraí, oibreacha agus seirbhísí.

    Comhaid na gcruinnithe

    Faisnéis phreasa

    Teagmhálaithe preasa

    Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

    Creidiúnú agus preasócáidí

    Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

    Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

    Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

    Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

    Féach tuilleadh cruinnithe

    An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025