Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí Eorpacha, 17 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

Idirphlé maidir leis an smacht reachta

Bhí díospóireacht ag na hairí den chéad uair mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta, inar díríodh ar an staid i gcúig Bhallstát ar leith. Ba iad an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg agus an Eastóin na chéad tíortha inar scrúdaíodh príomhfhorbairtí [ord prótacail].

Ar cheann de na gnéithe a pléadh, bhí an chéad tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an smacht reachta, a eisíodh i mí Mheán Fómhair seo caite, inar cumhdaíodh ceithre ábhar: na córais cheartais; an creat frithéillithe; iolrachas na meán; saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin.

Michael Roth, Aire Stáit na Gearmáine don Eoraip
Gné úrnua d’idirphlé bliantúil na Comhairle maidir leis an smacht reachta is ea an plé tírshonrach. Tá sé de rún aige atmaisféar dearfach cuiditheach a chruthú, áit ar féidir forbairtí achrannacha a aithint sula mbeidh sé ródhéanach agus inar féidir dea-chleachtais a mhalartú. Leis sin, is mian linn idirphlé coisctheach a bhunú agus comhthuiscint a fhorbairt maidir leis an smacht reachta, rud atá ina chuid lárnach de luachanna an Aontais.
Michael Roth, Aire Stáit na Gearmáine don Eoraip
Michael Roth, Aire Stáit na Gearmáine don Eoraip

Méadú

Chuir Uachtaránacht na Gearmáine na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis an bplé faoi sheasamh ginearálta an Aontais agus faoi na nósanna imeachta maidir le caibidlíocht aontachais i ndáil le Poblacht na Macadóine Thuaidh agus Poblacht na hAlbáine. Ní mór creat caibidlíochta a bheith ann chun cainteanna aontachais a oscailt go foirmiúil le tír is iarrthóir. Tá sé d’aidhm ag an Uachtaránacht go ndéanfar na creataí caibidlíochta agus na socruithe inmheánacha a fhormheas in am chun go mbeifear in ann na chéad chomhdhálacha idir-rialtasacha a thionól leis an dá thír is iarrthóir in 2020, arb é an chéim lena seoltar an nós imeachta go hoifigiúil, má chomhlíontar na coinníollacha.

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus an pacáiste téarnaimh

Bhreithnigh na hairí na forbairtí maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile agus maidir leis an bpacáiste téarnaimh.

An 5 Samhain, tháinig an Uachtaránacht agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le córas ginearálta coinníollachta nua chun buiséad an Aontais a chosaint. Tugadh na teagmhálacha tríthaobhacha le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún i gcrích, an 10 Samhain, a raibh sé d’aidhm acu toiliú na Parlaiminte a chinntiú do Rialachán CAI. D’fhág sin go rabhthas in ann an pacáiste iomlán a chur faoi bhráid na mBallstát lena fhormhuiniú.

Le linn an phlé, b’oth leis na hairí go raibh constaicí nua tagtha chun cinn sa phróiseas formheasa, rud a chuir glacadh tráthúil an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile agus an phacáiste téarnaimh i mbaol. Chuir roinnt cainteoirí i dtreis a thromchúisí atá an scéal agus d’iarr siad go mbeadh cur chuige freagrach ann ó gach duine i gcomhthéacs an dara babhta de phaindéim COVID-19, rud a d’fhág go raibh cláir an Aontais agus tacaíocht airgeadais thar a bheith tábhachtach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus don téarnamh eacnamaíoch.

Comhairle Eorpach mhí na Nollag

Phléigh na hairí an clár oibre do chruinniú na Comhairle Eorpaí a thionólfar an 10-11 Nollaig. Breithneoidh an Chomhairle Eorpach an staid mar atá agus pléifidh sí an iarracht chomhordúcháin fhoriomlán a cuireadh ar fáil mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, obair ar vacsaíní agus ar thástáil san áireamh.

Fillfidh an Chomhairle Eorpach ar shaincheist an athraithe aeráide chun teacht ar chomhaontú maidir le sprioc nua do 2030 i ndáil le laghdú ar astaíochtaí an Aontais agus tabharfaidh sí aghaidh ar shaincheisteanna slándála go háirithe comhrac na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh.

Fillfidh an Chomhairle Eorpach freisin ar an staid mar atá sa Mheánmhuir Thoir agus ar an gcaidreamh leis an Tuirc.

Beidh plé straitéiseach ag an gComhairle Eorpach maidir le caidreamh an Aontais le Comharsanacht an Deiscirt.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025