"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 22 Meán Fómhair 2020
Na príomhthorthaí
Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na dréachtchonclúidí don chruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach – cruinniú a thionólfar an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair.
Ag an gcruinniú a bheidh acu, pléifidh ceannairí an Aontais an margadh aonair, an beartas tionsclaíoch agus an claochlú digiteach. Anuas air sin, beidh malartú tuairimí acu maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSín agus beidh plé straitéiseach acu maidir leis an Tuirc.
An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Chuir Príomh-Idirbheartaí an Aontais, Michel Barnier, na hairí ar an eolas faoin staid mar atá sa chaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, faoi chur chun feidhmean chomhaontaithe um tharraingt siar agus ar ullmhacht an Aontais i bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse ar an 31 Nollaig 2020.
D’athdhearbhaigh na hairí a dtacaíocht don phríomh-idirbheartaí agus dá shainordú, agus chuir siad in iúl go raibh gach dóchas acu go bhféadfaí tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sa chéad bhabhta eile den chaibidlíocht – caibidlíocht atá beartaithe don tseachtain dar tús an 28 Meán Fómhair. Chuir siad i dtreis freisin nach mór cloí lena bhfuil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.
An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus an pacáiste téarnaimh
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir leis na teagmhálacha tríthaobhacha a tionóladh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún ó dheireadh mhí Lúnasa chun an toiliú is gá a fháil ó Pharlaimint na hEorpa i ndáil leis an rialachán CAI.
Sa phlé sin, díríodh ar acmhainní dílse nua, ar an rialachas maidir le hIonstraim Théarnaimh an Aontais, ar chlúdaigh chláir an Aontais agus ar shaincheisteanna cothrománacha, amhail an aeráid, inscne agus an bhithéagsúlacht. Tá na foirne caibidlíochta ar a mbionda chun an próiseas a thabhairt chun críche go tapa.
Bhí roinnt dóibh siúd a labhair den bharúil gur mar aon phacáiste amháin is ceart caitheamh le CAI agus leis an ionstraim téarnaimh. Ina theannta sin, leag na hairí béim ar an ngá atá leis na nósanna imeachta go léir a thabhairt chun críche, a luaithe is féidir, ionas go mbeifear in ann cabhrú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin sin atá thíos leis an bpaindéim agus ionas go mbeifear in ann a chinntiú go gcuirfear tús tráthúil leis na cláir nua.
Táim sásta go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta san idirphlé a bhí againn leis an bParlaimint. Is den tábhacht anois go dtabharfaí an próiseas sin chun críche go beo. Tá lorg nach beag fágtha ag an bpaindéim ar ár sochaithe agus ar ár ngeilleagair agus ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair – agus é sin a dhéanamh gan mhoill – chun cabhrú leis na Ballstáit, leis na réigiúin agus leis na hearnálacha sin is mó atá buailte.
Michael Roth, Aire Stáit Cónaidhme Eorpach na Gearmáine
Ar bhonn tuarascáil ar dhul chun cinn ón Uachtaránacht, phléigh na hairí cé mar is féidir comhar níos fearr a bhaint amach ar leibhéal an Aontais maidir le bearta náisiúnta lena dteorannaítear an tsaorghluaiseacht le linn phaindéim Covid-19. Chuir na Ballstáit in iúl go dtacaíonn siad, a bheag nó a mhór, leis an gcur chuige atá molta maidir le bailiú agus cur i láthair sonraí ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, agus leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le cumarsáid shoiléir agus thráthúil idir na Ballstáit agus leis an bpobal. Féachfaidh siad freisin ar bhealaí chun comhordú a dhéanamh ar mheasúnú riosca, ar ainmniú na réimsí riosca agus na mbeart atá le cur i bhfearas.
Leanfar leis an obair sa Chomhairle sna seachtainí amach romhainn d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le moladh ón gComhairle.
Cuireann srianta ar an tsaorghluaiseacht isteach ar shaol laethúil an-chuid saoránach, bídís ag taisteal ag an obair, ag bualadh lena muintir nó ag spaisteoireacht. D’athdhearbhaigh na Ballstáit go bhfuil rún daingean acu comhordú na mbeart sin a fheabhsú, d’fhonn trédhearcacht agus intuarthacht níos fearr a chinntiú do chách. Is é leas na coiteann Schengen agus an Margadh Aonair a chosaint.
Michael Roth, Aire Stáit Cónaidhme Eorpach na Gearmáine
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE, thug an Coimisiún na hairí cothrom le dáta faoina bhfuil tite amachsa Pholainn agus san Ungáiró dheireadh na bliana seo caite. I ngeall ar phaindéim COVID-19 agus ar an ábhar nár tionóladh aon chruinniú fisiciúil den Chomhairle, chinn ar an gComhairle aon phlé a dhéanamh faoi Airteagal 7 i mbliana.
Dhírigh an Coimisiún, ina fhorléargas ar an bPolainn, ar smachtbhannaí araíonachta do bhreithiúna agus ar chur chun feidhme ordú na Cúirte Breithiúnais an 8 Aibreán 2020 maidir le Seomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí. Maidir leis an Ungáir, thug an Coimisiún cuntas ar a bhfuil tite amach i roinnt réimsí, neamhspleáchas na mbreithiúna, an t-iolrachas sna meáin agus an tsaoirse acadúil san áireamh.
Clársceidealú reachtach
Chuir an Coimisiún litir intinne faoi bhráid na Comhairle maidir lena dhréachtchlár oibre do 2021 agus maidir lena Thuarascáil Réamhamhairc Straitéisigh do 2020, clár a bheidh ina ionchur do na gníomhaíochtaí clársceidealaithe ilbhliantúil atá ar na bacáin idir institiúidí an Aontais.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.