Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 19 Samhain 2024

Na príomhthorthaí

Beartas comhtháthaithe agus iomaíochas an Aontais

Thosaigh na hairí le lón neamhfhoirmiúil, inar phléigh siad ról an bheartais chomhtháthaithe maidir le hiomaíochas an Aontais a fheabhsú.

<p>János Bóka, Aire de chuid na hUngáire um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

Tugann Uachtaránacht na hUngáire tús áite do mhúnlú an bheartais comhtháthaithe chun timpeallacht eacnamaíoch a chruthú a thacaíonn leis an athléimneacht agus leis an bhfás ar fud na mBallstát. Is uirlis ríthábhachtach i gcónaí é an beartas comhtháthaithe chun an t-iomaíochas a fhorbairt laistigh den Aontas, rud a chuireann ar chumas na réigiún an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tacú le héiceachórais réigiúnacha nuálaíochta, agus straitéisí speisialtóireachta cliste a chur chun cinn lena spreagtar forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe.

<p>János Bóka, Aire de chuid na hUngáire um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

János Bóka, Aire de chuid na hUngáire um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

Comhairle Eorpach mhí na Nollag

Chuir an Chomhairle tús leis an gcruinniú den Chomhairle Eorpach an 19-20 Nollaig 2024 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte.

Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí na Nollag, tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh ar an méid seo a leanas:

  • an Úcráin
  • an Meánoirthear
  • Ról an Aontais sa domhan mór
  • Athléimneacht, ullmhacht, cosc ​​ar ghéarchéimeanna agus freagairt orthu
  • an imirce
  • Míreanna eile

An t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta, phléigh na hairí staid an smachta reachta i Málta, san Ísiltír, san Ostair agus sa Pholainn.

Cuireadh tús le hidirphlé bliantúil na Comhairle maidir leis an smacht reachta in 2014. Fágann sé gur féidir barúlacha agus dea-chleachtais maidir le forbairtí i ndáil leis an smacht reachta a mhalartú go hoscailte ar fud an Aontais agus i mBallstáit aonair, agus oibiachtúlacht, neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann na mBallstát uile á n-áirithiú ag an am céanna.

Nós imeachta Airteagal 7

Pléigh na hAirí freisin, mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE, an méid atá tite amach maidir le hurraim do luachanna an Aontais san Ungáir.

Chuir an Coimisiún an t-eolas is déanaí ar fáil do na hairí maidir leis na forbairtí is déanaí san Ungáir agus bhí deis ag na hairí a mbarúlacha a chur in iúl. Chuir an Ungáir a barúlacha i láthair.

Chinn an Uachtaránacht go bhfuil an t-ábhar á bhreithniú i gcónaí ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta.

Sheol Parlaimint na hEorpa nós imeachta Airteagal 7 maidir leis an Ungáir in 2018. Bhí sé ar chlár oibre na Comhairle go deireanach i mí an Mheithimh 2024, nuair a tionóladh éisteacht na hUngáire.

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025