Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 24 Meán Fómhair 2024

Na príomhthorthaí

Tosaíochtaí na hUachtaránachta

Chuir Uachtaránacht na hUngáire na tosaíochtaí dá téarma oifige, ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2024, i láthair.

Tá na tosaíochtaí foriomlána seo a leanas leagtha síos ag Uachtaránacht na hUngáire dá seimeastar:

  • comhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa
  • beartas cosanta na hEorpa a threisiú
  • beartas um méadú atá comhsheasmhach agus bunaithe ar fhiúntas
  • imirce neamhdhleathach a shrianadh
  • todhchaí an bheartais comhtháthaithe a mhúnlú
  • beartas talmhaíochta de chuid an Aontais atá dírithe ar fheirmeoirí
  • aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha

A mhéid a bhaineann le foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, leanfaidh an Uachtaránacht den obair maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Straitéisigh, an smacht reachta, trédhearcacht agus sláine, athléimneacht dhaonlathach, todhchaí na hEorpa, méadú, comhrac an fhrithsheimíteachais agus saol na nGiúdach a chothú, an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, an caidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis, agus Comhaontuithe Comhlachais le hAndóra agus San Mairíne, i measc rudaí eile.

<p>János Bóka, Aire na hUngáire um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

Ceann de phríomhthosaíochtaí Uachtaránacht na hUngáire is ea beartas um méadú a shaothrú a bheidh bunaithe ar fhiúntas agus a bheidh cothrom agus inchreidte. Tá sé mar aidhm againn dlús nua a chur le próiseas lánpháirtithe na mBalcán Thiar, agus é á aithint againn nach bhfuil an tAontas iomlán gan iad a bheith mar chuid de. Táimid ag súil le dul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir le haontachas na dtíortha is iarrthóirí sin leis an Aontas, rud a neartóidh an comhar, tríd an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar atá ar na bacáin agus tríd an gComhphobal Polaitiúil Eorpach.

<p>János Bóka, Aire na hUngáire um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

János Bóka, Aire na hUngáire um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

An t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Mar chuid d’idirphlé bliantúil na Comhairle maidir leis an smacht reachta, bhí plé ag na hairí maidir lena bhfuil ag titim amach i gcoitinne i ndáil leis an smacht reachta san Aontas, agus leas á bhaint acu as tuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta.

Cumhdaíodh ceithre réimse a bhaineann leis an smacht reachta sa díospóireacht: an córas ceartais, an creat i gcoinne an éillithe, iolrachas agus saoirse na meán, agus saincheisteanna idirinstitiúideacha eile a bhaineann leis an gcóras srianta agus ceartúchán.

Le linn an phlé, ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn maith a rinneadh ar an iomlán maidir le moltaí an Choimisiúin a chomhlíonadh agus maidir le tíortha is iarrthóirí a áireamh i dtuarascáil na bliana seo. D’athdhearbhaigh siad go dtacaíonn siad leis an gcleachtadh mar uirlis úsáideach chun athchóirithe náisiúnta a threorú agus mheas siad go raibh sé tábhachtach leanúint den idirphlé agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i ngach Ballstát.

Meastar go mbeidh plé tírshonrach ag an gComhairle ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta i mí na Samhna, ina ndíreofar ar a mbeidh ag titim amach i Málta, san Ísiltír, san Ostair agus sa Pholainn.

An smacht reachta i dtíortha is iarrthóirí

Bhí seisiún faisnéise ag na hairí freisin maidir le treocht fhoriomlán staid an smachta reachta san Albáin, i Montainéagró, sa Mhacadóin Thuaidh agus sa tSeirbia. D'fhreastail airí ó na tíortha lena mbaineann ar an gcruinniú.

Tá ról lárnach ag an smacht reachta i bpróiseas an mhéadaithe mar choinníoll bunúsach do bhallraíocht san Aontas. I mbliana, cuireadh an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia, na tíortha is iarrthóirí is faide ar aghaidh sa phróiseas aontachais agus a mhéid a bhaineann lena leibhéal ullmhachta i ndáil leis an smacht reachta, cuireadh san áireamh iad den chéad uair i dtuarascáil an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta.

I bhfianaise an mhéid sin, bhí malartú ginearálta ag na hairí leis na tíortha is iarrthóirí sin maidir le cúrsaí a bhaineann leis an smacht reachta, agus iad á dtreorú ag caibidil chothrománach thuarascáil 2024 ón gCoimisiún. Mhol siad na hathchóirithe cuimsitheacha atá curtha chun feidhme acu nó ar chuir siad tús leo chun an smacht reachta a neartú agus mhol siad do na ceithre thír is iarrthóirí leanúint dá n-iarrachtaí athchóirithe agus iad ag ullmhú do bhallraíocht san Aontas.

Díríodh sa phlé ar threochtaí ginearálta maidir leis an smacht reachta amháin agus níor eisíodh aon chonclúidí foirmiúla tar éis na díospóireachta. Leanfar den phlé ar an smacht reachta i dtíortha is iarrthóirí aonair faoi chuimsiú phróiseas an mhéadaithe.

Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán don chruinniú den Chomhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair 2024 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte.

Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí Dheireadh Fómhair, tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar an staid sa Mheánoirthear. Beidh an chéad seisiún tuairimíochta acu freisin i ndáil leis an tuarascáil ó Mario Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa. I measc na n-ábhar eile a d’fhéadfaí a phlé tá an imirce, agus an tslándáil agus an chosaint.

Mar chuid de Sheimeastar Eorpach 2024, iarrfar ar an gComhairle Eorpach na moltaí comhtháite tírshonracha a fhormhuiniú.

Faoi ‘Ábhair eile’, déanfaidh na ceannairí staid na n-ullmhúchán a mheas do chruinniú COP29 maidir leis an athrú aeráide agus do cruinniú COP16 maidir leis an mbithéagsúlacht. Féadfaidh siad aghaidh a thabhairt freisin ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann leis an mbeartas eachtrach i bhfianaise a dtarlóidh, lena n-áirítear forbairtí sa tSeoirsia agus sa Mholdóiv.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025