Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 28 Samhain 2024

Na príomhthorthaí

Beartas comhtháthaithe agus dúshláin dhéimeagrafacha

Mar chuid den phlé atá ar siúl faoi láthair maidir lena bhfuil i ndán don bheartas comhtháthaithe, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha san Aontas.

Leis na conclúidí, comhlánaítear na conclúidí ón gComhairle roimhe seo maidir le todhchaí an bheartais comhtháthaithe agus tá siad ceaptha chun bonn eolais a chur faoi obair an Choimisiúin ar an gcéad chreat reachtach comhtháthaithe eile.

Sna conclúidí uaithi, aithníonn an Chomhairle go bhféadfadh dúshláin dhéimeagrafacha difear suntasach a dhéanamh don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, chomh maith le hathléimneacht agus iomaíochas an Aontais ina iomláine.

Cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir gur cheart freagairtí beartais ar na dúshláin dhéimeagrafacha a bheith i gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais Eorpaigh, agus an saol mar atá go háitiúil agus go réigiúnach á chur san áireamh, agus gur cheart iad a cheapadh agus a chur chun feidhme le rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Measann sé, dá bhrí sin, gur cheart ról ríthábhachtach a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach amach anseo.

Iarrtar ar an gCoimisiún féachaint ar réimsí éagsúla tacaíochta agus sineirgí a fheabhsú i measc chistí an bheartais comhtháthaithe tar éis 2027 chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist, lena n-áirítear trí chuir chuige chríochacha chomhtháite a neartú.

<p>Tibor Navracsics, Aire Riaracháin Phoiblí agus Forbartha Réigiúnaí na hUngáire</p>

Is príomhthosaíocht de chuid Uachtaránacht na hUngáire é an beartas comhtháthaithe. Cuireann sé feabhas ar iomaíochas an Aontais agus cuidíonn sé le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha, mar shampla dídhaonrú agus imirce daoine oilte, atá roimh go leor réigiún san Eoraip. Leis na conclúidí, iarraimid ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ról iomlán ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha amach anseo.

<p>Tibor Navracsics, Aire Riaracháin Phoiblí agus Forbartha Réigiúnaí na hUngáire</p>

Tibor Navracsics, Aire Riaracháin Phoiblí agus Forbartha Réigiúnaí na hUngáire

Cistí comhtháthaithe a bhainistiú tar éis 2027

Phléigh na hairí freisin conas is féidir príomhshócmhainní an bheartais comhtháthaithe a neartú agus conas bainistíocht chomhroinnte na gcistí comhtháthaithe a fheabhsú amach anseo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Is ar pháipéar cúlra ón Uachtaránacht a bunaíodh an seisiún tuairimíochta.

Le linn an phlé, leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá an bhainistíocht chomhroinnte, an rialachas il-leibhéil agus prionsabal na comhpháirtíochta sa bheartas comhtháthaithe. Leag siad béim ar an ngá atá le páirtithe leasmhara áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach i gceapadh agus i gcur chun feidhme an bheartais chun úinéireacht agus éifeachtacht an bheartais a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, rinne a lán cainteoirí argóint i gcoinne lárú féideartha.

Leagadh béim freisin ar a thábhachtaí atá sé cur chuige áitbhunaithe agus cineál fadtéarmach an bheartais comhtháthaithe a chaomhnú, chomh maith leis an ngá atá ann an chothromaíocht cheart a aimsiú idir tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus riachtanais forbartha na réigiún uile, go háirithe na réigiúin bheagfhorbartha.

Bhí roinnt airí sásta freisin dreasachtaí láidre a chur ar fáil chun athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme sna Ballstáit agus chun cur chuige feidhmíochtbhunaithe maidir leis an mbeartas comhtháthaithe a neartú, ach gan an ghné réigiúnach a chur i mbaol, áfach.

Aon ghnó eile

Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir toscaireacht na Gearmáine na hairí ar an eolas faoi pháipéar leathoifigiúil a fhaigheann tacaíocht ó chúig Bhallstát maidir le dearadh críochach agus cur chun feidhme Chláir na gCistí Struchtúracha.

Chuir toscaireacht na Liotuáine na hairí ar an eolas faoi dhearbhú comhpháirteach ó cheithre Bhallstát maidir le réigiúin an Aontais atá ar theorainn na Rúise agus na Bealarúise.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025