Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 19 Samhain 2024 15:09

É iarrtha ag an gComhairle go ndúnfaí an clár ODR agus go gcuirfí uirlis níos fearr ina ionad

Ghlac an Chomhairle rialachán chun an Clár Eorpach um Réiteach Díospóidí ar Líne (an clár ODR) a dhúnadh agus deireadh a chur leis na hoibleagáidí gaolmhara atá ar riaracháin agus ar ghnólachtaí ar líne. I gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún, measann an Chomhairle nach dtugann leibhéal feidhmíochta an chláir ODR atá ann cheana údar leis na costais phoiblí agus phríobháideacha atá riachtanach chun é a choimeád.

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis don Chomhairle a seasamh a ghlacadh ar an gcéad léamh, caithfear vótáil arís ar an téacs ar an dara léamh i seisiún iomlánach na Parlaiminte. Má chuirtear ar aghaidh é gan leasuithe, glacfar an gníomh reachtach.

Nuair a bheidh an rialachán sínithe ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus ag Uachtarán na Comhairle, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe.

Cúlra

In aon chaidreamh tráchtála, d’fhéadfadh díospóidí a bheith le réiteach ag trádálaithe agus tomhaltóirí (mar shampla mura seachadtar táirge in am nó i ndea-bhail, nó mura bhfuil an praghas ceannaigh iomlán íoctha ag an tomhaltóir). Le teacht chun cinn na siopadóireachta ar líne, tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndíospóidí. D’fhéadfadh próiseas fada a bheith i gceist le díospóid a réiteach sa chúirt agus bheadh idirghabháil dlíodóirí agus costais nós imeachta ag baint leis sin. Tá bealaí eile ann, áfach, chun fadhbanna a réiteach gan dul chun cúirte.

Glacadh an reachtaíocht Eorpach is déanaí chun sásamh tomhaltóirí lasmuigh den chúirt a rialáil in 2013 agus níor leasaíodh í ó shin. Bhí dhá ghníomh sa phacáiste reachtach: an Treoir maidir le réiteach malartach díospóidí (RMD) agus rialachán maidir le Réiteach Díospóide ar Líne (ODR), lenar cruthaíodh ardán ar líne chun cabhrú le tomhaltóirí agus trádálaithe a ndifríochtaí a réiteach.

Tá an clár ODR i bhfeidhm ó 2016 i leith agus cuireadh réitigh éagsúla ar fáil leis, ar nós caibidlíocht dhíreach idir trádálaithe agus tomhaltóirí nó comhlacht réitigh díospóide a úsáid chun cásanna a láimhseáil. Mar sin féin, d’ainneoin líon mór cuairteanna air, níor cheadaigh an clár ODR ach d’eintiteas RMD 200 cás ar an meán a láimhseáil in aghaidh na bliana ar fud an Aontais.

An 17 Deireadh Fómhair 2023, mhol an Coimisiún pacáiste nua beart chun na rialacha lena rialaítear díospóidí lasmuigh den chúirt a nuachóiriú agus a shimpliú agus chun iad a chur in oiriúint do mhargaí digiteacha: treoir lena leasaítear an treoir RMD agus rialachán, a ghlac an Chomhairle an 19 Samhain 2024, chun an rialachán lenar cruthaíodh an clár ODR a aisghairm.

An 25 Meán Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an treoir RMD, inar moladh, i measc rudaí eile, uirlis dhigiteach nua a chur in ionad an chláir ODR, uirlis nár mhór a fhorbairt 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na treorach athbhreithnithe RMD, ar a dhéanaí. Leis an sainordú caibidlíochta, ceanglaíodh ar an gCoimisiún freisin an uirlis a chur chun cinn agus foráil a dhéanamh maidir lena cothabháil theicniúil. An lá céanna, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an rialachán chun deireadh a chur leis an gclár ODR, rialachán a glacadh go foirmiúil an 19 Samhain 2024.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Eanáir 2025