Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Deireadh Fómhair 2024

Na príomhthorthaí

Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Lean an Chomhairle den ullmhúchán don chruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 17-18 Deireadh Fómhair 2024 trí dhréachtchonclúidí a phlé.

Is ar an méid a leanas a dhíreoidh ceannairí an Aontais ag an gcruinniú a bheidh acu amach anseo:

  • an Úcráin
  • an Meán-Oirthear
  • an t-iomaíochas
  • an imirce
  • an Seimeastar Eorpach 2024
  • míreanna eile

An caidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh go nuige seo sa chaibidlíocht maidir le pacáiste leathan beart mar bhonn don chaidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis a bheidh ann amach anseo, agus bhí seisiún tuairimíochta acu ina dhiaidh sin.

Is é an aidhm don chaibidlíocht an caidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Eilvéis a nuachóiriú agus a dhoimhniú. I measc phríomhghnéithe an phacáiste tá:

  • Forálacha institiúideacha maidir le státchabhair a chuimseofar i gcomhaontuithe atá ann cheana agus a dhéanfar amach anseo leis an Eilvéis maidir leis an margadh inmheánach
  • comhaontú lena gceadaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir an Aontais
  • comhaontú maidir le ranníocaíocht bhuan airgeadais na hEilvéise le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch san Aontas
  • an chaibidlíocht maidir le comhaontuithe leictreachais, sábháilteachta bia agus sláinte

Le linn an tseisiúin tuairimíochta, leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé móiminteam dearfach a choinneáil chun an chaibidlíocht a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2024. Dúirt siad go mbeadh gá le dul chun cinn suntasach, comhthreomhar maidir leis na comhaontuithe uile, go háirithe maidir leis an gcomhaontú i ndáil le saorghluaiseacht daoine agus i ndáil leis an rannchuidiú cothrom, rialta ón Eilvéis leis an gcomhaontú (caithfear leo amhail is dá mba aon phacáiste amháin é).

Iarradh ar an gCoimisiún leanúint dá iarrachtaí, leis an tsolúbthacht is gá lena gcoinnítear an chothromaíocht fhoriomlán, agus é mar chuspóir aige an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích go rathúil i bhfoirm pacáiste aonair cothrom comhaontuithe lena léirítear leas an Aontais.

An frithsheimíteachas a chomhrac

D’fhormheas na hairí dearbhú ón gComhairle maidir le Saol na nGiúdach a chothú agus an frithsheimíteachas a chomhrac. Leagtar béim sa dearbhú ar a thábhachtaí atá comhrac gach cineál frithsheimíteachais, ciníochais, fuatha agus idirdhealaithe, go háirithe i gcomhthéacs an fhrithsheimíteachais atá ag dul i méid san Aontas. Leagtar béim ann freisin ar an ngá atá le saol na nGiúdach a chothú trí chuimhneachán, cultúr agus oideachas, agus trí shábháilteacht agus slándáil na nGiúdach a áirithiú.

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin le Sirpa Rautio, Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir le saol na nGiúdach a chothú agus an frithsheimíteachas a chomhrac. Tá ról lárnach ag an nGníomhaireacht maidir le sonraí, taighde agus anailís ardcháilíochta a bhailiú agus a sholáthar faoi chearta bunúsacha san Aontas agus maidir le treochtaí a shainaithint, lena n-áirítear i réimse chomhrac an fhrithsheimíteachais.

An Seimeastar Eorpach

Mar chuid de Sheimeastar Eorpach 2024, d'fhormheas an Chomhairle moltaí tírshonracha comhtháite agus chinn sí iad a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena bhformheas.

Tar éis don Chomhairle Eorpach na moltaí a fhormhuiniú, glacfaidh an Chomhairle go foirmiúil an tseachtain seo chugainn iad.

Aon ghnó eile

Faoi ‘Aon ghnó eile’, d’ardaigh toscaireacht na Gearmáine pointe maidir leis na forbairtí is déanaí sa tSeoirsia.

Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí maidir leis na forbairtí is déanaí sa chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Ba dhíol sásaimh do na hairí i gcoitinne an rannpháirtíocht dhearfach agus chuir siad in iúl go raibh siad sásta machnamh a dhéanamh ar gcaoi a bhféadfaí an caidreamh a neartú a thuilleadh. Mheabhraigh siad freisin a thábhachtaí atá sé na comhaontuithe atá ann cheana a chur i bhfeidhm go hiomlán, go dílis agus go tráthúil mar réamhchoinníoll do na gealltanais a dhéanfar amach anseo, chomh maith leis an bhfreagracht atá orthu as an gcaidreamh foriomlán idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe laistigh den Chomhairle.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoin obair leantach ar thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus leag sé béim ar na príomhthátail agus ar na ceachtanna a fhoghlaimíodh ó thaobh feabhas a chur ar an ullmhacht agus chun an bhréagaisnéis a chomhrac san am amach anseo.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna neamhreachtacha ‘A’.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025