- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
An cruinniú mullaigh, trí fhíschomhdháil, idir an tAontas Eorpach agus an tSín, 22 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
Tráth a tionóladh, trí fhíschomhdháil, an 22ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, tháinig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, in éineacht leis an Ardionadaí Josep Borrell, le chéile le Príomh-Aire na Síne, Li Keqiang, agus bhí plé acu ina dhiaidh sin le hUachtarán na Síne Xi Jinping.
Ag deireadh an chruinnithe, d'eisigh an tUachtarán Michel agus an tUachtarán von der Leyen preaseisiúint chomhpháirteach inar leagadh amach an treoir don chaidreamh idir an tAontas agus an tSín maidir le roinnt réimsí:
Is deis agus riachtanas iad araon an caidreamh agus an comhoibriú leis an tSín. Ach, ag an am céanna, ní mór dúinn a aithint nach bhfuil na luachanna céanna, ná na córais pholaitiúla chéanna, ná an cur chuige céanna i leith an iltaobhachais againn. Glacfaidh muid páirt sa chaidreamh go hoscailte muiníneach, agus cosaint stóinsithe á ndéanamh againn ar leasanna an Aontais, agus seasfaimid go diongbháilte lenár luachanna. A ndúirt an tUachtarán Charles Michel tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín
Caidreamh déthaobhach
Chuir an tAontas i bhfios go láidir an gá atá le dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na ngealltanas a tugadh ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín in 2019, agus maidir le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gcaibidlíocht le haghaidh Comhaontú Cuimsitheach Infheistíochta idir an tAontas agus an tSín chun cothrom na Féinne a chinntiú, agus chun aghaidh a thabhairt ar na neamhshiméadrachtaí a bhaineann le rochtain ar mhargaí
Chuir an tAontas in iúl freisin go bhfuil sé toilteanach an Comhaontú idir an tAontas agus an tSín maidir le tásca geografacha a shíniú sna seachtainí romhainn agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go luath.
Dúshláin dhomhanda
Bhí plé substainteach ag na ceannairí maidir leis an athrú aeráide. Is í an tSín comhpháirtí an Aontais faoi Chomhaontú Pháras, ach ní mór di a bheith tiomanta do ghníomhaíocht intíre chinntitheach uaillmhianach chun astaíochtaí a laghdú sa ghearrthéarma, agus chun sprioc a leagan síos maidir le neodracht aeráide a luaithe is féidir.
Chuir an tAontas i bhfios go láidir nach mór an urraim do chearta bunúsacha agus do chosaint sonraí a bheith ag gabháil le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha nua. Ina theannta sin, d'ardaigh an tAontas saincheisteanna atá fós gan réiteach faoin gcibearshlándáil agus faoin mbréagaisnéis.
D'iarr an tAontas ar an tSín níos mó den fhreagracht a thabhairt uirthi féin agus í ag déileáil le dúshláin dhomhanda tríd an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus cloí le caighdeáin idirnáisiúnta chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe, go háirithe san Afraic.
Paindéim COVID-19
Chuir an tAontas i dtreis an fhreagracht chomhroinnte maidir leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- páirt a ghlacadh in iarrachtaí domhanda chun stop a chur le leathadh an víris
- borradh a chur faoin taighde ar chóir leighis agus vacsaíní
- tacú le téarnamh domhanda cuimsitheach agus glas
- dlúthpháirtíocht a léiriú maidir le haghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sna tíortha atá i mbéal forbartha
- páirt a ghlacadh san athbhreithniú neamhspleách ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón bhfreagairt idirnáisiúnta sláinte ar COVID-19
- filleadh chónaitheoirí an Aontais sa tSín a éascú.
Saincheisteanna réigiúnacha agus idirnáisiúnta
Phléigh an tAontas agus an tSín saincheisteanna idirnáisiúnta amhail an Afganastáin, an staid ar Leithinis na Cóiré agus san Iaráin, agus an socrú núicléach, an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta, a chur chun feidhme.
Chuir ceannairí an Aontais a n-imní in iúl freisin maidir leis na bearta a rinne an tSín chun reachtaíocht slándála náisiúnta a fhorchur i Hong Cong, an staid, atá ag dul in olcas, maidir le cearta an duine, an chaoi a gcaitear le mionlaigh in Xinjiang agus sa Tibéid agus le cosantóirí chearta an duine san áireamh, agus maidir le srianta ar shaoirsí bunúsacha
Ar deireadh, chuir an tAontas i dtreis go bhfuil sé ag súil go mbeidh an tIdirphlé maidir le Cearta an Duine ar siúl sa tSín níos déanaí sa bhliain, ach a dtiocfaidh maolú ar na srianta a bhaineann le COVID-19.
Cruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an tSín a bhí ar siúl roimhe seo
- An cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín, 9 Aibreán 2019
- An cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín, 16 Iúil 2018
- An cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín, 1-2 Meitheamh 2017
- An cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín, 12-13 Iúil 2016
- An cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín, 29 Meitheamh 2015
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ester Arauzo-Azofra Preasoifigeach
- +32 2 281 53 61
- +32 473 63 07 23
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025