- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú físchomhdhála cheannairí Phoblacht na Cóiré agus an Aontais, 30 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
Ag an bhfíschomhdháil idir ceannairí Phoblacht na Cóiré agus an Aontais, bhí Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus Uachtarán Phoblacht na Cóiré, Moon Jae-in.
Phléigh ceannairí an Aontais agus Phoblacht na Cóiré cé mar is féidir comhar domhanda a chothú sa chéim théarnaimh i ndiaidh na paindéime agus d'athdhearbhaigh siad a dtiomantas an dúshlán sin a shárú trí oibriú le chéile, agus freisin faoi chuimsiú G20 agus chóras na Náisiún Aontaithe.
Ag an gcruinniú a bhí ag ceannairí Phoblacht na Cóiré agus an Aontais, tugadh aird ar na luachanna coiteanna atá mar bhonn dár gcaidreamh. Tá ár gcomhpháirtíocht straitéiseach láidir le deich mbliana anuas agus ag dul ó neart go neart chun COVID-19 a shárú. A ndúirt an tUachtarán Michel tar éis an chruinnithe
Tráth comórtha 10 mbliana na comhpháirtíochta straitéisí idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, thapaigh na ceannairí an deis chun tuilleadh réimsí comhair a scrúdú agus ba dhíol sásaimh dóibh cruinniú mullaigh a bheith á thionól i Súl go luath amach anseo, in imthosca ina mbeidh sé sin indéanta. Chuir an tUachtarán Michel in iúl gur mian leis an Aontas a bheith ina ghníomhaí níos láidre san Áise.
D'eisigh na ceannairí preaseisiúint chomhpháirteach:
Paindéim COVID-19
Roinn na ceannairí a dtaithí féin maidir le déileáil le paindéim COVID-19.
Chuir siad i dtreis freisin a thábhachtaí atá an méid seo a leanas:
- cumais freagartha neartaithe agus comhroinnt faisnéise feabhsaithe tríd an gcomhordú idir na húdaráis sláinte agus na lárionaid um ghalair a rialú faoi seach
- tacaíocht fhrithpháirteach chun rochtain ar tháirgí leighis a chinntiú, chomh maith le comhar i dtaighde agus i bhforbairt vacsaíní agus cógais leighis. D'iarr siad gur tráchtearra domhanda a bheadh sa vacsaín a bheidh ann amach anseo in aghaidh COVID-19
- feabhas a chur ar an bhfreagairt idirnáisiúnta go háirithe trí eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus ról na hEagraíochta Domhanda Sláinte i gcomhordú phaindéim COVID-19 á athdhearbhú ag an am céanna
- cuidiú le tíortha i mbéal forbartha, mar shampla san Afraic agus i réigiúin leochaileacha eile, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na géarchéime agus a gcórais cúraim sláinte a neartú
Gheall na ceannairí fás stóinsithe eacnamaíoch a athbhunú agus geilleagair agus sochaithe níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a thógáil tríd an aistriú glas agus an gclaochlú digiteach.
An trádáil agus an geilleagar
D'aithin an dá thaobh go bhfuil rún daingean acu cur chun feidhme an chomhaontaithe saorthrádála idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré a fheabhsú a thuilleadh, an géarghá atá le bacainní neamhtharaife a laghdú a thuilleadh, agus feabhas a chur ar an rochtain atá ag táirgí agraibhia ar mhargaí a chéile.
Thathantaigh ceannairí an Aontais ar Phoblacht na Cóiré iarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun bearta ábhartha a ghlacadh maidir le saincheisteanna saothair, coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a dhaingniú san áireamh.
Chuir siad a dtiomantas comhpháirteach in iúl tacú leis an gcóras iltaobhach trádála agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ina chroílár, agus an dá thaobh acu lánpháirteach in athchóiriú na hinstitiúide. D'aontaigh siad ar a thábhachtaí atá sé féachaint ar thionscnamh a d'fhéadfadh comhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála a dhéanamh chun trádáil i soláthairtí leighis a éascú ionas go ndéanfaí an ullmhacht dhomhanda do ghéarchéimeanna sláinte a threisiú.
I gcomhthéacs an phlé trádála a bhí acu, d'athdhearbhaigh na ceannairí an sprioc atá acu na margaí agus an córas trádála a choinneáil ar oscailt. Ba cheart bearta éigeandála atá dírithe ar chosaint na sláinte a bheith spriocdhírithe, comhréireach agus trédhearcach agus ba cheart gur bearta sealadacha a bheadh iontu, ionas nach gcuirfí bac neamhriachtanach ar thrácht ná ar thrádáil idirnáisiúnta.
Ina theannta sin, phléigh an dá thaobh ábhair a bhaineann leis an nuálaíocht agus leis an gcomhar in earnáil na dteicneolaíochtaí digiteacha, ina bhfuil cur chun feidhme eiticiúil na hintleachta saorga agus sreafaí slána sonraí trasteorann san áireamh.
Chomhaontaigh na ceannairí iarrachtaí comhpháirteacha a neartú chun nascacht a chur chun cinn bunaithe ar phrionsabail na hinbhuanaitheachta, na hoscailteachta, na cuimsitheachta agus na trédhearcachta, agus cothrom na Féinne á urramú acu. Ba dhíol sásaimh dóibh gur síníodh an comhaontú eitlíochta cothrománach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré le déanaí
Saincheisteanna domhanda
Chuir an tAontas agus Poblacht na Cóiré i dtreis a phráinní atá sé dlús a chur leis an bhfreagairt dhomhanda sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus lena dtiomantas Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus an Cruinniú Mullaigh maidir le Comhpháirtíocht don Fhás Glas agus do Spriocanna Domhanda 2030 a bheartaítear a thionól sa Chóiré in 2021.
Anuas air sin, phléigh na ceannairí an staid gheopholaitiúil i bhfianaise phaindéim COVID-19. Chomhaontaigh siad dlús a chur leis an gcomhar praiticiúil i réimsí amhail an chibearshlándáil agus cur i gcoinne na bréagaisnéise agus bagairtí hibrideacha eile.
Thacaigh an dá thaobh leis an iarraidh a rinne Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe sos comhraic domhanda a chruthú láithreach bonn chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag leathadh an víris i limistéir a bhfuil coinbhleacht ar bun iontu.
Thug na ceannairí aghaidh ar shaincheisteanna práinneacha eile, idir réigiúnach agus idirnáisiúnta, amhail an staid ar Leithinis na Cóiré, agus i Hong Cong, socrú núicléach na hIaráine agus an choinbhleacht in oirthear na hÚcráine.
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ester Arauzo-Azofra Preasoifigeach
- +32 2 281 53 61
- +32 473 63 07 23
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025