- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí baile, 8 Deireadh Fómhair 2020
Príomhthorthaí
Imirce agus tearmann
Phléigh na hairí gnóthaí baile den chéad uair na tograí is déanaí ón gCoimisiún i ndáil leis an gcomhaontú maidir le himirce agus tearmann. D'aontaigh siad, tríd is tríd, le cur chuige na hUachtaránachta maidir le bogadh chun cinn céim ar chéim i ndáil leis an athchóiriú nua ar thearmann agus ar imirce.
Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí na hEorpa réiteach éifeachtach, cóir agus athléimneach a aimsiú chun imirce agus tearmann a bhainistiú. Beidh orainn go léir teacht ar chomhréiteach chun é sin a bhaint amach. Chuir na Ballstáit in iúl go bhfuil rún daingean acu oibriú chun an sprioc sin a bhaint amach sna míonna atá romhainn. Horst Seehofer, Aire Cónaidhme Gnóthaí Baile, Foirgníochta agus Pobail na Gearmáine
Chuir an Uachtaránacht in iúl go bhfuil sé ar intinn aici díospóireachtaí beartais a reáchtáil maidir le trí ghné lárnacha agus idirghaolmhara: an nós imeachta roimh dhul isteach san Aontas, lena gcuirtear cosc ar mhí-úsáid an chórais tearmainn agus na dlúthpháirtíochta. Tá sé d'aidhm aici teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na gnéithe sin faoi dheireadh na hUachtaránachta. Tabharfar an obair maidir le bailchríoch a chur ar na príomhchomhaid reachtacha chun cinn freisin, ar léir gur féidir bailchríoch a chur orthu go pras. Is iad sin rialachán Eurodac agus an rialachán maidir le gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um thearmann.
Dul i gcomhar le tríú tíortha maidir le saincheisteanna imirce
Rinne na hairí a marana de na forbairtí agus na tionscnaimh is déanaí dul i gcomhar le tríú tíortha maidir le saincheisteanna imirce, ag díriú go háirithe ar an Afraic Thuaidh agus ar na Balcáin Thiar. Dhírigh siad ar dhá struchtúr nó ar dhá ardán oibríochtúla ar cuireadh tús leo le roinnt míonna anuas.
Tá an chéad ardán ann chun feabhas a chur ar an gcomhordú idir na gníomhaithe ábhartha uile maidir le Bealach na Meánmhara Thoir á bhunú, tar éis chomhdháil aireachta an 22-23 Iúil inar tugadh roinnt Ballstát de chuid an Aontais agus comhpháirtithe na mBalcán Thiar le chéile. Tar éis fhíschomhdháil an 13 Iúil lenar tugadh roinnt Ballstát de chuid an Aontais agus comhpháirtithe na hAfraice Thuaidh le chéile, tá iarrachtaí breise á ndéanamh an comhar a chur i bhfeidhm i ndáil le bainistiú teorainneacha agus maidir leis an smuigleáil imirceach agus an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac.
An chomhpháirtíocht Eorpach póilíní
Phléigh na hairí bunú Comhpháirtíochta Eorpaí Póilíní straitéisí chun spreagadh nua a thabhairt don chomhar póilíneachta ar leibhéal an Aontais. Dhírigh siad ar an ngá atá le feabhas a chur ar an ollstruchtúr slándála atá ann faoi láthair i dtrí réimse:
- Teicneolaíochtaí nua, amhail an intleacht shaorga, a chur i bhfeidhm chun gur fearrde an sreabhadh sonraí atá ag fás i gcónaí.
- An comhar oibríochtúil a threisiú idir fórsaí póilíneachta tríd an acquis maidir le comhar póilíneachta a chomhdhlúthú agus trína chinntiú gurb éasca ag na hoifigigh a fháil amach cé na huirlisí comhair atá ar fáil dóibh
- Comhpháirtíocht ghníomhach a fhorbairt le tríú tíortha, agus a chinntiú gur féidir linn comhoibriú go héifeachtúil le chéile agus cloí lenár luachanna ag an am céanna.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
-
Ní doiciméad poiblí é seo. Féadfaidh tú iarratas a chur isteach chun rochtain a fháil ar an doiciméad seo ach an nasc thíos a úsáid.Iarr rochtain ar dhoiciméad
-
Ní doiciméad poiblí é seo. Féadfaidh tú iarratas a chur isteach chun rochtain a fháil ar an doiciméad seo ach an nasc thíos a úsáid.Iarr rochtain ar dhoiciméad
- Tionscnamh sna Balcáin Thiar agus ardán oibríochtúil maidir le Bealach na Meánmhara Thiar (plépháipéar ón uachtaránacht)
- Comhar imirce le comhpháirtithe Afracacha (plépháipéar ón uachtaránacht)
- Cúlra faisnéise
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025