- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 26/11/2015, 26 Samhain 2015
Príomhthorthaí
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos creat i gcomhair lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh.
Príomhchuspóir an togra is ea an nuáil a chur chun cinn agus go mbeidh táirgí níos éifeachtúla fós ó thaobh fuinnimh de. Leis an togra, bheadh custaiméirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh faoi úsáid fuinnimh agus iad ag ceannach agus sa chaoi sin cabhrú leis an éileamh fuinnimh a mhaolú ar an iomlán ar leibhéal an Aontais.
Is díol sásaimh dom na Conclúidí a glac an Chomhairle i ndáil le córas rialachais ar an Aontas Fuinnimh. Is céim thábhachtach chun cinn é seo. Tugann na Conclúidí seo deis don Aontas agus do na Ballstáit aistriú ón gcur chuige teicniúil atá ann faoi láthair maidir le beartas fuinnimh chuig Aontas Fuinnimh a bheidh níos comhtháite agus níos polaitiúla. Áiritheofar leis sin go mbeimid in ann oibriú le chéile chun tairbhe lucht gnó agus tomhaltóirí araon An tAire Schneider, Aire Geilleagair agus Trádála Eachtraí Lucsamburg
Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le rialachas an Aontais Fuinnimh, ina dtugtar treoir don Choimisiún agus an tAontas Fuinnimh á fhorbairt aige sna míonna agus sna blianta amach romhainn, go háirithe maidir leis an ionstraim rialachais.
Leis an gcóras rialachais, déanfar faireachán ar dhul chun cinn comhchoiteann an Aontais chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus a chuid cuspóirí ginearálta beartais sna cúig cinn de ghnéithe a bhaint amach. Tabharfaidh an córas freisin forléargas comhsheasmhach, trédhearcach ar staid an Aontais Fuinnimh.
Thionóil an Chomhairle díospóireacht bheartais, i seisiún poiblí, maidir le dearadh nua don mhargadh fuinnimh agus maidir le socrú nua do thomhaltóirí fuinnimh, mar chuid den obair leantach ar an dá Theachtaireacht ghaolmhara sin ón gCoimisiún. Táthar ag súil le tograí reachtacha maidir leis an dá shaincheist sa dara leath de 2016.
Leagadh béim sa díospóireacht ar an ról, na freagrachtaí agus na cumhachtaí atá ag Oibreoirí Córais Dáileacháin (OCDanna) agus ar athchóiriú na margaí miondíola fuinnimh.
Sa chomhthéacs sin, thug na hAirí dá n-aire an chéad tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le staid an Aontais Fuinnimh, a chuir an Coimisinéir Šefčovič faoina mbráid. Déantar anailís sa tuarascáil ar an staid fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, bunaithe ar na cuairteanna a thug an Coimisinéir ar gach tír agus tá bileoga eolais sa tuarascáil faoi na tíortha ar fad, mar aon le moltaí ón gCoimisiún.
Le linn lóin oibre, phléigh na hAirí a gcuid tuairmí faoin gComhdháil maidir leis an athrú aeráide (COP21) a thionólfar i bPáras, tar éis don Choimisinéir Arias Cañete iad a chur ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta san ullmhúchán.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025