Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 26 Deireadh Fómhair 2021

Na príomhthorthaí

Tháinig airí fuinnimh an Aontais le chéile i Lucsamburg chun tuairimí a mhalartú maidir leis an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus chun bearta maolaitheacha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a phlé.

Praghsanna fuinnimh

Tar éis laghdú i bpraghsanna fuinnimh domhanda agus san Aontas déanach sna blianta 2019 agus 2020, tháinig méadú géar ar na praghsanna le roinnt míonna anuas.

Agus an plé polaitiúil maidir leis na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann i bhfoirmíochtaí éagsúla á gcur san áireamh, chinn Uachtaránacht na Comhairle cruinniú urghnách de Chomhairle na n-airí fuinnimh a thionól. An aidhm a bhí leis sin obair leantach a dhéanamh ar an bplé a rinne an Chomhairle Eorpach an 21 agus an 22 Deireadh Fómhair, nuair a tugadh sainordú don Chomhairle Fuinnimh leanúint dá cuid oibre i dtaca leis an ábhar tábhachtach sin, agus an chéad phlé foirmiúil a dhéanamh ar ‘bhosca uirlisí’ an Choimisiúin maidir le praghsanna fuinnimh a cuireadh i láthair an 13 Deireadh Fómhair.

Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine
Níl an t-aistriú glas ag cur leis an bhfadhb. Seachas sin, is cuid de réiteach na faidhbe é an t-aistriú glas. Is mian linn dhá sprioc thábhachtacha a bhaint amach - aeráidneodracht agus Eoraip a bheidh neamhspleách ó thaobh fuinnimh de. Chuige sin, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus i dteicneolaíochtaí nua.
Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine
Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine

Bhí an díospóireacht dírithe ar dhá cheist a dʼullmhaigh an uachtaránacht:

  1. Conas a d’fhéadfadh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais tacú leis na bearta láithreacha a ghlac na Ballstáit chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag ardú praghsanna fuinnimh ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí agus conas a d’fhéadfaí na bearta sin a chomhlánú?
  2. Dar leis na Ballstáit, an leor na bearta meántéarmacha a mhol an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le luaineachtaí praghsanna fuinnimh amach anseo? Céard iad na bearta breise ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, úsáid uirlisí airgeadais an Aontais san áireamh, a d’fhéadfaí a bheartú?

Ba dhíol sásaimh do na hairí ‘bosca uirlisí’ an Choimisiúin mar bhonn maith don phlé agus thacaigh siad i gcoitinne leis an anailís a rinne an Coimisiún ar na cúiseanna leis an ardú tobann ar phraghsanna fuinnimh.

Maidir le bearta gearrthéarmacha, chomhaontaigh na hairí nach mór bearta náisiúnta a dhéanamh mar ábhar práinne chun na tomhaltóirí is leochailí a chosaint. Sa chomhthéacs sin, cuireann an bosca uirlisí atá beartaithe creat Eorpach úsáideach ar fáil chun bearta náisiúnta a chomhordú.

Phléigh na hairí freisin roghanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail an margadh mórdhíola leictreachais a athchóiriú, scéimeanna comhpháirteacha deonacha chun gás a cheannach, agus réitigh stórála ar leibhéal an Aontais.

Chuir roinnt Ballstát in iúl go láidir gur cuid den réiteach iad na beartais aeráide agus an t-aistriú go fuinneamh glan, agus nach iad is cúis leis an méadú ar phraghsanna fuinnimh. D’áitigh siad go bhfuil an infheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite, in éifeachtúlacht fuinnimh agus i gcomhtháthú na gcóras fuinnimh fós ríthábhachtach go fóill chun athléimneacht chórais fuinnimh an Aontais a mhéadú.

Bhí na hairí ag tnúth leis na hanailísí agus na measúnuithe breise a luaigh an Coimisiún a fháil, go háirithe na staidéir ar fheidhmiú na margaí gáis agus leictreachais, agus mhargadh CTA AE.

Tabharfar spléachadh ar staid an mhargaidh leictreachais i réamhthuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh. Tabharfaidh an chéad réamh-mheasúnú a rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i lár mhí na Samhna soiléireacht níos fearr do na Ballstáit maidir le sláine mhargadh carbóin na hEorpa.

Cuirfidh na hanailísí margaidh ionchur ar fáil do phlé breise agus do ghníomhaíocht fhéideartha bhreise.

D’iarr roinnt airí ar an gCoimisiún ról an gháis nádúrtha agus an fhuinnimh núicléach i dtacsanomaíocht an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe a shoiléiriú.

Chomhaontaigh na hairí fuinnimh praghsanna fuinnimh, agus an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na mbeart atá i mbosca uirlisí an Choimisiúin, a mheas i mí na Nollag. Ullmhóidh an Chomhairle Fuinnimh an bealach do chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag, áit a ndíreoidh ceannairí an Aontais ar shaincheist na bpraghsanna fuinnimh an athuair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025