"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 3 Nollaig 2021
Na príomhthorthaí
Rialacha cibearshlándála uile-Aontais
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta) maidir leis na bearta atá beartaithe le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais.
Is é is aidhm don togra feabhas breise a chur ar acmhainneachtaí athléimneachta agus freagartha teagmhas na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí agus an Aontais ina iomláine. A luaithe a ghlacfar í, tiocfaidh an treoir nua, ar a dtugtar ‘NIS2’, in ionad na rialacha atá ann faoi láthair maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (treoir NIS).
Beidh ról ríthábhachtach ag an treoir NIS nua maidir leis an gcibearshlándáil a neartú sa saol seo againne atá éirí níos digití, áit a bhféadfadh impleachtaí nach bhfacthas a leithéid riamh a bheith ag cibearbhagairtí ar an tsochaí, ar an ngeilleagar agus ar an daonlathas. Léireofar inti freisin go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sa reachtaíocht maidir leis an gcibearshlándáil.
Boštjan Koritnik, Aire Riaracháin Phoiblí na Slóivéine
Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn atá déanta maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe. Is é is aidhm don dréachtrialachán forbairt agus glacadh na hintleachta saorga sábháiltedleathaí, lena n-urramaítear cearta bunúsacha, a chur chun cinn ar fud an mhargaidh aonair.
Bhí an Gníomh um an Intleacht Shaorga ar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Slóivéine ón tús agus d'oibríomar go dian dícheallach ar an togra ceannródaíoch casta seo. Bhí sé mar aidhm againn an oiread dul chun cinn is féidir a dhéanamh, agus tá lúcháir orm gur éirigh linn an chéad togra comhréitigh páirteach a chur le chéile. Tá an t-ábhar a chlúdaítear inar dtogra ríthábhachtach, an raon feidhme, na sainmhínithe agus na ceanglais d’fheidhmchláir ardriosca intleachta saorga san áireamh, mar go bhfuil tionchar mór aige ar an téacs iomlán. Agus aird á tabhairt againn ar na tuairimí tosaigh, déarfainn go bhfuilimid ag dul sa treo ceart, agus anois, is faoin uachtaránacht inteachta a bheidh sé leanúint den obair mhór seo.
Boštjan Koritnik, Aire Riaracháin Phoiblí na Slóivéine
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha.
Treoróidh an díospóireacht an Coimisiún agus an leagan críochnaitheach á dhréachtú aige dá thogra le haghaidh dearbhú idirinstitiúideach maidir leis an ábhar seo mar a fógraíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach]. Beidh mar aidhm ag na prionsabail dhigiteacha eolas níos fearr a thabhairt do dhaoine agus iad sa timpeallacht dhigiteach, agus tagairt a chur ar fáil do lucht déanta beartas agus d’oibreoirí digiteacha ag an am céanna.
Léiríodh sa phlé go bhféadfadh buntáistí soiléire a bheith ag gabháil le dearbhú Eorpach maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha ó thaobh an bealach a réiteach do dheacáid dhigiteach an Aontais. Ba cheart freisin gur céim tosaigh é an dearbhú sin chun tagarmharc domhanda a leagan síos i gcomhar leis na comhpháirtithe sin a ghlacann luachanna daonlathacha an Aontais chucu féin.
Mark Boris Andrijanič, Aire na Slóivéine don Chlaochlú Digiteach
Le linn an phlé, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad go láidir le dearbhú sollúnta idirinstitiúideach maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha, lena léireofaí go bhfuil na cearta bunúsacha céanna chomh bailí céanna ar líne agus atá siad as líne.
De réir na n-airí, ba cheart príomhluachanna Eorpacha a léiriú sa dearbhú, claochlú digiteach atá dírithe ar an duine, cuimsitheach agus inbhuanaithe, an smacht reachta, agus an prionsabal nár cheart aon duine a fhágáil ar lár san áireamh.
D’fhéadfaí rochtain ar nascacht iontaofa inacmhainne agus timpeallacht ar líne oscailte cóir slán agus iontaofa a áireamh sna prionsabail a d‘fhéadfaí a chumhdach sa dearbhú. Chuir na hairí chun suntais a thábhachtaí atá litearthacht dhigiteach, feasacht agus cumhachtú, agus gur gá cosaint a thabhairt do leanaí.
Chuir roinnt airí in iúl gur cheart aird a thabhairt sa dearbhú ar dhearbhuithe agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana. D'fhéadfadh an dearbhú feidhmiú mar thagairt do chomhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil dáimh acu lena chéile freisin.
Gheall an Coimisiún go gcuirfí bailchríoch ar an togra le haghaidh an dearbhaithe agus go gcuirfeadh sé faoi bhráid na huachtaránachta inteachta é a luaithe is féidir.
Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn atá déanta ar an rialachán atá beartaithe maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach (ríomh-shainaitheantais Eorpach).
Is é is aidhm don togra creat aonair idir-inoibritheach agus slán a bhunú le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach a bheadh ar fáil do gach saoránach, cónaitheoir agus gnólacht den Aontas. Le Tiachóga nua na Céannachta Digití Eorpaí, bheadh gach Eorpach in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne gan iallach orthu modhanna aitheantais príobháideacha a úsáid nó gan iallach orthu sonraí pearsanta a roinnt nuair nach gá sin.
Mheasúnaigh na hairí an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cinneadh atá beartaithe maidir le clár beartais 2030 ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’.
Is é is aidhm don togra fás eacnamaíoch agus folláine shóisialta a spreagadh san Eoraip leis an digiteáil, trí cheannaireacht dhigiteach an Aontais a neartú agus trí shaoránaigh agus gnólachtaí a chumhachtú. Leagtar spriocanna sonracha digiteacha síos sa togra, mar a bunaíodh iad den chéad uair sa Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach, atá le baint amach ag an Aontas ina iomláine faoi dheireadh na deacáide seo.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta sa phlé maidir le gníomhartha reachtacha reatha.
An Gníomh um Rialachas Sonraí
Tháinig an Uachtaránacht ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2021 maidir leis an nGníomh um Rialachas Sonraí atá beartaithe. Tá sé mar aidhm ag an Uachtaránacht an téacs comhaontaithe a chur i láthair chun go bhféadfaí ionadaithe na mBallstát é a fhormheas an 15 Nollaig.
Is é is aidhm don rialachán a chinntiú gur féidir leanúint d’fhánaíocht a bheidh saor ó fhormhuirir nuair a rachaidh na rialacha fánaíochta atá ann faoi láthair in éag an 30 Meitheamh 2022. Tá an uachtaránacht ag súil teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa ag an gcéad chruinniú tríthaobhach eile a bheidh ar siúl an 8 Nollaig 2021.
Rialacha nuashonraithe príobháideachais don chumarsáid leictreonach (r-phríobháideachas)
Bhí an dara cruinniú tríthaobhach ag Uachtaránacht na Slóivéine le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra r-phríobháideachais an 18 Samhain 2021. Rinneadh dul chun cinn maidir le ceart na n-úsáideoirí deiridh cumarsáid leictreonach a rialú, forfheidhmiú agus leigheasanna, agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Leanfaidh an Uachtaránacht den obair le Parlaimint na hEorpa ar an leibhéal teicniúil go dtí go dtabharfaidh sí an comhad don uachtaránacht inteachta.
Faoi aon ghnó eile freisin, thug toscaireacht Lucsamburg eolas do na hairí faoinar eascair as cruinniú aireachta an D9+ (tíortha an Aontais atá sárfhorbartha ó thaobh an digitithe de), a tionóladh i Lucsamburg an 27 Deireadh Fómhair 2021 agus inar díríodh ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú glas.
Thug toscaireacht na Liotuáine eolas faoi pháipéar leathoifigiúil comhpháirteach maidir le tosaíochtaí digiteacha an Aontais i gcomhthéacsna dtoghchán a bheidh ag an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide in 2022.
Mar mhír dheireanach, chuir Uachtaránacht inteachta na Fraince a clár oibre don chéad leath de 2022 i láthair.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.