"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinniú urghnách den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 9 Meán Fómhair 2022
Na príomhthorthaí
Bhí dhá mhalartú tuairimí ag airí fuinnimh an Aontais maidir leis an staid fuinnimh san Aontas.
Bearta chun praghsanna arda fuinnimh a mhaolú
Le linn an chéad phlé, chuir na hairí a roghanna in iúl maidir le roghanna éagsúlabeartais chun an t-ualach a bhaineann le praghsanna arda fuinnimh ar shaoránaigh, ar sheirbhísí poiblí, ar ghnólachtaí agus ar earnáil na tionsclaíochta a mhaolú – beartais a d’fhéadfaí a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais laistigh de thréimhse ama ghearr.
D’éirigh linn teacht ar chomhaontú maidir le treoir choiteann do bhearta sealadacha éigeandála agus cuireadh de chúram soiléir ar an gCoimisiún togra láidir inbhraite a chur chun cinn laistigh de chúpla lá. Déanfaimid gach ní dá bhfuil riachtanach chun cabhrú lenár saoránaigh agus lenár gcuideachtaí a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar phraghsanna arda fuinnimh.
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
Bunaíodh an plé ar nóta ón Uachtaránacht inar leagadh béim ar roinnt roghanna le haghaidh gníomhaíochtaí gearrthéarmacha a d’fhéadfadh an staid fuinnimh a mhaolú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún páipéir leathoifigiúla faoi bhráid na dtoscaireachtaí ina raibh réamh-mheasúnú ar na roghanna maidir le bearta éigeandála chun srian a chur le praghsanna leictreachais agus gáis atá ag méadú as cuimse.
Cuireadh ceithre phríomhréimse in iúl sa phlé ina bhfuil na Ballstáit ag súil go ngníomhóidh an Coimisiún. Áirítear orthu sin uasteorannú a dhéanamh ar ioncam táirgeoirí leictreachais a mbíonn costais táirgthe ísle orthu; uasteorainn fhéideartha ar phraghas an gháis; bearta chun éileamh comhordaithe ar leictreachas a laghdú ar fud an Aontais; bearta a chuideodh le saincheist na leachtachta laghdaithe a réiteach.
D’iarr na hairí go ngníomhófaí go pras agus chuir an Uachtaránacht in iúl go bhfuil rún daingean aici na tograí ón gCoimisiún atá le teacht a láimhseáil ar bhealach brostaithe.
Ullmhacht don gheimhreadh
Ina dhiaidh sin, chuir na hairí a chéile ar an eolas faoi staid imeartha a dtíre féin maidir le hullmhacht don gheimhreadh seo chugainn. Tá roinnt gníomhaíochtaí curtha i gcrích ag Ballstáit an Aontais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Go háirithe, ghlac siad rialachán chun stórais gáis a líonadh agus iad a roinnt de mheon dlúthpháirtíochta, rinne siad na foinsí soláthair a éagsúlú, agus thug siad gealltanas an t-éileamh ar ghás a laghdú 15% an geimhreadh seo. In ainneoin a bhfuil tite amach le déanaí, agus go háirithe an laghdú atá tagtha ar shreafaí gáis ón Rúis trí Nordstream I, tá an Eoraip ullamh don gheimhreadh seo. Tá cúltaiscí gáis an Aontais faoi thalamh líonta ag 82.5% dá dtoilleadh, i bhfad roimh spriocdháta an 1 Samhain a leagtar síos sa rialachán maidir le stóráil gáis.
Ghlac an Chomhairle, gan díospóireacht, na míreanna ‘A’ a liostaítear thíos, lena n-áirítear togra le haghaidh cinneadh chun an comhaontú um eisiúint víosaí a éascú leis an Rúis a chur ar fionraí.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.