Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Cruinniú urghnách den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 30 Meán Fómhair 2022

Na príomhthorthaí

Cuirtear i láthair sa ghrafaic faisnéise na trí bheart éigeandála a chomhaontaigh na Ballstáit chun cabhrú le tomhaltóirí aghaidh a thabhairt ar na costais arda fuinnimh de dheasca na géarchéime fuinnimh.
An Ghéarchéim fuinnimh: Trí bheart atá comhordaithe ag an Aontas chun billí a laghdú (Grafaic faisnéise)

An Ghéarchéim fuinnimh: Trí bheart atá comhordaithe ag an Aontas chun billí a laghdú (Grafaic faisnéise)

Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú i ndáil le rialachán chun aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda fuinnimh agus phléigh siad bearta breise chun praghsanna arda gáis a mhaolú.

Rialachán chun aghaidh a thabhairt ar praghsanna arda fuinnimh

Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú polaitiúil i ndáil le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh. Glacfar an rialachán go foirmiúil trí nós imeachta i scríbhinn sna laethanta amach romhainn.

Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
Saol as an ngnáth an saol ina mairimid agus is ar bhealach as cuimse tapa comhordaithe agus i ndlúthpháirtíocht atáimid ag tabhairt faoi sheasamh go daingean gualainn ar ghualainn i gcoinne na Rúise de réir mar atá uirlis troda á déanamh aici de sholáthairtí fuinnimh. Leis an gcomhaontú ar thángthas air inniu, tabharfar faoiseamh do shaoránaigh agus do chuideachtaí na hEorpa. Déanfaidh na Ballstáit cuar an éilimh leictreachais a chothromú le linn na mbuaicuaireanta, a mbeidh tionchar dearfach díreach aige ar phraghsanna. Déanfaidh na Ballstáit na brabúis bharrachais ón earnáil fuinnimh a athdháileadh orthu siúd a bhfuil sé ag dul crua orthu a mbillí a íoc.
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia

Tá bearta sa rialachán chun an t-éileamh ar leictreachas le linn na mbuaicuaireanta a laghdú chun na praghsanna leictreachais a laghdú don tomhaltóir. Tá bearta á dtabhairt isteach leis chun ioncaim bharrachais ón táirgeadh leictreachais agus ranníocaíocht dlúthpháirtíochta ón mbarrachas brabúis in earnálacha na mbreoslaí iontaise a bhailiú, airgead a n-úsáidfear chun tionchar na bpraghsanna arda a mhaolú ar chustaiméirí deiridh agus chun custaiméirí miondíola in earnáil an leictreachais a chosaint a thuilleadh.

Roghanna beartais chun na praghsanna arda gáis a mhaolú

Bhí malartú tuairimí ag na hairí ar bheartais bhreise chun na praghsanna arda gáis a mhaolú. Meabhraíodh do na Ballstáit mianach na haontachta agus na dlúthpháirtíochta ina gcomhiarracht chun soláthar fuinnimh an Aontais a shlánú agus chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú ar an tomhaltóir agus ar an ngeilleagar.

D’iarr na hairí an athuair go dtabharfaí freagairt mhear chomhordaithe ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda gáis.

Tá tacar an-mhaith beart formheasta againn a chuirfidh ar ár gcumas iarmhairtí na staide ar na margaí fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a mhaolú. Mar sin féin, ní mór dúinn ár míle dícheall a dhéanamh i ndáil le bearta breise chun go dtabharfaimid aghaidh freisin ar na cúiseanna atá lena bhfuil ag tarlú. Tá an Uachtaránacht réidh le leanúint den obair gan stad gan staonadh ar na réitigh uile is gá. Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia

Mar obair leantach ar an treoir pholaitiúil ón gComhairle sa Chomhairle Fuinnimh an 9 Meán Fómhair, tá gníomhaíochtaí féideartha á n-ullmhú ag an gCoimisiún d’idirghabhálacha comhordaithe éigeandála an mhargaidh gáis, agus idirghabháil a dhéanamh i ndáil leis na praghsanna gáis agus dlúthpháirtíocht a neartú i measc na mBallstát mar chuid de sin.

D’iarr na hairí ar an gCoimisiún bearta breise a chur i láthair, tograí reachtacha a d’fhéadfaí a dhéanamh san áireamh, mar ábhar fíorphráinne.

Chuir na hairí in iúl go bhfuil gá le freagairt ón Aontas a chuirfeadh teorainn le tionchar na Rúise ar mhargadh gáis na hEorpa, a dhéanfadh soláthraithe agus bealaí a éagsúlú, a mhaolódh luaineacht iomarcach na bpraghsanna agus a laghdódh an praghas a íocann an custaiméir Eorpach, agus an t-aistriú fuinnimh á fhreastal i gcónaí.

Chuir an Chomhairle in iúl go bhfuil sí réidh agus meáite ar obair leantach a dhéanamh i ndáil le haon tionscnamh.

Sceitheanna gáis i bpíblínte Nord Stream

Faoi aon ghnó eile, agus le tacaíocht ón nGearmáin agus ón tSualainn, chuir an Danmhairg na hairí ar an eolas faoi sceitheanna gáis a tharla ar na mallaibh ó phíblínte Nord Stream 1 agus 2 i ngearr d’oileán Bornholm na Danmhairge.

Meabhraíodh do na Ballstáit an dearbhú ón Ardionadaí Josep Borrell thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil le sceitheanna ó phíblínte gáis Nord Stream agus chuir siad i dtreis nach bhfuil aon tionchar láithreach aige sin ar shlándáil an tsoláthair san Aontas, ní don ghás ná don leictreachas.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025