- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 3 Meitheamh 2022
Na príomhthorthaí
An intleacht shaorga
A mhéid a bhaineann an togra le haghaidh Gníomh um an Intleacht Shaorga, bhreathnaigh an Chomhairle ar an dul chun cinn a rinneadh agus d’fhormheas sí tuarascáil ar dhul chun cinn a thíolaic an Uachtaránacht.
An dréacht-Rialachán a thíolaic an Coimisiún Eorpach in Aibreán 2021, tá sé ar cheann de phríomhghnéithe an bheartais Aontais chun forbairt agus glacadh na hintleachta saorga iontaofa lena n-urramaítear cearta bunúsacha a chothú ar an leibhéal Eorpach.
Leis an togra, leagtar síos creat dlíthiúil aonfhoirmeach cothrománach le haghaidh na hintleachta saorga arb é is aidhm dó:
- a áirithiú go n-urramófar, leis na córais intleachta saorga a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus a úsáidtear san Aontas, lena n-áirítear ag soláthraithe nach soláthraithe de chuid an Aontais iad, luachanna an Aontais Eorpaigh agus na dlíthe atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha
- deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú chun infheistiú agus nuálaíocht san intleacht shaorga a éascú
- rialachas agus forfheidhmiú éifeachtach an dlí a fheabhsú maidir le cearta bunúsacha agus ceanglais sábháilteachta is infheidhme ar chórais intleachta saorga
Thacaigh na hairí le príomhchuspóirí an togra agus thug siad dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn. Leanfar den obair sa Chomhairle faoi Uachtaránacht na Seicia.
- Dréacht-Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (An Gníomh um an Intleacht Shaorga)
- Cur chuige Eorpach i leith na hintleachta saorga (an Coimisiún Eorpach)
- Todhchaí dhigiteach don Eoraip (eolas cúlra)
Creat le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí
Bhreathnaigh an Chomhairle ar an dul chun cinn a rinneadh agus d’fhormheas sí tuarascáil ar dhul chun cinn a thíolaic an Uachtaránacht i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le creat le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí. Leis an gcreat nua atá beartaithe, leasófar rialachán 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus le seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (Rialachán eIDAS), inar leagadh síos an dúshraith le haghaidh córas chun rochtain shábháilte a fháil ar sheirbhísí agus idirbhearta a chur i gcrích ar líne agus thar theorainneacha san Aontas.
Is é is aidhm don togra a áirithiú go mbeidh rochtain uilíoch ag daoine agus ag gnólachtaí ar ríomh-shainaitheantas agus ar fhíordheimhniú slán, iontaofa trí Thiachóg Céannachta Digití Eorpaí. Ba cheart aitheantas a bheith an tiachóg san earnáil phoiblí ar fud an Aontais agus ba cheart do sholáthraithe seirbhíse príobháideacha a dteastaíonn fíordheimhniú láidir úsáideora uathu agus ardáin mhóra ar líne í a aithint. Leis an togra, cruthaítear creat dlíthiúil freisin le haghaidh airíonna aitheantais agus faisnéis atá nasctha le céannacht a mhalartú. Déantar foráil sa togra do rialú úsáideoirí agus cosaint sonraí agus do chomhroinnt spriocdhírithe sonraí céannachta atá teoranta do riachtanais na seirbhíse sonraí a iarradh.
Thacaigh na hairí le príomhchuspóirí an togra agus thug siad dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn. Leanfar den obair sa Chomhairle faoi Uachtaránacht na Seicia.
- An Rialachán maidir le creat le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí
- An Chéannacht Dhigiteach Eorpach (Faisnéis ón gCoimisiún)
- Todhchaí dhigiteach don Eoraip (eolas cúlra)
An Gníomh um Shonraí
Bhreithnigh an Chomhairle an dul chun cinn atá déanta leis an togra le haghaidh Rialachán i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí.
Is iad príomhchuspóirí an togra sin cothroime a áirithiú i leithdháileadh luacha ó shonraí i measc gníomhaithe sa gheilleagar sonraí agus rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a chothú. Is píosa reachtaíochta cothrománach atá ann agus ba cheart é a chomhlánú go luath le reachtaíocht bhreise le haghaidh earnálacha sonracha. Dá bhrí sin, is tábhachtach an chéim é an togra reachtach seo i bhforbairt gheilleagar sonraí na hEorpa.
Thacaigh na hairí le príomhchuspóirí an togra agus thug siad dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn. Leanfar den obair sa Chomhairle faoi Uachtaránacht na Seicia.
- Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí)
- Do shaol ar líne: cad é atá á dhéanamh ag an Aontas ionas gur fusa agus gur sábháilte duit é? (scéal gné)
- Todhchaí dhigiteach don Eoraip (eolas cúlra)
An t-aistriú digiteach agus glas
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle freisin maidir leis an aistriú digiteach agus glas ar bhonn nóta a thíolaic an Uachtaránacht. Phléigh na hairí conas tionchar na teicneolaíochta digití ar an gcomhshaol a thomhas agus a mheas, agus socruithe chun teicneolaíocht dhigiteach inbhuanaithe a fhorbairt a fhreastalóidh ar aistriú glas an gheilleagair.
Go sonrach, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an bhféidearthacht modheolaíochtaí a bhunú, ar an leibhéal Eorpach, leis an lorg digiteach ar an gcomhshaol a thomhas, agus aird á tabhairt ar an bpoitéinseal atá ann lorg comhshaoil earnálacha eile a laghdú. Phléigh na hairí freisin na spriocanna nithiúla ba cheart don Eoraip a shocrú di féin faoi 2030 agus na luamháin ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh ar an leibhéal Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na tosca costais comhshaoil is tábhachtaí san aistriú digiteach, go háirithe maidir le trealamh digiteach, agus chun cleachtas agus seirbhísí a chuideoidh leis an aistriú sin a spreagadh.
Chuir na hairí i dtreis nach mór don earnáil TFC líonraí digiteacha, teicneolaíochtaí digiteacha agus táirgí digiteacha a dhearadh agus a chur in úsáid ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, cé go bhféadfadh úsáid chliste teicneolaíochtaí digiteacha glana gníomhú mar phríomhchumasóir don ghníomhaíocht ar son na haeráide, d’inbhuanaitheacht chomhshaoil agus do bhaint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Thug siad dá n-aire freisin gur féidir leis an Eoraip dul san iomaíocht go domhanda i margadh na teicneolaíochta glaise, go háirithe trí theicneolaíochtaí nuálacha, leictreonaic atá tíosach ar fhuinneamh agus inbhuanaitheacht chomhshaoil réitigh TFC a chur chun cinn. Leag na hairí béim ar an ngá atá le modheolaíocht a chruthú chun an lorg digiteach comhshaoil a thomhas, chun spriocanna a bhunú do 2030 agus straitéis uaillmhianach maidir leis an aistriú digiteach agus glas a leagan síos ar an leibhéal Eorpach.
Aon ghnó eile
Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le tograí reachtacha reatha.
A mhéid a bhaineann leis an Rialachán maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach (rPhríobháideachas), chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin staid mar atá sa Chomhairle agus faoin gcaibidlíocht atá ar siúl le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcomhad seo, lena n-áirítear an toradh a bhí ar chruinniú tríthaobhach an 31 Márta 2022.
A mhéid a bhaineann leis an dréacht-Chinneadh maidir leis an gConair i dtreo na Deacáide Digití, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin sainordú le haghaidh na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a d’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe an 11 Bealtaine 2022.
A mhéid a bhaineann leis an Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (Treoir NIS athbhreithnithe nó ‘NIS 2’), chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcomhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa an 12 Bealtaine 2022.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoin staid mar atá maidir leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití.
Ina theannta sin, chuir an uachtaránacht agus toscaireachtaí eile na hairí ar an eolas faoi Chomhdháil Lánchumhachtach an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide a thionólfar i mBúcairist ón 26 Meán Fómhair go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2022.
Chuir toscaireachtaí na hOstaire, na Seicia agus na Slóvaice na hairí ar an eolas freisin faoin toradh a bhí ar an gceardlann ardleibhéil Digital Humanism and Artificial Intelligence (an Daonnachas Digiteach agus an Intleacht Shaorga) a tionóladh sa Bhruiséil an 3 Márta 2022.
Ar deireadh, chuir Uachtaránacht inteachta na Seicia a clár oibre don dara leath de 2022 i láthair.
I dtreo Eoraip dhigiteach (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025