"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 27 Meitheamh 2022
Na príomhthorthaí
An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’
Ghlac an Chomhairle a seasaimh chaibidlíochta (cur chuige ginearálta) maidir le dhá thogra lena dtéitear i ngleic leis na gnéithe fuinnimh a bhaineann le haistriú aeráide an Aontais faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’:
athbhreithniú ar an treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
athbhreithniú ar an treoir maidir le fuinneamh inathnuaite
Is céim mhór chun tosaigh sa chomhrac i gcoinne an téimh dhomhanda é comhaontú na mBallstát maidir leis an dá thogra sin. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar dícharbónú ar ár gcórais fuinnimh trí úsáid ollmhór a bhaint as fuinneamh inathnuaite agus trí iarrachtaí suntasacha a dhéanamh i ndáil le coigilteas fuinnimh chun ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach. Cuideoidh sé linn freisin ár spleáchas ar an Rúis ó thaobh fuinnimh de a laghdú i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin.
Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an aistriú fuinnimh
Is iad táirgeadh agus úsáid fuinnimh is cúis le 75% d’astaíochtaí an Aontais agus is mór is fiú na spriocanna méadaithe a comhaontaíodh inniu chun sprioc fhoriomlán an Aontais a bhaint amach, is é sin laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 le hais leibhéil 1990.
Oiriúnach do 55: an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite (Grafaic faisnéise)
Dícharbónú
Thíolaic an Uachtaránacht tuarascáil ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le togra maidir leis an bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Ghlac an Coimisiún an togra seo an 15 Nollaig 2021 mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus cuireadh tús leis an bplé maidir leis an togra faoi Uachtaránacht na Fraince. Is ionstraim riachtanach í an treoir sin chun cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a leagadh amach do 2030 agus 2050 a bhaint amach. Ar leibhéal an Aontais, is iad foirgnimh is cúis le 40% den tomhaltas fuinnimh agus le 36% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh go díreach agus go hindíreach.
Thug na hairí dá n-aire freisin tuarascáil a thíolaic an Uachtaránacht maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ar thogra chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas. Is gás ceaptha teasa é meatán a bhfuil tionchar suntasach aige ar an athrú aeráide, agus is féidir na laghduithe is costéifeachtaí a bhaint amach in earnáil an fhuinnimh. Thíolaic an Coimisiún an togra sin an 14 Nollaig 2021 mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.
Oiriúnach do 55: an chaoi a n-éireoidh an tAontas níos fuinneamhéifeachtúla (Grafaic faisnéise)
Stóráil gáis
Ghlac an Chomhairle rialachán maidir le stóráil gáis arb aidhm dó a chinntiú go líonfar na hacmhainneachtaí stórála gáis san Aontas roimh an ngeimhreadh agus gur féidir iad a chomhroinnt idir na Ballstáit de mheon na dlúthpháirtíochta.
An staid fuinnimh san Aontas i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an staid fuinnimh san Aontas i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin. Bhí plé polaitiúil ag na hairí maidir lena bhfuil ag titim amach faoi láthair in earnáil an gháis nádúrtha agus roinn siad eolas maidir le hullmhacht a dtíortha don gheimhreadh seo chugainn. Ina theannta sin, phléigh na hairí gníomhaíochtaí breise atá le beartú chun ullmhacht choiteann an Aontais a neartú. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh do na hairí an Plean REPowerEU, a thíolaic an Coimisiún i mí na Bealtaine 2022, agus bunú Ardán Fuinnimh an Aontais lena n-oibreofar le soláthraithe idirnáisiúnta agus lena mbainisteofar ceannacháin dheonacha gáis.
Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais? (Grafaic faisnéise)
Nithe eile
Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil ar staid na himeartha mar atá agus ar na chéad chéimeanna eile den togra maidir leis an stóráil gáis.
Chuir an Coimisiún eolas i láthair maidir leis an scéala is déanaí i réimse an chaidrimh fuinnimh sheachtraigh.
Chuir Poblacht na Seice i láthair clár oibre a huachtaránachta inteachta.
Chinn an Chomhairle sainorduithe dhá mhisean shibhialtacha de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) a shíneadh go dtí an 30 Meitheamh 2023; mar atá, Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EUBAM Rafah) agus Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS). Tá na misin mar chuid d’iarrachtaí níos leithne an Aontais tacú le forbairt stát na bPalaistíneach.
Ghlac an Chomhairle, gan díospóireacht, na míreanna ‘A’ a liostaítear thíos.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.