Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Cruinniú urghnách den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), an 24 Samhain 2022, 24 Samhain 2022

Príomhthorthaí

Tháinig Airí Fuinnimh an Aontais ar chomhaontú maidir le rialachán ón gComhairle lena bhfeabhsaítear dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr ar cheannacháin gháis, trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus trí thagarmharcanna praghais iontaofa.

Is é cuspóir an Rialacháin seo an t-ardán Eorpach chun fuinneamh a cheannach a chur i bhfeidhm trí rialacha sealadacha a leagan síos maidir le comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach ar mhargaí domhanda, tagarmharcanna iontaofa le haghaidh GNL, bainistiú luaineachta praghsanna gáis agus bearta dlúthpháirtíochta trasteorann.

Tháinig na hAirí ar chomhaontú maidir le rialachán ón gComhairle lena leagtar síos creat sealadach chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh inathnuaite.

Is é cuspóir an rialacháin seo dlús a chur le simpliú na nósanna imeachta ceadaithe do thionscadail fuinnimh inathnuaite. Díríonn sé ar theicneolaíochtaí sonracha agus ar chineálacha sonracha tionscadal a bhfuil an acmhainneacht is mó acu maidir le himscaradh tapa acu agus an tionchar is lú ar an gcomhshaol.

Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
Tá sé cruthaithe arís ag na Ballstáit nach focail gan bhrí iad aontacht agus dlúthpháirtíocht ach gurb iad fíorluachanna bunúsacha an Aontais. Ní neart go cur le chéile, agus le chéile cuirfimid an ruaig ar an olcas seo. Leanfaimid orainn ag obair ar ár n-athléimneacht ionas nach féidir le duine ar bith fuinneamh a úsáid mar arm inár gcoinne arís.
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
Mínítear sa ghrafaic faisnéise na bearta nua chun an dlúthpháirtíocht i measc thíortha an Aontais a fheabhsú agus chun praghsanna gáis a theorannú i bhfianaise na géarchéime fuinnimh.
Bearta an mhargaidh gáis leis an soláthar san Aontas a chinntiú agus a roinnt (Grafaic faisnéise)

Bearta an mhargaidh gáis leis an soláthar san Aontas a chinntiú agus a roinnt (Grafaic faisnéise)

Mhalartaigh na hAirí a dtuairimí maidir le togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le sásra ceartúcháin don mhargadh gáis tar éis don Choimisiún cur i láthair a dhéanamh.

Is beart éigeandála sealadach é an togra atá bunaithe ar Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena dtugtar isteach sásra ceartúcháin margaidh maidir le praghas malartuithe gáis áirithe ar an tSaoráid Aistrithe Teidil (TTF), ar féidir a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe ar an margadh, agus is féidir é a chur ar fionraí más gá.

Bhí réamh-mhalartú tuairimí ag na hAirí, agus chuir siad i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh oibre mionsonraithe ar an togra. Thacaigh go leor Airí le cuspóirí an togra, agus chuir siad in iúl ag an am céanna go bhfuil na coinníollacha chun an sásra a ghníomhachtú róghéar. Ba mhaith le cuid acu go leathnófaí raon feidhme an tsásra chuig táirgí eile nó chuig moil trádála eile. Chuir roinnt Airí in iúl go raibh imní orthu faoi choincheap an tsásra sin agus faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar chinnteacht an tsoláthair, agus d’iarr siad tuilleadh coimircí.

Tháinig an Uachtaránacht ar an gconclúid go mbeidh gá le tuilleadh oibre chun teacht ar chomhaontú maidir le paraiméadair an tsásra agus gheall sí go ndéanfadh sí a seacht ndícheall dul chun cinn a dhéanamh i dtreo comhaontú polaitiúil maidir leis an togra a luaithe is féidir.

Thug German Galushchenko, Aire Fuinnimh na hÚcráine, aitheasc d’Airí Fuinnimh an Aontais trí nasc físe, agus chuir sé ar an eolas iad faoin damáiste a rinneadh le déanaí agus a raibh roinnt lándorchuithe ar fud na tíre mar thoradh air. Mar thoradh air sin, tá ganntanas fuinnimh le sárú ag an Moldóiv mar gheall ar idirnaisc leis an Úcráin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025