Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Cruinniú urghnách den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 13 Nollaig 2022

Príomhthorthaí

Phléigh Airí Fuinnimh an Aontais togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna atá ró-ard. Lorgóidh an Chomhairle comhaontú polaitiúil maidir leis an togra ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Fuinnimh an 19 Nollaig.

Jozef Síkela, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia
Ní mór dúinn teacht ar réitigh nithiúla do shaoránaigh agus dá mbillí fuinnimh ar eagla go bhfulaingeoimis arduithe iomarcacha ar phraghsanna arís, mar a tharla i mí Lúnasa 2022. Ag an am céanna, le bearta éigeandála i réimse an fhuinnimh, iarrtar an comhthoiliú is leithne is féidir, agus ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh siad inghlactha ag tromlach mór na mBallstát. Tá Uachtaránacht na Seicia réidh i gcónaí chun obair gan staonadh a dhéanamh chun an togra seo a chur i gcrích.
Jozef Síkela, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia
Jozef Síkela, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia

Beidh sé mar aidhm ag na hAirí rialachán ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gáis, ar mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus trí thagarmharcanna iontaofa praghsanna a ghlacadh go foirmiúil, chomh maith le rialachán ón gComhairle lena leagtar síos creat sealadach chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite, ag an gcéad Chomhairle Fuinnimh eile an 19 Nollaig. Comhaontaíodh ábhar na rialachán sin sa Chomhairle Fuinnimh an 24 Samhain 2022.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025