Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 25 Deireadh Fómhair 2022

Na príomhthorthaí

An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh

Ghlac airí fuinnimh an Aontais cur chuige ginearálta i ndáil le togra lena leagtar síos ceanglais nua maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (EPBD). Is iad príomhchuspóirí na treorach athbhreithnithe gur cheart go mbeadh gach foirgneamh nua saor ó astaíochtaí faoi 2030, agus gur cheart gach foirgneamh atá ann cheana a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050.

Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
Tá earnáil na tógála ríthábhachtach chun cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus 2050 a bhaint amach. Ach thairis sin, cabhróidh an comhaontú ar thángthas air le saoránaigh coigilteas suntasach fuinnimh a dhéanamh. Cuirfidh foirgnimh níos fearr atá níos tíosaí ar fhuinneamh feabhas ar cháilíocht saoil na saoránach agus, ag an am céanna, laghdófar a mbillí fuinnimh agus an bhochtaineacht fuinnimh
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia

Tá an t-athbhreithniú ar EPBD mar chuid den phacáiste beart ‘Oiriúnach do 55’ arb é is aidhm dó reachtaíocht an Aontais a chur i gcomhréir leis an gcuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 agus an sprioc atá aige glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an togra toisc gur i ndáil le foirgnimh a chaitear 40% den fhuinneamh a thomhlaítear, agus gur de bharr na bhfoirgneamh a scaoiltear 36% de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa, idir dhíreach agus indíreach, a bhaineann le fuinneamh san Aontas.

Cuirtear in iúl sa ghrafaic faisnéise na rialacha nua atá beartaithe chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh nua agus foirgneamh atá ann cheana san Aontas faoi 2030 agus níos faide i gcéin.
Oiriúnach do 55: foirgnimh san Aontas a dhéanamh níos glaise (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: foirgnimh san Aontas a dhéanamh níos glaise (Grafaic faisnéise)

An pacáiste gáis

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoin bpacáiste gáis ina bhfuil togra le haghaidh treoir agus togra le haghaidh rialachán maidir le comhrialacha an mhargaidh inmheánaigh do gháis inathnuaite agus nádúrtha agus don hidrigin.

Ba é an aidhm a bhí leis an bplé treoir pholaitiúil bhreise a chur ar fáil d’obair na Comhairle maidir leis na hábhair is práinní, amhail margaí hidrigine a fhorbairt, taraifí trasteorann agus lascainí taraife, agus cumasc. Phléigh na hairí samhlacha éagsúla díchuachta chun tacú le forbairt margaidh inmheánaigh éifeachtúil maidir le gáis inathnuaite, ísealcharbóin agus hidrigin, go háirithe an creat rialála a bheidh ann amach anseo i ndáil le hidrigin agus a céimniú isteach. Thacaigh na hairí i gcoitinne le díchuachadh agus le tréimhse ama sholúbtha chun na margaí hidrigine a chur chun feidhme. Thacaigh go leor acu le samhail an oibreora neamhspleách tarchurtha a mhacasamhlú ó na margaí gáis go dtí an margadh hidrigine. Beidh gá le tuilleadh oibre ar leibhéal na dtaraifí trasteorann maidir le gréasáin hidrigine agus maidir leis na roghanna atá ann chun idirdhealú a dhéanamh idir lascainí taraife idir gáis inathnuaite agus gáis ísealcharbóin. Thacaigh roinnt airí le hidrigin ísealcharbóin a chur san áireamh chun ár spriocanna a bhaint amach.

A mhéid a bhaineann leis an leibhéal éigeantach maidir le cumasc hidrigine sa chóras gáis nádúrtha, b’fhearr leis na hairí dá mbeadh an tsaincheist faoi réir na gcomhaontuithe déthaobhacha. Phléigh na hairí freisin ar cheart an t-uasleibhéal cumais éigeantach a laghdú nó ar cheart é a bheith deonach. Bhí malartú tuairimí acu freisin maidir le cur chun feidhme an uasleibhéil cumaisc a chur siar.

Tá an pacáiste gáis mar chuid den phacáiste beart ‘Oiriúnach do 55’ arb é is aidhm dóibh an tAontas a chur ar chonair na haeráidneodrachta faoi 2050. Murab ionann agus na rialacháin éigeandála maidir le fuinneamh a glacadh le déanaí ina bhfuil bearta gearrthéarmacha, sa togra seo, dírítear ar réitigh mheántéarmacha agus fhadtéarmacha.

Bearta éigeandála fuinnimh

Chuir an Coimisiún faoi bhráid na n-airí a thogra le haghaidh Rialachán ón gComhairle ‘Lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus trí thagarmharcanna praghais iontaofa’, a glacadh an 18 Deireadh Fómhair 2022.

Ina dhiaidh sin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an togra, i bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle Eorpach a glacadh an 21 Deireadh Fómhair 2022, agus páipéar leathoifigiúil a d’eisigh an Coimisiún maidir le roghanna beartais chun tionchar praghsanna gáis nádúrtha ar bhillí leictreachais a mhaolú chun treoir pholaitiúil a thabhairt d’obair na Comhairle. Ba dhíol sásaimh do na hairí i gcoitinne príomhphrionsabail an togra agus chuir siad i dtábhacht an gá atá le hiarrachtaí gasta comhordaithe ar an leibhéal Eorpach de mheon na dlúthpháirtíochta. Chomhaontaigh na hairí nach mór d’aon bhearta a dhéantar cur le slándáil an tsoláthair a chinntiú, praghsanna fuinnimh níos ísle a bheith ann do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais, agus laghdú ar an éileamh á spreagadh agus sláine an mhargaidh aonair á caomhnú ag an am céanna agus oibriú i dtreo sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Míreanna eile ar an gclár oibre

Faoi ‘aon ghnó eile’, roinn an Liotuáin eolas faoin tábhacht a bhaineann le sábháilteacht núicléach a chinntiú ag stáisiún cumhachta núicléiche na Bealarúise, Ostrovets, i gcomhréir le leibhéil sábháilteachta aitheanta an Aontais.

Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir le staid na hearnála fuinnimh san Úcráin agus sa Mholdóiv i ndiaidh na n-ionsaithe scriosacha a rinne an Rúis le déanaí. Chuir na hairí a n-imní in iúl i bhfianaise na staide sin, d’athdhearbhaigh siad a dtacaíocht don Úcráin agus dhearbhaigh siad, go háirithe le linn na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, a dtiomantas i ndáil leis an gcomhar leanúnach fuinnimh leis an Úcráin agus leis an Moldóiv a threisiú.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liosta na míreanna A neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025