Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 6 Nollaig 2022

Na príomhthorthaí

An Gníomh um an Intleacht Shaorga

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir leis na rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, mar a thugtar air.

Is príomhghné de chlaochlú digiteach agus de bheartas an Aontais é an dréachtrialachán chun forbairt agus glacadh intleachta saorga (IS) atá iontaofa, sábháilte agus dleathach, agus lena n-urramaítear cearta bunúsacha a chothú, ar an leibhéal Eorpach.

Leis an togra, leagtar síos creat dlíthiúil aonfhoirmeach cothrománach le haghaidh na hintleachta saorga, arb é is aidhm dó a áirithiú go ndéantar luachanna an Aontais Eorpaigh agus na dlíthe atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha a urramú leis na córais intleachta saorga a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus a úsáidtear san Aontas, lena n-áirítear ag soláthraithe nach soláthraithe de chuid an Aontais iad. Tá sé d’aidhm aige freisin deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú chun infheistíocht agus nuálaíocht in IS a éascú agus feabhas a chur ar rialachas agus forfheidhmiú éifeachtach an dlí atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha agus ceanglais sábháilteachta is infheidhme maidir le córais IS.

Ivan Bartoš, Leas-Phríomh-Aire na Seicia don Digiteáil agus an tAire Forbartha Réigiúnaí
Tá fíorthábhachtach ag baint leis an Intleacht Shaorga don todhchaí. Inniu, d'éirigh linn cothromaíocht íogair a bhaint amach a chuirfidh borradh faoin nuálaíocht agus faoi ghlacadh theicneolaíocht na hintleachta saorga ar fud na hEorpa, na buntáistí uile a bhaineann leis an teicneolaíocht sin ag gabháil léi, ar thaobh amháin, agus urraim iomlán á tabhairt do chearta bunúsacha ár saoránach, ar an taobh eile.
Ivan Bartoš, Leas-Phríomh-Aire na Seicia don Digiteáil agus an tAire Forbartha Réigiúnaí
Ivan Bartoš, Leas-Phríomh-Aire na Seicia don Digiteáil agus an tAire Forbartha Réigiúnaí

Le linn na díospóireachta, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad d’aon ghuth le cuspóirí agus cur chuige an togra ón Uachtaránacht, mar chomhréiteach cothrom ina ndéantar príomhábhair imní na mBallstát a chur san áireamh agus, ag an am céanna, an chothromaíocht íogair a chaomhnú idir cearta bunúsacha a chosaint agus glacadh theicneolaíocht IS a chur chun cinn.

Chuir na hairí chun suntais gur nuálach agus gur tábhachtach an comhad é an togra seo, agus go bhféadfaí forbairt agus glacadh IS atá sábháilte agus dleathach – ag gníomhaithe príobháideacha agus poiblí araon – a chothú ar fud an mhargaidh aonair. D’aontaigh na hairí freisin, go bhféadfadh an togra reachtach seo – nach raibh a leithéid riamh roimhe seo ann, go bhféadfadh sé caighdeán domhanda a leagan síos le haghaidh rialáil IS i ndlínsí eile, agus, ar an gcaoi sin, go bhféadfadh sé an cur chuige Eorpach maidir le rialáil teicneolaíochta a chur chun cinn ar an ardán domhanda.

Le glacadh an chur chuige ghinearálta, beidh an Chomhairle in ann dul i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa (ag ‘cruinnithe tríthaobhacha’) a luaithe a ghlacfaidh an Pharlaimint a seasamh féin d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an rialachán atá beartaithe.

Creat le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí (eID)

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le creat le haghaidh na céannachta digití Eorpaí (eID). Mar chuid thábhachtach de chlaochlú digiteach an Aontais Eorpaigh, leis an gcreat nua atá beartaithe, leasófar rialachán 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (Rialachán eIDAS), inar leagadh síos an dúshraith le haghaidh córas chun rochtain shábháilte a fháil ar sheirbhísí agus idirbhearta a chur i gcrích ar líne agus thar theorainneacha san Aontas.

Is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha an-éascaíocht a dhéanamh dúinn sa saol. Níl aon amhras orm ach go bhfuil Tiachóg na céannachta digití Eorpaí fíor-riachtanach do na saoránaigh agus do ghnólachtaí. Táimid ag caint ar dhul chun cinn ollmhór sa chaoi a n-úsáideann daoine a gcéannacht agus a ndintiúir sa teagmháil laethúil a bhíonn acu le heintitis phoiblí agus phríobháideacha araon, agus sa chaoi a n-úsáideann siad seirbhísí digiteacha, agus smacht maith á choinneáil ar a gcuid sonraí acu san am céanna. Ivan Bartoš, Leas-Phríomh-Aire na Seicia don Digiteáil agus an tAire Forbartha Réigiúnaí

Is é is aidhm don rialachán athbhreithnithe rochtain uilíoch a áirithiú do dhaoine agus do ghnólachtaí ar ríomh-shainaitheantas agus ríomh-fhíordheimhniú slán iontaofa trí ríomhthiachóg phearsanta ar an bhfón póca (Tiachóg céannachta digití Eorpaí). Ba cheart aitheantas a bheith an tiachóg san earnáil phoiblí ar fud an Aontais agus ba cheart do sholáthraithe seirbhíse príobháideacha a dteastaíonn fíordheimhniú láidir úsáideora uathu agus ardáin mhóra ar líne í a aithint. Leis an togra, cruthaítear creat dlíthiúil freisin le haghaidh airíonna aitheantais agus faisnéis atá nasctha le céannacht a mhalartú. Déantar foráil sa togra do rialú úsáideoirí agus cosaint sonraí agus do chomhroinnt spriocdhírithe sonraí céannachta atá teoranta do riachtanais na seirbhíse sonraí a iarradh.

Le linn na díospóireachta, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad d’aon ghuth le cuspóirí agus cur chuige an togra ón Uachtaránacht, mar chomhréiteach cothrom ina ndéantar príomhábhair imní na mBallstát a chur san áireamh agus, ina ndéantar, san am céanna, an chothromaíocht íogair a chaomhnú idir an gá atá le hidirbhearta a bheith slán agus saoránaigh a bheith in ann smacht a choinneáil ar a gcuid sonraí féin.

Chuir na hairí i bhfios go láidir go bhféadfadh na teicneolaíochtaí digiteacha an saol a éascú go mór agus go mbeadh tiachóg céannachta pearsanta fíor-riachtanach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud na hEorpa. Agus béim á leagan acu ar an dul chun cinn ollmhór atá déanta maidir leis an gcaoi a n-úsáideann daoine a bhféiniúlacht agus a ndintiúr i dteagmháil laethúil le heintitis phoiblí agus phríobháideacha araon, agus maidir leis an gcaoi a n-úsáideann siad seirbhísí digiteacha, d’aontaigh na hairí leis an bpríomhthábhacht a bhaineann leis an gcomhad sonrach do chlaochlú digiteach an Aontais.

Le glacadh an chur chuige ghinearálta, beidh an Chomhairle in ann dul i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa (ag ‘cruinnithe tríthaobhacha’) a luaithe a ghlacfaidh an Pharlaimint a seasamh féin d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an rialachán atá beartaithe.

An Gníomh um Shonraí

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta leis an togra le haghaidh Rialachán i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí.

Is iad príomhchuspóirí an togra cothroime a áirithiú i leithdháileadh luacha ó shonraí i measc gníomhaithe sa gheilleagar sonraí agus rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a chothú. Píosa reachtaíochta cothrománach atá ann agus ba cheart é a chomhlánú go luath le reachtaíocht bhreise le haghaidh earnálacha sonracha. Dá bhrí sin, is tábhachtach an chéim é an togra reachtach seo i bhforbairt gheilleagar sonraí na hEorpa.

Thacaigh na hairí le príomhchuspóirí an togra agus thug siad dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn. Bunaithe ar an dul chun cinn suntasach a rinneadh maidir leis an togra seo faoi Uachtaránacht na Seicia, leanfar den obair sa Chomhairle faoi Uachtaránacht na Sualainne.

An Gníomh um Chibear-Athléimneacht

Bhreathnaigh an Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le ceanglais chothrománacha cibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha (an Gníomh um Athléimneacht Chibear).

Is é príomhchuspóir an togra seo ceanglais chothrománacha cibearshlándála a bhunú le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus a dhíoltar ar mhargadh inmheánach an Aontais. Is é is aidhm don togra cibearshlándáil níos fearr a chinntiú maidir le táirgí crua-earraí agus bogearraí araon ar feadh an tslabhra soláthair ar fad agus ar feadh a saolré ar fad.

Thacaigh na hairí le príomhchuspóirí an togra agus thug siad dá n-aire an tuarascáil ar dhul chun cinn. Bunaithe ar an dul chun cinn a rinneadh faoi Uachtaránacht na Seicia, leanfar den obair sa Chomhairle faoi Uachtaránacht na Sualainne.

Rannpháirtíocht dhigiteach idirnáisiúnta

Ag lón neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí an rannpháirtíocht digiteach idirnáisiúnta.

Ag aithint dóibh gur gá comhar straitéiseach an Aontais le tríú tíortha a neartú i réimse na dteicneolaíochtaí nua agus na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn san earnáil dhigiteach, phléigh na hairí na réigiúin nó na catagóirí tríú tíortha ar cheart don Aontas díriú orthu chun a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a mhéadú. D’fhéadfaí a áireamh ar na tionscnaimh sin, mar shampla, comhar feabhsaithe leis na Stáit Aontaithe, leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, leis an Afraic, le Meiriceá Laidineach agus leis an Muir Chairib.

Scileanna digiteacha le haghaidh na Deacáide Digití

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an aistriú digiteach agus glas ar bhonn nóta a thíolaic an Uachtaránacht. Ghlac Valeriya Ionan, leas-aire na hÚcráine um an gclaochlú digiteach, páirt sa díospóireacht trí fhíschomhdháil.

D’aontaigh na hairí go bhfuil sé ríthábhachtach nach bhfágfaí aon duine ar lár, gan na scileanna digiteacha cearta a bheith acu, más mian leis an Aontas a áirithiú go mbainfidh an tsochaí ar fad tairbhe as an gclaochlú digiteach, . Mheabhraigh siad go ndearnadh roinnt beart agus tionscnamh tábhachtach ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear spriocanna uaillmhianacha coiteanna de chuid an Aontais a leagan síos maidir le scileanna digiteacha i gClár Beartais na Deacáide Digití 2030 dar teideal ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’, a caibidlíodh agus a glacadh le linn Uachtaránacht na Seicia. D’admhaigh na hairí, áfach, gur gá tuilleadh oibre a dhéanamh i ndáil leis sin.

I bhfianaise a ríthábhachtaí atá bunscileanna laistigh den daonra oibre agus an gá atá le dlús a chur le hiarrachtaí an Aontais a áirithiú go mbeidh na scileanna riachtanacha ar fáil chun claochlú digiteach rianúil a chumasú, phléigh na hairí na gníomhaíochtaí breise uas-scilithe a d’fhéadfaí a bheartú, agus béim ar leith á leagan ar bhearta uas-scilithe a d’fhéadfadh a bheith an-úsáideach do FBManna.

Bhreathnaigh na hairí freisin ar bhealaí a bhféadfaí dul i gcomhar le chéile chun cur leis na dea-chleachtais/an dea-thaithí a sainaithníodh sna Ballstáit agus líon na speisialtóirí TFC agus líon na speisialtóirí earnála a bhfuil ardscileanna digiteacha acu a mhéadú. Chomh maith leis sin, phléigh na hairí na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a bheartú chun cabhrú leis na príomhéiceachórais thionsclaíocha, go háirithe le FBManna daoine a bhfuil scileanna digiteacha acu a mhealladh ar fud na hEorpa.

Gnó eile

Faoi ‘aon ghnó eile’ agus i láthair Valeriya Ionan, leas-aire na hÚcráine um an gClaochlú Digiteach, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin tacaíocht theicniúil ón Aontas don Úcráin i réimse na teileachumarsáide.

Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí maidir le fánaíocht shaor nó lascainithe a leathnú do dhídeanaithe ón Úcráin atá ag fanacht san Aontas agus maidir le seachadadh trealaimh teileachumarsáide/dhigitigh chun na hÚcráine a chomhordú. Seoladh an tionscnamh is déanaí (‘Laptops4Ukraine’) an 1 Nollaig agus is é is aidhm dó ríomhairí glúine, fóin chliste agus táibléid a bhailiú agus a sheachadadh agus freagairt do riachtanais bhunúsacha scoileanna, ospidéal agus riarachán poiblí sna réigiúin chogaidh is mó atá buailte san Úcráin.

Ina theannta sin, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis na tograí reachtacha reatha agus aon tionscnamh neamhreachtach amháin.

A mhéid a bhaineann leis an Rialachán maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach (rPhríobháideachas), chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin staid mar atá sa Chomhairle agus faoin gcaibidlíocht atá ar siúl le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcomhad seo.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoin gcomhaontú a rinneadh le déanaí i ndáil leis an Dearbhú Eorpach maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha le haghaidh na deacáide digití, a mheastar a shíneofar ag an gComhairle Eorpach an 15 Nollaig.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le tionscnaimh idirnáisiúnta sa réimse digiteach, ag díriú ar Chomhairlí Trádála agus Teicneolaíochta agus ar chomhpháirtíochtaí digiteacha.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir leis an toradh a bhí ar an chruinniú fíorúil ardleibhéil na saineolaithe maidir le rialachas agus forfheidhmiú rialacha an Aontais sa réimse digiteach (an 17 Deireadh Fómhair 2022), agus maidir leis an gcomhdháil dar teideal ‘Todhchaí Dhigiteach Slán agus Nuálach an Aontais’ a tionóladh i bPrág an 3 agus 4 Samhain 2022.

Ar deireadh, chuir Uachtaránacht inteachta na Seicia a clár oibre don dara leath de 2023 i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025