"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 4 Nollaig 2025
Na príomhthorthaí
Trí chur chuige ginearálta a bhaint amach inniu maidir leis an gcomhad ar mheáchain agus ar thoisí agus maidir leis an bpacáiste ródacmhainneachta araon, bhíomar in ann céim thábhachtach chun cinn a dhéanamh i dtreo gréasán iompair de chuid an Aontais a bheidh níos iomaíche, níos nuálaí, níos inbhuanaithe agus níos sábháilte.
Thomas Danielsen, Aire Iompair na Danmhairge
Meáchain agus toisí
Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an leasú atá beartaithe ar an treoir lena leagtar síos toisí agus meáchain údaraithe uasta d’fheithiclí bóthair áirithe.
Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an leasú atá beartaithe saorghluaiseacht éifeachtúil earraí tríd an Aontas agus forfheidhmiú rialacha nua agus rialacha atá ann cheana a neartú, cuimsítear ann freisin dreasachtaí d’earnáil an iompair de bhóthar infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha. D’fhágfadh sé sin, go háirithe, go bhféadfaí fritháireamh a dhéanamh ar an meáchan breise a bheadh ann de bharr na dteicneolaíochtaí sin.
Rinneadh athruithe sa seasamh ón gComhairle chun tacú leis an aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha (FAN) agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar ábhair imní maidir leis an meáchan breise a d’fhéadfadh na feithiclí sin a chur ar bhonneagar bóithre.
Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an nuashonrú atá beartaithe ar an bpacáiste ródacmhainneachta, lena gcuirtear chun cinn athchóiriú cuimsitheach ar rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus clárú feithiclí.
Tá dhá thogra sa phacáiste lena ndírítear ar thrí threoir a thabhairt cothrom le dáta: treoir amháin maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí, treoir eile maidir le cigireachtaí cois bóthair ar fheithiclí tráchtála agus treoir eile maidir le doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí.
Sa seasamh ón gComhairle, rinneadh athruithe chun na hábhair imní maidir le costais bhreise d’úinéirí feithiclí a léiriú agus cuireadh san áireamh nach bhfuil na modhanna tástála nua d’ocsaídí nítrigine (NOx) forbartha go hiomlán ná in úsáid go forleathan go fóill.
Le linn an lóin, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le saincheist an tsimplithe agus na réimsí gníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse an iompair, seisiún dar teideal ‘Simpliú a choinneáil ar an mbóthar ceart: conas reachtaíocht iompair an Aontais a shimpliú’ ina ndearnadh cur i láthair ón gCoimisiún ar an tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú.
Gnó eile
Faoi ‘gnó eile’, ardaíodh na hábhair seo:
Míreanna faisnéise ón uachtaránacht maidir leis an méid seo a leanas:
staid na himeartha maidir le creat glan-nialasachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta
an rialachán lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (seisiún poiblí)
dearbhú ón Uachtaránacht maidir le ‘Iomaíochas iarnróid a bhaint amach trí chostais theicniúla agus riaracháin a chiorrú trí chomhchuibhiú agus imscaradh Eorpach’ (seisiún poiblí)
Faisnéis maidir le tograí reachtacha reatha ón Uachtaránacht (seisiún poiblí)
Míreanna faisnéise ón gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
an pacáiste soghluaisteachta míleata (seisiún poiblí)
an plean infheistíochta um an iompar inbhuanaithe (seisiún poiblí)
an plean gníomhaíochta um iarnróid ardluais (seisiún poiblí)
Mír faisnéise ón tSualainn maidir leis an idirphlé ardleibhéil atá ar na bacáin i ngrúpa leasa choitinn don Úcráin san Fhóram Iompair Idirnáisiúnta chomh maith le bunú an chiste tacaíochta iompair don Úcráin faoin tionscnamh seo (seisiún poiblí)
Mír faisnéise ón Eastóin, ón Laitvia agus ón Liotuáin maidir le cur isteach arís agus arís eile ar an eitlíocht shibhialta de bharr aerárthaí gan foireann (ladrainn) agus balúin smuigleála de thionscnamh tríú tíortha
Mír faisnéise ón Iodáil maidir leis na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le leathnú aonfhoirmeach Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais chuig seirbhísí muiriompair (seisiún poiblí)
Mír faisnéise ón Eastóin maidir leis na dúshláin a bhaineann le bonneagar luchtaithe d’fheithiclí tromshaothair (seisiún poiblí)
Mír faisnéise ón Ísiltír maidir le gairis soghluaisteachta pearsanta (seisiún poiblí)
Mír faisnéise ón Ungáir maidir leis an gcomhdháil ar thaighde iompair (seisiún poiblí)
Mír faisnéise ón mBeilg maidir leis an simpliú ar riarachán a chur chun cinn agus an tslándáil a neartú in earnáil na ndrón sibhialta (seisiún poiblí)
Mír faisnéise ón bhFrainc maidir le tacú leis an éileamh atá ann ar fheithiclí leictreacha trí rialacháin uaillmhianacha maidir le flíteanna corparáideacha a ghlasú (seisiún poiblí)
Mír faisnéise ón Ostair agus ón bhFrainc maidir le dálaí cothroma athléimneacha a chinntiú d’Earnáil Iarnróid na hEorpa
Pointe faisnéise ón gCipir maidir le clár oibre uachtaránacht inteachta na Cipire
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.