Amlíne - Cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta ina dtugtar aghaidh ar an intleacht shaorga
Cuirtear chun suntais go comhsheasmhach ag cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta an gá atá le rialáil chomhchuibhithe dhomhanda maidir leis an intleacht shaorga (IS) chun an nuálaíocht a chothú, cearta daoine a chosaint agus rioscaí a bhainistiú. Is minic a mholtar gníomh an Aontais um an intleacht shaorga, an chéad dlí ar domhan maidir leis an intleacht shaorga, mar shamhail, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus breithnithe eiticiúla agus an intleachta shaorga á forbairt agus á himscaradh.
-
2026
15-17 MeitheamhBéim leagtha ag cruinniú mullaigh G7 ar a thábhachtaí atá córais IS níos sábháilte do leanaí agus don óige
D’aithin ceannairí G7 na rioscaí a bhaineann leis an úsáid a bhaineann leanaí agus an óige as córais intleachta saorga chomhrá. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé do sholáthraithe socruithe sábháilteachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm mar réamhshocrú do leanaí agus don óige chun uirlisí comhrá intleachta saorga a dhéanamh níos sábháilte do leanaí agus don óige.
Tá G7 tiomanta i gcónaí d’éiceachóras taighde agus eolaíoch a chothú inar féidir bheith ag obair ar dheiseanna do leanaí agus daoine óga agus ar thionchair na seirbhísí digiteacha agus na hintleachta saorga orthu.
-
2026
10 MeitheamhComhaontú ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré Socrú Comhair maidir leis an Intleacht Shaorga a thabhairt i gcrích
Chomhaontaigh na ceannairí Socrú Comhair maidir leis an Intleacht Shaorga a thabhairt i gcrích chun tacú le tuilleadh comhair nuálaíochta agus rialachais.
-
2026
4-5 BealtaineChomhaontaigh an cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Airméin féachaint ar dheiseanna le haghaidh comhar maidir leis an intleacht shaorga
Chomhaontaigh na ceannairí féachaint an bhféadfaí comhar a dhéanamh i réimse na hintleachta saorga, i gcomhréir le gníomh an Aontais um an intleacht shaorga. Chuideodh an comhar sin leis an Airméin a chomhtháthú i margadh aonair digiteach an Aontais, rud a chinnteodh forbairt eiticiúil thrédhearcach theicneolaíochtaí IS.
-
2026
27 EanáirAn comhar maidir leis an intleacht shaorga a chur chun cinn comhaontaithe ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an India
I gclár oibre straitéiseach comhpháirteach cuimsitheach a glacadh le linn an 16ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an India, chomhaontaigh na ceannairí comhoibriú i réimse na hintleachta saorga agus taighde comhoibríoch a chur chun cinn atá dírithe ar an intleacht shaorga, ar an ríomhaireacht chandamach, ar leathsheoltóirí ardfhorbartha, ar an teicneolaíocht ghlan agus ar an mbith-theicneolaíocht.
-
2025
22-23 NollaigGealltanas tugtha ag cruinniú mullaigh G20 comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn chun leas iomlán a bhaint as an intleacht shaorga
Chuir na ceannairí in iúl go bhfuil siad tiomanta leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha agus na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear an intleacht shaorga (IS), agus go bhfuil siad tiomanta na rioscaí a mhaolú.
Chun forbairt agus úsáid shábháilte na hintleachta saorga a chinntiú, ní mór aghaidh a thabhairt ar ghnéithe a bhaineann le cearta an duine, an trédhearcacht, an rialáil, an eitic, an chosaint sonraí agus an rialachas.
I ndáil leis an méid sin, ba dhíol sásaimh do na ceannairí freisin seoladh an tionscnaimh IS don Afraic.
-
2025
24-25 SamhainTá rún daingean ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach intleacht shaorga atá duinelárnach agus iontaofa a fhorbairt
Agus aitheantas á thabhairt acu don acmhainneacht ollmhór a bhaineann le claochlú digiteach atá slán agus iontaofa chun deiseanna eacnamaíocha a chruthú agus chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus, ag an am céanna, chuir siad i bhfios go láidir a phráinní atá sé an bhearna dhigiteach a dhúnadh, bheartaigh na ceannairí iarrachtaí a neartú maidir le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha a fhorbairt, lena n-áirítear maidir le córais intleachta saorga atá dírithe ar an duine agus iontaofa lena n-urramaítear cearta maoine intleachtúla.
-
2025
9 SamhainÉ comhaontaithe ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh intleacht shaorga atá sábháilte, slán agus iontaofa a chur chun cinn
Chomhaontaigh na ceannairí intleacht shaorga atá sábháilte slán agus iontaofa a chur chun cinn, mar aon le rialachas eiticiúil a dhéanamh uirthi, le fócas freagrach cuimsitheach, infheistíocht i mbonneagar digiteach slán agus i bhfothú acmhainneachta, agus chomhaontaigh siad tacú le claochlú digiteach atá duinelárnach, slán agus oscailte.
-
2025
22 Deireadh FómhairAn gealltanas an intleacht shaorga a chur chun cinn athdhearbhaithe ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Éigipt
-
2025
25 Meán FómhairComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: seasamh an Aontais maidir le cur chuige duinelárnach i leith na hintleachta saorga athdhearbhaithe ag an Uachtarán Costa
San óráid a thug sé ag an seisiún de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an intleacht shaorga agus an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta, d’athdhearbhaigh an tUachtarán Costa tacaíocht an Aontais do chur chuige duinelárnach i leith na hintleachta saorga agus d’iarr sé go mbeadh leibhéal uaillmhéine rialála ann go hidirnáisiúnta atá ar aon dul le gníomh an Aontais um an intleacht shaorga.
-
2025
16-17 MeitheamhAithníonn cruinniú mullaigh G7 an acmhainneacht a bhaineann le hintleacht shaorga atá duinelárnach chun rathúnas a mhéadú
Chun acmhainneacht na hintleachta saorga a bhaint amach go hiomlán, gheall na ceannairí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- ag obair le chéile chun borradh a chur faoi ghlacadh na hintleachta saorga san earnáil phoiblí
- cuidiú le FBManna IS atá sábháilte, slán agus iontaofa a ghlacadh agus a fhorbairt, lena n-áirítear trí threochlár G7 maidir le glacadh IS a sheoladhlena soláthraítear conairí inghníomhaithe lena gcuirtear ar chumas cuideachtaí IS a ghlacadh
- aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fuinnimh na hintleachta saorga agus leas a bhaint as a hacmhainneacht i réimsí na héifeachtúlachta fuinnimh agus na nuálaíochta
- comhpháirtíochtaí a leathnú le margaí atá ag teacht chun cinn agus le comhpháirtithe tíortha i mbéal forbartha
-
2025
23 MeitheamhGealltanas tugtha ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an intleacht shaorga
Bhí sé beartaithe ag na ceannairí feabhas a chur ar an gcomhar maidir le nuálaíocht intleachta saorga (IS), lena n-áirítear comhar maidir le monarchana IS, chun ár mbonneagar ríomhaireachta ardfheidhmíochta a nascadh agus chun comhar taighde a dhoimhniú i réimsí straitéiseacha teicneolaíochta ar nós IS agus na ríomhaireachta candamaí.
Oibreoidh siad freisin chun a gcreataí agus a gcaighdeáin sa réimse rialála a ailíniú chun córais iontaofa intleachta saorga a fhorbairt.
-
2024
18 SamhainRialachas intleachta saorga atá freagrach agus cuimsitheach á chur chun cinn ag cruinniú mullaigh G20
Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na hintleachta saorga, na tairbhí a bhaineann léi a chomhroinnt go cothrom, agus rioscaí a mhaolú, oibreoidh ceannairí G20 le chéile chun comhar idirnáisiúnta agus tuilleadh plé maidir le rialachas idirnáisiúnta don intleacht shaorga a chur chun cinn, agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le guthanna na dtíortha forbartha agus na dtíortha i mbéal forbartha a ionchorprú.
Ba dhíol sásaimh dóibh freisin an cinneadh a rinne airí saothair agus fostaíochta G20 treoirlínte a bhunú maidir le húsáid shábháilte shlán iontaofa na hintleachta saorga i saol na hoibre.
-
2024
3-4 IúilAthdhearbhaítear ag an gcruinniú mullaigh domhanda maidir le IS san India go bhfuiltear i gcónaí tiomanta don intleacht shaorga iontaofa a chothú
D’aithin ceannairí ó gach cearn den domhan, an tAontas san áireamh, na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus d’fhógair siad comhpháirtíocht le ECFE chun rialachas na hintleachta saorga a chur chun cinn.
-
2024
13-15 MeitheamhGealltar IS atá sábháilte, slán agus iontaofa a chur chun cinn ag cruinniú mullaigh G7
D'fhógair an G7 plean gníomhaíochta maidir leis an intleacht shaorga sa láthair oibre agus pleananna chun branda a chruthú chun tacú le cód iompair idirnáisiúnta d’eagraíochtaí a fhorbraíonn ardchórais intleachta saorga.
-
2024
21-22 BealtaineComhaontaithe ag an gcruinniú mullaigh IS i Súl go ndéanfar na tairseacha riosca don intleacht shaorga a shainiú
Chomhaontaigh an tAontas agus deich dtír eile líonra institiúidí sábháilteachta IS a sheoladh, agus gheall mórchuideachtaí teicneolaíochta go gcuirfeadh siad feabhas ar bhainistiú riosca agus ar thrédhearcacht.
-
2023
23-24 SamhainComhpháirtíocht dhigiteach seolta ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada
Sheol an tAontas agus Ceanada comhpháirtíocht dhigiteach chun an comhar digiteach a dhoimhniú ar mhaithe le geilleagar digiteach agus sochaí dhigiteach a bheidh dearfach agus duinelárnach agus ina ndíreofar ar an intleacht shaorga, i measc nithe eile.
-
2023
1-2 SamhainAI safety summit commits to addressing advanced artificial intelligence risks
The EU and 27 countries across the world emphasised the transformative potential of AI, and committed to global cooperation in managing the risks associated with AI and to developing safe, human-centric AI.
-
2023
20 Deireadh FómhairGealltanais tugtha ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe go saothrófaí cur chuige duinelárnach i ndáil leis an intleacht shaorga
Gheall na ceannairí go gcuirfí cur chuige duinelárnach chun cinn i ndáil leis an intleacht shaorga.
-
2023
9-10 Meán FómhairG20 summit commits to balanced, pro-innovation regulation of artificial intelligence
G20 leaders agreed to pursue a pro-innovation regulatory approach that maximises the benefits and takes into account the risks associated with the use of AI.
-
2023
13 IúilMoladh déanta ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin go mbeadh idirphlé domhanda ann maidir leis an intleacht shaorga iontaofa
Mhol ceannairí an Aontais agus ceannairí na Seapáine plé idirnáisiúnta maidir le rialachas na hintleachta saorga d’fhonn an intleacht shaorga iontaofa a bhaint amach.
-
2023
22 BealtaineAn chomhpháirtíocht dhigiteach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré
Ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, dúirt na ceannairí gur díol sásaimh dóibh seoladh na comhpháirtíochta digití eatarthu i mí na Samhna 2022, lena gcothaítear comhar maidir leis an méid a leanas: leathsheoltóirí, líonraí móibíleacha den chéad ghlúin eile, ríomhaireacht chandamach agus ardfheidhmíochta, an intleacht shaorga, agus rialáil ardán ar líne agus ardán digiteach.
-
2022
12 BealtaineComhpháirtíocht dhigiteach seolta ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin
Sheol ceannairí an Aontais agus ceannairí na Seapáine comhpháirtíocht dhigiteach chun an comhar maidir le saincheisteanna digiteacha a chur chun cinn agus chun cabhrú le claochlú digiteach rathúil a chinntiú. Cabhróidh an chomhpháirtíocht leis an Aontas agus leis an tSeapáin a spriocanna comhroinnte a bhaint amach i réimsí tábhachtacha, an intleacht shaorga ina measc.
-
2022
1 AibreánBéim leagtha ar an tábhacht a bhaineann leis an intleacht shaorga iontaofa eiticiúil ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín
Tharraing an tAontas aird ar a thábhachtaí atá timpeallacht thrédhearcach iomaíoch don gheilleagar digiteach, chomh maith le húsáid na hintleachta saorga ar bhealaí iontaofa eiticiúla.
-
2021
14 MeitheamhAn comhar digiteach neartaithe ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada
Rinne an tAontas agus Ceanada an comhar digiteach a dhoimhniú tríd an idirphlé digiteach idir Ceanada agus an tAontas agus tríd an gcomhpháirtíocht dhomhanda maidir leis an intleacht shaorga.
-
2021
27 BealtaineObair chomhpháirteach maidir leis an intleacht shaorga athdhearbhaithe ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin
Dhearbhaigh an tAontas agus an tSeapáin a gcomhar chun caighdeáin dhomhanda agus cineálacha cuimsitheacha cur chuige maidir le beartais agus teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn. Dhearbhaigh an tAontas go n-oibreoidh sé leis an tSeapáin ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ar ábhair chriticiúla, 5G agus 6G, ar an intleacht shaorga, ar shonraí agus ar ardáin.
-
2021
8 BealtaineIs é is aidhm don chruinniú idir ceannairí an Aontais agus na hIndia tús a chur leis an gcomhar maidir leis an intleacht shaorga
Chuir na ceannairí in iúl go bhfuil siad toilteanach obair an tascfhórsa chomhpháirtigh maidir leis an intleacht shaorga a sheoladh.
-
2020
29 Deireadh FómhairBéim leagtha ar an gcomhar maidir leis an intleacht shaorga ag an gcruinniú idir ceannairí an Aontais agus Cheanada
Leag na ceannairí béim ar an dlúthchomhar idir an tAontas agus Ceanada maidir leis an gclaochlú digiteach, agus maidir leis an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun tacú le téarnamh COVID-19.
-
2020
30 MeitheamhRepublic of Korea-EU leaders' meeting discusses ethical artificial intelligence
Both sides discussed matters relating to innovation and cooperation in the digital technologies sector, including the ethical implementation of artificial intelligence and secure cross border data flows.
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Lúnasa 2026