Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, 20 Deireadh Fómhair 2023

Na príomhthorthaí

Bhuail ceannairí an Aontais Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell le hUachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus Státrúnaí na Stát Aontaithe, Antony Blinken, in Washington DC.

Deis a bhí sa chruinniú seo athbhreithniú a dhéanamh ar an dlúth-chomhpháirtíocht thrasatlantach agus ar réimsí comhair laistigh den chomhpháirtíocht. Ghlac na ceannairí ráiteas comhpháirteach ag deireadh an chruinnithe mullaigh, ina bhfuil treochlár chun bonn a chur faoin gcaidreamh agus é a neartú a thuilleadh sna blianta amach romhainn.

Grianghraf den ghrúpa

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

Déanaimid ionadaíocht ar bheagnach 800 milliún saoránach agus is mór againn na luachanna a roinnimid agus an caidreamh dinimiciúil eadrainn; chuige sin athdhearbhaímid ár dtiomantas do chomhpháirtíocht thrasatlantach a dhéanfaidh beart dár bpobail uile. Ráiteas comhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe, an 20 Deireadh Fómhair 2023

Is dlúthpháirtithe iad an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá atá ar aon intinn le chéile agus a bhfuil tiomantas acu don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus don iltaobhachas éifeachtach.

Is fórsa dearfach iad an dá rud sin lena gcuirtear an chobhsaíocht agus an tsíocháin chun cinn ar fud an domhain agus tugann siad aghaidh ar dhúshláin bhunúsacha dhomhanda lena n-áirítear timpeallacht slándála atá athraithe, cosaint an daonlathais, urraim do chearta an duine agus an t-athrú aeráide.

Téann an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe chun tairbhe dá gcuid saoránach ar an dá thaobh den Atlantach, agus tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe an-tiomanta don rathúnas a chothú agus don chomhar eatarthu maidir le slándáil agus cosaint a fhorbairt a thuilleadh. D’aithin na ceannairí an luach a bhaineann le cosaint Eorpach níos láidre agus níos cumasaí a chuirfeadh go dearfach leis an tslándáil dhomhanda agus thrasatlantach agus atá comhlántach agus idir-inoibritheach le ECAT.

An staid sa Mheánoirthear

Phléigh na ceannairí an staid sa Mheánoirthear, a bhfuil súil ghéar á coimeád acu uirthi.

Iarraimid go scaoilfear saor na gialla uile láithreach agus cuirimid béim ar an gcomhdhearcadh atá againn gur bealach inmharthana é an réiteach dhá stát fós chun síocháin bhuan a bhaint amach. Ráiteas comhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe, an 20 Deireadh Fómhair 2023

Cháin an tAontas agus na Stáit Aontaithe go géar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas ar Iosrael agus ar mhuintir na tíre sin,ionsaithe a bhí brúidiúil neamh-idirdhealaitheach. D’athdhearbhaigh na ceannairí go bhfuil sé de cheart ag Iosrael é féin a chosaint, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus chuir siad in iúl gur cúis imní dóibh an ghéarchéim dhaonnúil atá ag dul in olcas in Gaza.

Chuir na ceannairí i dtreis a thábhachtaí atá sé a bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • sibhialtaigh a chosaint
  • tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh teacht ar shábháilteacht nó cúnamh a chur ar fáil
  • rochtain ar bhia, ar uisce, ar chúram leighis agus ar dhídean a éascú

an cogadh atá á chur ag an Rúis ar an Úcráin

comhcheannaireacht léirithe ag an Aontas agus ag Stáit Aontaithe Mheiriceá lena gcuid tacaíochta don Úcráin tar éis don Rúis cogadh a chur uirthi. D’athdhearbhaigh na ceannairí a dtiomantas fadtéarmach don Úcráin, lena n-áirítear tacaíocht taidhleoireachta, airgeadais agus mhíleata. D’athdhearbhaigh siad freisin go bhfuil rún daingean acu an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • freagracht iomlán na Rúise as an gcogadh a chinntiú
  • díriú ar na gníomhaithe tríú tír a thacaíonn go hábhartha leis an gcogadh
  • smachtbhannaí agus bearta rialaithe onnmhairiúcháin a fhorfheidhmiú go comhpháirteach

comhar nach bhfacthas a leithéid riamh léirithe ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe chun freagairt thrasatlantach choiteann a dhéanamh ar an gcogadh agus ar na hiarmhairtí domhanda a bhaineann leis. I ndáil leis sin, d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas a bheith ag obair leis an gcomhphobal domhanda chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin fuinnimh, eacnamaíocha agus slándála bia atá tar éis eascairt as cogadh na Rúise.

Trádáil agus geilleagar

Is dlúth-chomhpháirtithe eacnamaíocha iad an tAontas agus na Stáit Aontaithe a bhfuil naisc láidre trádála agus infheistíochta eatarthu, agus tá siad ar thús cadhnaíochta san aistriú teicneolaíoch agus san aistriú digiteach. Leag na ceannairí béim ar a thábhachtaí atá an trádáil agus infheistíochtaí sa chaidreamh eatarthu agus phléigh siad conas saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach.

Tá rún daingean ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe an athléimneacht eacnamaíoch agus an tslándáil a mhéadú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • aghaidh a thabhairt ar na cleachtais eacnamaíocha shaobhacha nach bhfuil margadhbhunaithe
  • na leochaileachtaí sa slabhra soláthair a laghdú
  • na slabhraí soláthair trasatlantacha a neartú
  • aghaidh a thabhairt ar na rioscaí maidir le slándáil agus sceitheadh na teicneolaíochta
  • dul i ngleic leis an gcomhéigean eacnamaíoch

Bhreathnaigh na ceannairí freisin ar an dul chun cinn a rinneadh i dtaca leis an socrú domhanda maidir leis an gcruach agus alúmanam inbhuanaithe agus i dtaca le comhaontú spriocdhírithe maidir le mianraí criticiúla.

Colláis theibí ina bhfuil gnéithe de bhratacha na Stát Aontaithe agus an Aontais agus coimeádáin lasta.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An t-athrú aeráide agus fuinneamh

D’athdhearbhaigh na ceannairí go bhfuil siad réidh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, lena n-áirítear trí chailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú agus na haigéin a chosaint.

I bhfianaise 28ú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28) a bheidh ar siúl in Dubai, d’áitigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar na príomhghníomhaithe eile go léir gníomhú go huaillmhianach agus d’iarr siad ar gach tír an sprioc maidir le hacmhainneacht fuinnimh inathnuaite dhomhanda agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú go mór a bhaint amach.

Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe tiomanta don obair leanúnach atá á déanamh faoin nGealltanas Domhanda maidir le Meatán, a sheol siad i Samhain na bliana 2021. Geallann tíortha a ghlacann an gealltanas sin go bhfuil siad tiomanta a bheith ag obair lena chéile chun astaíochtaí meatáin a laghdú.

An t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach

Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar thús cadhnaíochta a mhéid a bhaineann leis an aistriú teicneolaíoch agus an t-aistriú digiteach a chuidíonn lenár ngeilleagair a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche, agus ag an am céanna a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

I ndáil leis an méid sin, gheall na ceannairí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • éiceachóras digiteach atá slán agus iomaíoch a chruthú
  • spás trasatlantach comhchoiteann a thógáil don nuálaíocht, do theicneolaíochtaí agus d’fhuinneamh
  • teicneolaíochtaí nuálacha a dhéanamh inacmhainne do gach duine
  • cur chuige duinelárnach i leith na hintleachta saorga a chur chun cinn

Gnóthaí domhanda

Na Balcáin Thiar

Tá sé ar leas don Aontas agus do na Stáit Aontaithe na Balcáin Thiar a bheith cobhsaí agus slán. Sa chomhthéacs sin, d’iarr na ceannairí ar na páirtithe san Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine an teannas a mhaolú go práinneach agus tús a chur leis an idirphlé an athuair.

Chuir na ceannairí in iúl go dtacaíonn siad le peirspictíocht an Aontais maidir le réigiún na mBalcán Thiar agus mhol siad do na comhpháirtithe uile leanúint d’athchóirithe a dhéanamh ionas go rachaidís chun cinn ar a gconair Eorpach.

An Airméin-an Asarbaiseáin

Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe tiomanta don tsíocháin bhuan a chur chun cinn san Airméin agus san Asarbaiseáin, síocháin atá bunaithe ar an aitheantas frithpháirteach don cheannasacht, don dosháraitheacht teorainneacha agus d’iomláine chríochach.

Sa chomhthéacs sin, d’iarr na ceannairí go ndéanfaí an méid seo a leanas:

  • go gcinnteodh an Asarbaiseáincearta agus slándáil na ndaoine nár fhág Nagarna-Carabaic agus dóibh siúd ar mhian leo filleadh ar a dtithe
  • go gcloífeadh na páirtithe uile leis an bprionsabal gan forneart ná bagairt fornirt a úsáid

An Afraic

Tá leas coiteann ag na ceannairí san Afraic a bheith síochánta daonlathach athléimneach, agus ba dhíol sásaimh dóibh aontachas an Aontais Afracaigh le G20 marchomhalta buan.

Gheall na ceannairí freisin go n-oibreoidís i gcomhar le comhpháirtithe chun an tslándáil, an chobhsaíocht agus an rathúnas a chur chun cinn san Afraic Thuaidh agus chun dul i ngleic le dúshláin slándála sa tSaiheil.

An tAigéan Ciúin Ind-Chiúin-Aigéanach

Tacaíonn an tAontas agus na Stáit Aontaithe le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor agus oscailte agus a d’fhéadfadh cur le cobhsaíocht agus rathúnas an réigiúin i gcomhréir le luachanna daonlathacha agus leis an dlí idirnáisiúnta.

Féachfaidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcomhar sa réigiún, agus i gcomhréir lena straitéisí Ind-Chiúin-Aigéanacha faoi seach:

  • feasacht ar an bhfearann muirí a mhéadú
  • an comhar maidir leis an nascacht a spreagadh
  • freagairt a thabhairt ar an ionramháil eachtrach ar fhaisnéis
  • an cibearchomhordú a mhéadú
  • iarrachtaí leanúnacha a spreagadh chun saoirsí bunúsacha agus cearta an duine a chosaint

D’athdhearbhaigh na ceannairí freisin an méid seo a leanas:

  • a dtacaíocht bhuanseasmhach do lárnacht agus aontacht ASEAN
  • a gcomhpháirtíocht le tíortha Oileánacha an Aigéin Chiúin

An tSín

Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe sásta caidreamh cuiditheach cobhsaí a chothú leis an tSín chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus chun plé a dhéanamh ar réimsí leasa choitinn.

I ndáil leis an méid sin, d’iarr an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar an tSín an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • páirt a ghlacadh i bhfóraim idirnáisiúnta chun saincheisteanna a phlé mar shampla géarchéim aeráide agus bithéagsúlachta, sláinte dhomhanda agus ullmhacht paindéime
  • brú a chur ar an Rúis stop a chur lena cogadh foghach ar an Úcráin

Déanfaidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe an méid seo a leanas chun caidreamh eacnamaíoch inbhuanaithe a chumasú leis an tSín:

  • infheistíocht a dhéanamh ina ngeilleagair féin
  • spleáchais agus leochaileachtaí criticiúla a laghdú
  • ardteicneolaíochtaí áirithe a chosaint

Chuir na ceannairí in iúl freisin gur cúis mhór imní dóibh an staid i Muir na Síne Thoir agus Theas agus maidir le cearta an duine agus leis an saothar éigeantais sa tSín.

Maoiniú don fhorbairt inbhuanaithe

Tá an tAontas agus na Stáit Aontaithe tiomanta do dhlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus maoiniú breise a chur ar fáil don fhorbairt, lena n-áirítear na bainc forbartha iltaobhacha a dhéanamh níos éifeachtaí.

Chuige sin, cuirfidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe dlús leis na hiarrachtaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tacaíocht láidir a chur ar fáil do thíortha bochta, ísealioncaim agus meánioncaim
  • cuidiú le caipiteal príobháideach a dhíghlasáil le haghaidh infheistíochtaí
  • an chomhpháirtíocht le haghaidh bonneagair agus infheistíochtaí domhanda a mhéadú
  • cuimsiú digiteach, teicneolaíocht chumarsáide agus slabhraí soláthair seirbhíse a chur chun cinn ar fud an domhain

Cúlra

Bhí an cruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá sa Bhruiséil an 15 Meitheamh 2021.

Le linn an chruinnithe mullaigh, ghlac na ceannairí dearbhú ina leagtar amach an comhar idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá sa ré i ndiaidh na paindéime.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025