Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú trí fhíschomhdháil idir ceannairí an Aontais agus na hIndia, Porto, 8 Bealtaine 2021

Na príomhthorthaí

An 8 Bealtaine 2021, tháinig ceannairí an dá dhaonlathais is mó ar domhan le chéile trí fhíschomhdháil.

Rinne cinn stáit nó rialtais 27 mBallstát an Aontais, chomh maith le Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionadaíocht don Aontas, ag teacht le chéile dóibh in Porto.

An Príomh-Aire Shri Narendra Modi a rinne ionadaíocht don India, agus é in éineacht le ceannairí an Aontais trí fhíschomhdháil.

Ghlac Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, páirt sa chruinniú freisin.

Ag deireadh an chruinnithe, ghlac ceannairí an Aontais ráiteas comhpháirteach cuimsitheach.

Treisíodh sa chruinniú an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an India, comhpháirtíocht a bhfuil luachanna coiteanna an daonlathais, na saoirse, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine mar bhonn taca léi.

Chomhaontaigh na ceannairí tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht saorthrádála agus leis an gcaibidlíocht maidir le dhá chomhaontú trádála bhreise. Ina theannta sin, sheol siad comhpháirtíocht nascachta nua.

Léirigh muid a láidir atá an caidreamh idir an tAontas agus an India agus an acmhainneacht mhór a bhaineann leis. An tUachtarán Charles Michel

Ullmhacht agus athléimneacht i réimse na sláinte ar fud an domhain a fhorbairt

Chuir ceannairí an Aontais a ndlúthpháirtíocht iomlán leis an India in iúl i bhfianaise rabharta nua ionfhabhtuithe COVID-19 nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin sa tír. Trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, rinne na Ballstáit trealamh éigeandála ar fiú breis agus € 100 milliún é – idir ocsaigin, aerálaithe agus cógais – a shlógadh i gcomhair fhreagairt na hIndia ar COVID-19, roimh an gcruinniú.

Tacaíonn an tAontas agus an India le rochtain uilíoch, shábháilte, chothrom agus inacmhainne ar vacsaíní COVID-19, ar dhiagnóisiú agus ar chóireáil. Ag aithint dóibh an t-imdhíonadh forleathan mar leas an phobail dhomhanda, chuir na ceannairí i dtreis nach rás idir tíortha ach rás in aghaidh an ama é an próiseas vacsaínithe.

Ba dhíol sásaimh do na ceannairí rannchuidiú an Aontais agus a Bhallstáit le táirgeadh vacsaíní agus an tacaíocht shuntasach a thug siad don tSaoráid COVAX. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin iarrachtaí na hIndia vacsaíní COVID-19 a tháirgeadh agus a dháileadh ar os cionn 90 tír trína thionscnamh ‘Vaccine Maitri’.


Gheall an tAontas agus an India an tslándáil sláinte dhomhanda a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ullmhacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) i gcás éigeandálaí sláinte agus a freagairt orthu a neartú, agus trí EDS a athchóiriú.

D’iarr an tAontas ar an India oibriú i dtreo conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí faoi chuimsiú EDS.

I gcomhar a chéile atá an tAontas agus an India ag dul i ngleic leis an bpaindéim

Spreagadh nua don trádáil idir an tAontas agus an India

Tá an tAontas ar cheann de na comhpháirtithe trádála is mó agus infheisteoirí eachtracha is mó dá bhfuil ag an India. Chuir an cruinniú dlús leis an gcaidreamh déthaobhach trádála.
Chomhaontaigh na ceannairí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • caibidlíocht maidir le comhaontú saorthrádála cothrom, uaillmhianach, cuimsitheach agus chun tairbhe an dá thaobh a atosú
  • teacht ar réitigh thapa ar shaincheisteanna seanbhunaithe maidir le rochtain ar an margadh
  • tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú neamhspleách cosanta infheistíochta
  • tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú ar thásca geografacha

Cuirfidh an tAontas agus an India feabhas freisin ar chomhordú maidir leis an rialachas eacnamaíoch domhanda, go háirithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus in G20. Chomhaontaigh siad an comhar déthaobhach a dhoimhniú maidir leis an athchóiriú ar EDT roimh chomhdháil aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála i mí na Samhna.

Grafaic faisnéise: Trádáil earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus an India.
An trádáil idir an tAontas agus an India: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus an India: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An domhan a chosaint agus an fás glas a chothú

Leag na ceannairí béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt go práinneach ar na dúshláin idirspleácha a bhaineann leis an athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an truailliú. Gheall siad go gcabhróidís le rath an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15) a bheidh ann go luath, Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26), agus an dara Comhdháil Aigéin de chuid na Náisiún Aontaithe.

Leag na ceannairí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus d’aithin siad ceannaireacht agus dul chun cinn gach taobh.

Bhí na ceannairí ag tnúth le clár oibre nua le haghaidh na Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an India i ndáil le Fuinneamh Glan agus Aeráid a bheith ann. Is é an sprioc atá ann an comhar a dhoimhniú chun dlús a chur le húsáid fuinnimh inathnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, comhoibriú ar theicneolaíocht na heangaí cliste agus stórála, agus an margadh leictreachais a nuachóiriú.

Áirítear ar iarrachtaí comhpháirteacha eile chun an fás glas agus nuachóiriú inbhuanaithe an gheilleagair a chur chun cinn tionscal agus iompar a dhícharbónú agus dlús a chur le cur chun feidhme na comhpháirtíochta nua maidir le geilleagar ciorclach agus éifeachtúlacht acmhainní.

Comhpháirtíocht nascachta a sheoladh

Ghlac na ceannairí comhpháirtíocht nua le haghaidh nascacht thrédhearcach chuimsitheach riailbhunaithe idir an tAontas agus an India agus le tríú tíortha agus réigiúin (lena n-áirítear an Afraic, an Áise Láir agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéineach).

Is é an sprioc atá ann oibriú le chéile ar rialáil agus ar thacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí príobháideacha i mbonneagar fisiciúil ardchaighdeáin i ngach earnáil: cúrsaí digiteacha, iompair, fuinnimh agus idirphearsanta.

Féachfaidh an tAontas agus an India le malartuithe idir muintir na hEorpa agus na hIndia a chothú agus comhpháirtíochtaí a chruthú idir earnáil phoiblí agus earnáil phríobháideach an Aontais agus na hIndia.

Is mórthionscadal í an chomhpháirtíocht nascachta a chuirfidh bonneagar ardchaighdeáin chun cinn ar mhaithe le fás eacnamaíoch inbhuanaithe athléimneach, agus a chothóidh malartuithe idir ár bpobail. An tUachtarán Charles Michel

Is í an India an dara tír (tar éis na Seapáine) a bhfuil Comhpháirtíocht Nascachta tugtha i gcrích ag an Aontas léi.

Claochlú digiteach

D’fhéadfadh an claochlú digiteach poist ardcháilíochta a chruthú agus saol na saoránach a fheabhsú. Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an dlúthchomhar maidir le caighdeáin dhigiteacha dhomhanda agus chomhaontaigh siad é a fheabhsú a thuilleadh, agus i ndáil le 5G agus ina dhiaidh sin.

Chomhaontaigh na ceannairí freisin leanúint den chóineasú a fheabhsú idir creata rialála an Aontais agus na hIndia agus ardleibhéal cosanta a chinntiú do shonraí pearsanta agus don phríobháideacht.

Bhí siad ag tnúth le tús a chur leis an obair atá déanta ag an Tascfhórsa Comhpháirteach maidir leis an Intleacht Shaorga.

Cearta an duine

D’athdhearbhaigh an tAontas agus an India a dtiomantas láidir do chearta uile an duine, don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban.

Tá na ceannairí tiomanta don idirphlé ar chearta an duine idir an tAontas agus an India, agus an chéad chruinniú eile beartaithe don bhliain 2022.

Chomhaontaigh siad freisin dlús a chur leis an gcomhar i bhfóraim idirnáisiúnta um chearta an duine, go háirithe Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine.

Tá cearta an duine, comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna i gcroílár ár rannpháirtíochta leis an India. An tUachtarán Charles Michel

Gnóthaí eachtracha agus slándála

Ba dhíol sásaimh do na ceannairí gur neartaíodh le déanaí an comhar idir an tAontas agus an India maidir leis an tslándáil idirnáisiúnta, agus maidir le neamhleathadh agus dí-armáil, cur i gcoinne na sceimhlitheoireachta, radacú agus antoisceachas foréigneach, slándáil mhuirí, agus cibearbhagairtí agus bagairtí eile.

Chuir an tAontas agus an India a dtiomantas chun suntais d’athchóiriú cuimsitheach Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chun í a dhéanamh níos éifeachtaí, níos trédhearcaí, níos ionadaíche agus níos cuntasaí, chun réaltachtaí comhaimseartha a léiriú.

Chuir na ceannairí i dtábhacht a dtiomantas do limistéar Ind-Chiúin-Aigéineach a bheadh saor, oscailte, cuimsitheach agus riailbhunaithe. Ba cheart é sin a bhunú ar urraim don iomláine chríochach agus don cheannasacht, don daonlathas, don smacht reachta, don trédhearcacht, don tsaoirse loingseoireachta agus traseitilte, do thráchtáil dhleathach gan bhac, agus do réiteach síochánta ar dhíospóidí.

Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh do na ceannairí gur glacadh le déanaí straitéis an Aontais maidir le comhar leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéineach agus chomhaontaigh siad an comhar idir an tAontas agus an India a neartú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéineach, agus i gCruinniú na hÁise-na hEorpa (ASEM) agus i bhfóraim ábhartha réigiúnacha.

Ina theannta sin, cuirfidh an tAontas agus an India feabhas ar a gcomhar le comhpháirtithe na hAfraice chun tacaíocht a thabhairt d’Afraic a bheidh rathúil, síochánta, daonlathach agus athléimneach.

Cúlra

An cruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas agus an India

Tionóladh an cruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas agus an India an 15 Iúil 2020, trí fhíschomhdháil. Ghlac ceannairí an Aontais agus na hIndia ráiteas comhpháirteach, treochlár cúig bliana don Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus an India agus dearbhú comhpháirteach maidir le héifeachtúlacht acmhainní agus an geilleagar ciorclach.

Ag cruinniú mullaigh 2020, d’iarr na ceannairí go mbeadh an vacsaín COVID-19 ina leas coiteann domhanda. D’aontaigh siad freisin dlús a chur leis an gcomhar maidir le slándáil sláinte agus ullmhacht agus freagairt i gcomhair géarchéimeanna paindéime, agus, ag an am céanna, borradh a chur faoi shlabhraí monaraíochta agus soláthair leanúnacha na soláthairtí riachtanacha leighis.

Chomhaontaigh na ceannairí an córas domhanda trádála a choinneáil ar oscailt agus a gcaidreamh trádála agus infheistíochta a fhorbairt a thuilleadh d’fhonn lántairbhe a bhaint astu, go háirithe i gcomhthéacs an téarnaimh eacnamaíoch tar éis COVID-19.

An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)

An lá roimh chruinniú na gceannairí, d’fhógair BEI trí bheart nua chun tacú le téarnamh na hIndia as COVID-19:

  • tionscnamh cothromais phríobháidigh inbhuanaithe ar fiú €100 milliún é
  • Tacaíocht €300 milliún do Kanpur agus Pune metros
  • síntiús éigeandála €250,000 chun cabhrú leis an India déileáil le COVID-19

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025