- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, 13 Iúil 2023
Na príomhthorthaí
Bhuail Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, thar ceann an Aontais, le Príomh-Aire na Seapáine, Fumio Kishida, ag an 29ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin sa Bhruiséil.
Is mian linne, ceannairí an Aontais Eorpaigh agus na Seapáine, ár gcomhpháirtíocht straitéiseach níos dlúithe a chur chun cinn, bunaithe ar ár luachanna comhroinnte agus fréamhaithe inar dtiomantas don iltaobhachas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda agus ar riachtanais ár saoránach. Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ón tSeapáin
- Cruinniú mullaigh 2023 idir an tAontas agus an tSeapáin: ráiteas comhpháirteach
- Preasráiteas ón Uachtarán Charles Michel tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin (preaseisiúint, an 13 Iúil 2023)
Chuir an tAontas agus an tSeapáin in iúl gur chúis áthais dóibh an dul chun cinn a rinneadh ina gcaidreamh déthaobhach agus gheall siad go ndéanfaidh siad obair as lámha a chéile chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an tsíocháin, an tslándáil, an smacht reachta agus luachanna daonlathacha a chur chun cinn
- an rathúnas agus an tslándáil eacnamaíoch a chinntiú
- an digiteáil duinelárnach a chothú
- dul i ngleic leis an athrú aeráide
- forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn
- an tslándáil sláinte a fheabhsú
Is í an tSeapáin an comhpháirtí straitéiseach is dlúithe atá ag an Aontas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach.
Síocháin, slándáil agus an smacht reachta
Tá dlúthnasc idir slándáil na hEorpa agus slándáil an Ind-Chiúin-Aigéanaigh.
Tacaímid le síocháin chóir, bhuan atá bunaithe ar urraim don dlí idirnáisiúnta agus do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ón tSeapáin
Tá an tAontas agus an tSeapáin diongbháilte i gcónaí agus iad ag tacú leis an Úcráin agus iad in aghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Cháin an tAontas agus an tSeapáin an Chóiré Thuaidh as an bhforbairt leanúnach atá á déanamh aici ar airm núicléacha agus ar dhiúracáin bhalaistíocha, atá ina sárú ar rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
- An Chóiré Thuaidh/DPDC: ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais i ndáil le diúracán balaistíoch fadraoin a lainseáladh (preaseisiúint, an 15 Aibreán 2023)
- Bearta sriantacha an Aontais i gcoinne na Cóiré Thuaidh (eolas cúlra)
Tá ceannairí an Aontais agus ceannairí na Seapáine réidh le caidreamh cuiditheach, cobhsaí a chothú leis an tSín.
Tá sé tábhachtach comhoibriú leis an tSín, i bhfianaise an róil atá aici sa chomhphobal idirnáisiúnta agus méid an gheilleagair atá aici, maidir leis na dúshláin dhomhanda chomh maith le réimsí a bhaineann leis an leas coiteann. Ráiteas ón Aontas agus ón tSeapáin
I bhfianaise na ndúshlán gan fasach atá roimh an tsíocháin agus an tslándáil, tháinig ceannairí an Aontais agus ceannairí na Seapáine ar chomhaontú an chomhpháirtíocht slándála idir an dá tír a fhorbairt a thuilleadh, rud a chuirfidh comhar méadaithe chun cinn maidir leis an méid a leanas:
- an tslándáil mhuirí
- an chibearshlándáil
- bagairtí hibrideacha
- an fhrithsceimhlitheoireacht
- dí-armáil
- neamhleathadh
Slándáil eacnamaíoch agus trádáil
Tháinig ceannairí an Aontais agus ceannairí na Seapáine ar chomhaontú maidir leis an gcomhar agus leis an athléimneacht eacnamaíoch agus an tslándáil.
Cuirimid i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar ár n-idirphlé agus ar ár gcomhar maidir leis an athléimneacht eacnamaíoch agus leis an tslándáil chun ár leasanna a chosaint ar fud an domhain agus an geilleagar oscailte á chaomhnú ag an am céanna. Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ón tSeapáin
Tuigeann an tAontas agus an tSeapáin a thábhachtaí atá sé an comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin a chur chun feidhme ina iomláine ar mhaithe lena saoránaigh agus lena ngnólachtaí.
Ó tháinig an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche (CCE) i bhfeidhm in 2019:
- Trádáil earraí: +20 %
- An trádáil agraibhia: +34 %
Ba dhíol sásaimh don tSeapáin cinneadh an Aontais maidir le deireadh a chur leis na bearta srianta allmhairiúcháin ar tháirgí bia ón réigiún Fukushima, cinneadh a glacadh tar éis chreatha talún 2011 a tharla sa tSeapáin.
An trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
An chomhpháirtíocht dhigiteach
Tháinig ceannairí an Aontais agus ceannairí na Seapáine ar chomhaontú dlús a chur leis an gcomhar maidir leis an gclaochlú digiteach.
Ó seoladh an chomhpháirtíocht dhigiteach idir an tAontas agus an tSeapáin i mí Bhealtaine 2022, tá obair fós ar siúl sna réimsí straitéiseacha seo a leanas:
- leathsheoltóirí
- ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus teicneolaíocht chandamach
- 5G agus níos faide anonn
- nascacht athléimneach dhigiteach
Mhol ceannairí an Aontais agus ceannairí na Seapáine plé idirnáisiúnta maidir le rialachas na hintleachta saorga (IS) d’fhonn IS a bhfuil iontaoibh ag daoine as a bhaint amach.
An t-aistriú fuinnimh agus an t-aistriú glas
D’athdhearbhaigh an tAontas agus an tSeapáin an sprioc coiteann glan-nialasacha bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí chun go bhfanfar laistigh den teorainn 1.5 C.
Faoin gcomhghuaillíocht ghlas idir an dá thír, tháinig ceannairí an Aontais agus ceannairí na Seapáine ar chomhaontú maidir le dlús a chur leis an obair ar an aistriú fuinnimh trí obair a dhéanamh as lámha a chéile i réimsí áirithe, agus na réimsí a leanas ina measc:
- an éifeachtúlacht fuinnimh
- hidrigin ísealcharbóin agus hidrigin in-athnuaite
- fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta
- gabháil, úsáid agus athchúrsáil carbóin
Beidh an tAontas agus an tSeapáin ag obair as lámha a chéile leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an éifeachtúlacht acmhainní agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn
- ionstraim ar an truailliú plaisteach atá ceangailteach ó thaobh dlí a sheachadadh faoi dheireadh 2024
- margaí domhanda um ghás nádúrtha leachtaithe atá slán, trédhearcach a fhorbairt
- aniascaireacht neamhdhleathach a chomhrac
An fhorbairt inbhuanaithe
Ba dhíol sásaimh do cheannairí an Aontais agus na Seapáine na torthaí a gineadh le bliain anuas agus is mian leo tuilleadh oibre a dhéanamh as lámha a chéile ar tionscadail nithiúla nascachta, agus é sin faoina gcomhpháirtíocht maidir leis an nascacht inbhuanaithe agus an bonneagar ardcháilíochta.
Ba cheart na comhthionscadail sin a bheith dírithe ar fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chruthú i dtíortha comhpháirtíochta.
An tSlándáil sláinte
Cuireann ceannairí an Aontais agus na Seapáine i bhfáth go ndéanfaidh siad obair as lámha a chéile ar na nithe seo a leanas:
- an tslándáil sláinte a fheabhsú, tríd an ailtireacht sláinte domhanda a neartú ina measc
- clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach
- cinntiú clabhsúr a chur leis an gcaibidlíocht ar an ionstraim idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i gcás paindéime
Cúlra
Is i dTóiceo na Seapáine an 12 Bealtaine 2022 a tionóladh an cruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin.
Le linn an chruinnithe mullaigh, sheol ceannairí an Aontais agus na Seapáine an Chomhpháirtíocht Dhigiteach idir an tAontas agus an tSeapáin chun an comhar maidir le réimse leathan saincheisteanna digiteacha a chur chun cinn.
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025