- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada, an Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2021, 14 Meitheamh 2021
Na príomhthorthaí
Bhí an 18ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Ceanada ar siúl sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 2021. Is iad Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh. Is é an Príomh-Aire Justin Trudeau a rinne ionadaíocht thar ceann Cheanada.
Phléigh na ceannairí conas oibriú le chéile chun deireadh a chur le paindéim COVID-19 agus téarnamh cuimsitheach, inbhuanaithe atá dírithe ar dhaoine a shaothrú. D’athdhearbhaigh siad a ngealltanais uaillmhianacha maidir le comhrac an athraithe aeráide agus le cosaint an chomhshaoil, agus maidir lena dtiomantas luachanna daonlathacha, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn.
Chuir siad tús freisin le hidirphlé nua idir Ceanada agus an tAontas Eorpach maidir leis an tsláinte, Fóram Comhpháirtíochta maidir leis na hAigéin, agus Comhpháirtíocht Straitéiseach AE-Ceanada maidir le hAmhábhair.
I ndiaidh an chruinnithe mullaigh, d’eisigh na ceannairí ráiteas comhpháirteach.
- Ráiteas Comhpháirteach ón Aontas agus ó Cheanada, an 15 Meitheamh 2021
- A ndúirt an tUachtarán Charles Michel tar éis an 18ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada
“Is é cloí COVID-19 ár bpríomhthosaíocht fós. Is é an tAontas an t-onnmhaireoir vacsaíní is mó – tá thart ar leath de na vacsaíní a tháirgeamar onnmhairithe againn. Thugamar tacaíocht d’fheachtas vacsaínithe Cheanada nuair a sheolamar thart ar 16 milliún dáileog go Ceanada. Is ionann sin agus 60 % de na vacsaíní uile a fuair Ceanada.” An tUachtarán Charles Michel
Deireadh a chur le paindéim COVID-19 agus téarnamh domhanda inbhuanaithe a chur chun cinn
Thug na ceannairí a bhfocal go gcuirfidís dlús leis na hiarrachtaí iltaobhacha chun a áirithiú go mbeadh rochtain uilíoch, chothrom inacmhainne ar vacsaíní, diagnóisic agus cóir leighis COVID-19 le fáil tríd an Luasaire Uirlisí COVID-19. Ba dhíol sásaimh dóibh tiomantas G7 suim nach lú ná 870 milliún dáileog vacsaíne a roinnt go díreach le linn na bliana seo chugainn, agus díriú orthu siúd is mó gátar.
- Dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta an Aontais le linn phaindéim COVID-19 (eolas cúlra)
- Cruinniú mullaigh G7, Corn na Breataine, an Ríocht Aontaithe, an 11-13 Meitheamh 2021
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí freisin méadú a bheith curtha ar na hacmhainneachtaí monaraíochta chun soláthar vacsaíní COVID-19 a mhéadú agus a éagsúlú agus slabhraí soláthair oscailte slána a choimeád ar bun ag an am céanna.
Déanfaidh an tAontas agus Ceanada comhordú ar na hiarrachtaí atá ar bun chun an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus ailtireacht dhomhanda na slándála sláinte a neartú le go mbeidh siad níos ullmhaithe feasta do phaindéimí.
“Is díol sásaimh dom tacaíocht an Phríomh-Aire Trudeau do chonradh idirnáisiúnta ar phaindéim faoi chuimsiú EDS.” An tUachtarán Charles Michel
Chun feabhas a chur ar an gcomhar déthaobhach maidir le hullmhacht paindéime, sheol na ceannairí idirphlé nua idir Ceanada agus an tAontas maidir le cúrsaí sláinte faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas agus Ceanada (SPA).
Chomhaontaigh na ceannairí an téarnamh domhanda a stiúradh i dtreo geilleagar glas, nuálach, cuimsitheach, athléimneach agus i dtreo poist chuibhiúla a chruthú. Cuspóir coiteann eile is ea na slabhraí soláthair domhanda a dhéanamh níos athléimní agus níos inbhuanaithe.
Thairis sin, féachfaidh na ceannairí le réiteach a bheidh bunaithe ar chomhthoil a bhaint amach maidir le hathchóiriú an ollstruchtúir idirnáisiúnta cánach faoi lár 2021 laistigh den ECFE, i gcomhréir le gealltanais G7/G20.
Chomhaontaigh siad freisin taisteal idir an tAontas agus Ceanada a atosú a luaithe is féidir sin a dhéanamh go sábháilte.
COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní (Grafaic faisnéise)
An t-athrú aeráide a chomhrac agus an comhshaol a chosaint
Á aithint dóibh a phráinní agus a idirnasctha atá na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta, chuir na ceannairí i bhfios go láidir nach mór dlús a chur leis an ngníomhaíocht dhomhanda agus freagairtí níos comhordaithe a chur ar fáil.
Tá an tAontas agus Ceanada meáite ar an toradh is uaillmhianaí dár féidir a bhaint amach ag an 26ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26), a bheidh ar siúl gan mhoill, chun an domhan a choinneáil ar an mbóthar ceart maidir le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.
Agus é mar aidhm acu ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla trí gheilleagair aeráidneodracha a bhaint amach faoi 2050, déanfaidh an tAontas agus Ceanada a spriocanna feabhsaithe do 2030 um laghdú astaíochtaí/rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán.
Cuirfidh an dá thaobh leis an gcomhar atá eatarthu i dtaca le bearta agus teicneolaíochtaí a chur chun cinn chun tacú le haistriú fuinnimh atá cóir . Tá siad meáite i gcónaí ar iarrachtaí a threisiú chun an sprioc $100 billiún in aghaidh na bliana a bhaint amach i dtaca leis an maoiniú don athrú aeráide go dtí 2025 a bhaint amach, agus ar a ranníocaíocht airgeadais don ghníomhaíocht um oiriúnú don athrú aeráide a mhéadú.
Chomhaontaigh na ceannairí féachaint chuige go nglacfar creat domhanda uaillmhianach chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú, a chosaint agus a athbhunú ag an gcéad Chomhdháil eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15) agus go saothrófar torthaí uaillmhianacha ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia d’fhonn a bheith ar thús cadhnaíochta an chlaochlaithe dhomhanda i dtreo córais bhia inbhuanaithe.
Cuirfidh an tAontas agus Ceanada dlús leis an gcomhar agus leis an ngníomhaíocht iltaobhach maidir leis an ngeilleagar ciorclach, le húsáid éifeachtach acmhainní nádúrtha agus le bainistiú fónta ceimiceán agus dramhaíola. Ina theannta sin, oibreoidh siad i dtreo conradh domhanda nua maidir le plaistigh lena n-áirítear maidir le comhrac an truaillithe plaistigh san aigéan. Sa chomhthéacs sin, sheol ceannairí Fóram Comhpháirtíochta maidir leis na hAigéin faoin Dearbhú idir an tAontas agus Ceanada i ndáil le Comhpháirtíocht maidir leis na hAigéin.
Leas a bhaint as acmhainneacht na trádála, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta
D’athdhearbhaigh na ceannairí a dtacaíocht láidir don chóras iltaobhach trádála riailbhunaithe agus an ról fíor-riachtanach a bhí ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). Chomhaontaigh siad oibriú as lámh a chéile chun EDT a neartú agus a nuachóiriú, lena n-áirítear trí dhlúthchomhar a bheith ann i nGrúpa Ottawa de thíortha atá ar aon intinn leo.
Ba dhíol sásaimh dóibh na torthaí dearfacha a baineadh amach le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) agus tá siad tiomanta i gcónaí a chinntiú go gcuirfear chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach é.
‘I mbliana, ceiliúraimid comóradh cúig bliana shíniú CETA. Is chun leas ár saoránach, ár ngnólachtaí agus ár dtéarnamh eacnamaíoch an comhaontú seo.’ An tUachtarán Charles Michel
Chun foinsí na n-ionchur tábhachtach sa gheilleagar glas agus digiteach a éagsúlú ó tháirgeoirí nach bhfuil chomh tiomanta céanna leis na prionsabail chéanna, agus chun slabhraí soláthair iomaíocha idir an tAontas agus Ceanada a chothú, bhunaigh na ceannairí Comhpháirtíocht Straitéiseach AE-Ceanada maidir le hAmhábhair.
Déanfaidh an tAontas agus Ceanada an comhar digiteach a dhoimhniú tríd an tIdirphlé Digiteach idir Ceanada agus an tAontas agus an Chomhpháirtíocht Dhomhanda maidir leis an Intleacht Shaorga (GPAI), agus leas á bhaint as uirlisí digiteacha chun téarnamh inbhuanaithe a chur chun cinn i ndiaidh COVID-19. Chun a chinntiú go mbeidh an t-idirlíon saor, slán agus oscailte i gcónaí, tacaíonn an tAontas agus Ceanada go comhpháirteach le caighdeáin dhomhanda maidir leis an trádáil dhigiteach agus teicneolaíochtaí digiteacha agus cuir chuige rialála ina leith.
Ina theannta sin, feabhsófar an comhar idir an dá thír i réimsí tábhachtacha eile, lena n-áirítear an clár taighde Fís Eorpach, an t-ardoideachas, hidrigin, an intleacht shaorga, an teicneolaíocht chandamach agus an spás.
EU-Canada trade: facts and figures (Grafaic faisnéise)
Luachanna daonlathacha, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn
Leanfaidh an tAontas agus Ceanada de bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta agus a luachanna comhroinnte a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta an duine, comhionannas inscne, saoirse na meán, an daonlathas liobrálach, an smacht reachta agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint.
Oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní agus ar dhúshláin is coiteann don chaidreamh leis an tSín agus leis an Rúis, agus beidh plé acu maidir le teagmháil a dhéanamh leis na tíortha sin i gcás inar féidir sin a dhéanamh agus chun leasanna Cheanada agus an Aontais faoi seach.
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí gur iarradh ar Cheanada páirt a ghlacadh i dtionscadal PESCO ‘Soghluaisteacht Mhíleata’. In éineacht le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus leis an Iorua, beidh Ceanada ar cheann de na chéad tíortha nach Ballstáit an Aontais iad a ghlacfaidh páirt sa tionscadal, céim thábhachtach eile i dtreo comhpháirtíocht níos dlúithe idir an tAontas agus Ceanada maidir leis an tslándáil agus an chosaint.
D’athdhearbhaigh na ceannairí a dtacaíocht d’iomláine chríochach na hÚcráine agus don éileamh ó mhuintir na Bealarúise go mbeadh an Bhealarúis daonlathach, cóir. Tá rún daingean acu chomh maith an comhar agus an t-idirphlé a dhoimhniú a thuilleadh maidir le príomh-shaincheisteanna réigiúnacha, lena n-áirítear maidir leis an Meánoirthear, leis an Iaráin/an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA), leis an Afraic (go háirithe réigiún na Saiheile) agus le Veiniséala.
Ar deireadh, d’athdhearbhaigh na ceannairí go bhfuil rún daingean acu an comhar eatarthu maidir le hábhair a bhaineann leis an Artach a neartú, agus comhaontú nua maidir le taifead ainmneacha paisinéirí idir an tAontas agus Ceanada a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir.
Cúlra
Tá Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (SPA) agus Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Eacnamaíocha agus Trádála (CETA) mar bhonn don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Ceanada. Cuireadh go mór le geilleagair an dá thír agus tá comhpháirtíocht i bhfad níos dlúithe ann anois idir an tAontas agus Ceanada mar thoradh ar na comhaontuithe sin a cuireadh i bhfeidhm go sealadach ó Aibreán 2017.
Bhí cruinniú deireanach cheannairí an Aontais agus Cheanada ar siúl an 29 Deireadh Fómhair 2020 trí fhíschomhdháil.
Tionóladh an cruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas agus Ceanada an 17 agus an 18 Iúil 2019 i Montréal, Ceanada.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025