- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh, trí fhíschomhdháil, idir an tAontas agus an tSeapáin, 27 Bealtaine 2021
Na príomhthorthaí
Tionóladh an 27ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin trí fhíschomhdháil an 27 Bealtaine 2021.
Rinne Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ionadaíocht thar ceann an Aontais.
Is é an Príomh-Aire Yoshihide Suga a bhí ann thar ceann na Seapáine.
Ghlac na ceannairí ráiteas comhpháirteach.
- Ráiteas comhpháirteach – Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, an 27 Bealtaine 2021
- A ndúirt an tUachtarán Charles Michel tar éis an chruinnithe mullaigh, trí fhíschomhdháil, idir an tAontas agus an tSeapáin
Tá an tAontas agus an tSeapáin aontaithe sa chomhar atá acu bunaithe ar luachanna agus prionsabail chomhroinnte, lena n-áirítear an tsaoirse, urraim do chearta an duine, an daonlathas, an smacht reachta, an tsaorthrádáil chóir, an t-iltaobhachas éifeachtach agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe. Fiche bliain ó shin a cuireadh tús den chéad uair leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an tSeapáin.
Sa phlé a bhí acu, dhírigh na ceannairí ar thrí phríomhcholún: saincheisteanna domhanda, an caidreamh déthaobhach agus an beartas eachtrach agus slándála.
Saincheisteanna domhanda
An t-athrú aeráide agus an comhshaol
Sheol na ceannairí an Comhaontas Glas idir an tAontas agus an tSeapáin, a chuirfidh borradh faoi na hiarrachtaí comhordaithe a dhéanfaidh an dá thaobh chun dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide agus an chomhshaoil. Tríd an gcomhaontas sin, cuirfidh an tAontas agus an tSeapáin leis an gcomhar atá eatarthu maidir leis an méid seo a leanas:
- an t-aistriú fuinnimh
- cosaint an chomhshaoil
- comhar rialála agus gnó
- taighde agus forbairt
- maoiniú inbhuanaithe
- an t-aistriú a éascú i dtríú tíortha
Thairis sin, oibreoidh an tAontas agus an tSeapáin le chéile agus le dreamanna eile chun na torthaí is uaillmhianaí a bhaint amach ag COP26 maidir leis an aeráid, a thionólfar i mí na Samhna, agus chun creat uaillmhianach bithéagsúlachta domhanda don tréimhse tar éis 2020 a bhaint amach ag COP15 maidir leis an mbithéagsúlacht, a thionólfar i mí Dheireadh Fómhair.
COVID-19
D’athdhearbhaigh na ceannairí go bhfuil rún daingean acu an lámh in uachtar a fháil ar an bpaindéim. D’aithin siad imdhíonadh mar leas poiblí domhanda agus chuir siad i bhfios go dtacaíonn siad le rochtain uilíoch, chothrom agus inacmhainne ar vacsaíní COVID-19, ar dhiagnóisic agus ar chóireálacha atá sábháilte, éifeachtach agus ar cháilíocht dhearbhaithe.
Á chur chun suntais dóibh rannchuidiú an dá thaobh le COVAX, ba dhíol sásaimh dóibh ról ceannasach an Aontais mar sholáthróir vacsaíní ar fud an domhain, lena n-áirítear don tSeapáin. Gheall na ceannairí go rachaidís i mbun oibre chun an táirgeadh vacsaíní a mhéadú agus chun na slabhraí soláthair a choimeád ar oscailt agus d’iarr siad nach gcuirfí srianta neamhriachtanacha onnmhairiúcháin agus taistil chun feidhme.
I dteannta na Seapáine, táimid tiomanta go daingean do COVAX. Déanfaidh an Príomh-Aire Suga cruinniú mullaigh gealltanais COVAX a óstáil an tseachtain seo chugainn. Tá súil againn go mbeidh na hiarrachtaí sin ina gcuidiú chun dóthain acmhainní a fháil chun 30% de dhaonra an domhain a vacsaíniú faoi dheireadh na bliana seo. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Chun a chinntiú gur fearr a bheidh an domhan faoi réir chun freagairt d’éigeandálaí domhanda sláinte, comhordóidh an tAontas agus an tSeapáin a gcuid iarrachtaí chun tacú leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus chun EDS a neartú agus a athchóiriú agus chun páirt a ghlacadh sa phlé ar chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí laistigh de chreat EDS.
An t-iltaobhachas
Tá rún daingean ag an Aontas agus ag an tSeapáin seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár, agus institiúidí iltaobhacha a neartú. Leanfaidh siad de cheannaireacht a léiriú maidir le freagairt ar dhúshláin dhomhanda agus dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, Chomhaontú Pháras agus Chlár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa. Thug na ceannairí gealltanas freisin an comhar tríthaobhach leis na Stáit Aontaithe a neartú.
Tacaíonn an tAontas agus an tSeapáin leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a neartú agus a athchóiriú mar cholún lárnach den chóras eacnamaíoch domhanda. Oibreoidh siad le chéile chun a áirithiú go mbeidh rath ar Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála sa Ghinéiv (an 30 Samhain go dtí an 3 Nollaig 2021).
Claochlú digiteach
Comhoibreoidh an tAontas agus an tSeapáin le chéile chun caighdeáin dhomhanda, agus cuir chuige chuimsitheacha – lena n-áirítear cuir chuige rialála – maidir le beartais agus teicneolaíochtaí digiteacha, a chur chun cinn.
Is mian leis an Aontas ‘deacáid dhigiteach’ a chur ar bun sna deich mbliana atá amach romhainn. Oibreoimid leis an tSeapáin ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ar ábhair chriticiúla, ar 5G agus 6G, ar an intleacht shaorga, ar shonraí agus ar ardáin. Cuirfidh sé sin borradh faoi iomaíochas an Aontais agus na Seapáine araon agus leagfar caighdeáin síos i bhfóraim iltaobhacha. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Chuir na ceannairí a dtiomantas comhpháirteach i dtreis maidir le caighdeáin arda cosanta do shonraí pearsanta. Gheall siad go leanfaidís leis an gcomhar maidir leis an tionscnamh “Saorshreabhadh Sonraí le hIontaobhas” d’fhonn sreabha sonraí trasteorann atá sábháilte agus slán a éascú tríd an tslándáil agus an phríobháideacht a fheabhsú.
An caidreamh idir an tAontas agus an tSeapáin
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí na torthaí dearfacha a bhí ar an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche (CCE) idir an tAontas agus an tSeapáin sa dá bhliain ó tháinig sé i bhfeidhm. Dhearbhaigh siad go mbeidh cur chun feidhme iomlán CCE fós ina thosaíocht chomhpháirteach.
- Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an tSeapáin (an Coimisiún Eorpach)
- Grafaic faisnéise - an trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin: fíricí agus figiúirí
Chuir na ceannairí i dtábhacht gurb é an tosaíocht fhrithpháirteach atá acu nascacht inbhuanaithe, chuimsitheach agus riailbhunaithe a chur chun cinn trí chomhpháirtíocht an Aontais le haghaidh nascacht inbhuanaithe agus bonneagar ar ardchaighdeán. Is í an tSeapáin an chéad tír a bhfuil comhpháirtíocht nascachta curtha i gcrích ag an Aontas léi.
Thug na ceannairí gealltanas freisin cur leis an gcomhar idir réimsí tionsclaíochta, eolaíochta, taighde & amp; nuálaíochta agus spáis an dá thaobh. Áirítear leis sin an fhéidearthacht go mbeadh an tSeapáin comhlachaithe le clár taighde Fís Eorpach.
An trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
An beartas eachtrach agus slándála
An Réigiún Ind-Ciúin-Aigéanach
Chomhaontaigh na ceannairí feabhas a chur ar an gcomhar le haghaidh Réigiún Ind-Ciúin-Aigéanach a bheidh saor agus oscailte, atá cuimsitheach, bunaithe ar an smacht reachta agus ar luachanna daonlathacha, agus gan srian le comhéigean. Féachfaidh siad leis an gcomhar le ASEAN sa réigiún a neartú agus oibreoidh siad freisin le tíortha na hÁise Theas agus Oileáin an Aigéin Chiúin.
Chuir na ceannairí in iúl gur cúis mhór imní dóibh an staid mar atá i Muir na Síne Thoir agus Theas agus chuir siad i gcoinne aon iarrachtaí aontaobhacha an status quo a athrú agus an teannas a mhéadú.
Chinn an tAontas an fócas straitéiseach ar an Réigiún Ind-Ciúin-Aigéanach a threisiú. Is díol mór spéise dúinn an comhar atá eadrainn leis an tSeapáin a threisiú maidir le slándáil mhuirí, comhar teicneolaíochta, leis an gcibearshlándáil, leis an mbréagaisnéis – agus luachanna agus prionsabail bhunúsacha a chur chun cinn sa réigiún. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Saincheisteanna eile a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus leis an tslándáil
Feabhsóidh an tAontas agus an tSeapáin na comhairliúcháin maidir leis an tslándáil, go háirithe maidir le neamhleathadh agus dí-armáil agus maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus cuirfidh siad leis an gcomhar praiticiúil i réimsí amhail an chibearshlándáil, an tslándáil mhuirí agus bainistiú géarchéime.
D’aithin na ceannairí a thábhachtaí atá faisnéis thrédhearcach, iontaofa fhíricbhunaithe agus chomhaontaigh siad go leanfaí leis an idirphlé maidir leis an mbréagaisnéis a chomhrac. D’athdhearbhaigh siad freisin go bhfuil rún daingean acu cibearspás atá oscailte, saor, cobhsaí agus slán a chur chun cinn.
Leanfaidh an tAontas agus an tSeapáin de bheith diongbháilte ina dtacaíocht d’iarrachtaí maidir le neamhleathadh núicléach, agus san áireamh leis sin díchóimeáil iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe na Chóiré Thuaidh a bhaint amach maidir lena n-airm núicléacha agus lena n-airm ollscriosta eile agus a cláir diúracáin bhalaistíocha uile-raoin. D’athdhearbhaigh na ceannairí go dtacaíonn siad go comhpháirteach leis an Iaráin/an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) a chaomhnú agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é go hiomlán.
Rachaidh an tAontas agus an tSeapáin i gcomhairle agus i ndlúthchomhar maidir le gnóthaí réigiúnacha eile amhail an Afganastáin, an Bhealarúis, Maenmar, an Úcráin, Próiseas Síochána an Mheánoirthir, an tSiria, an tSaiheil, an Libia, Hong Cong, Xinjiang, agus an Mheánmhuir Thoir. Ina theannta sin, leanfaidh siad de mhalartuithe maidir lena gcaidreamh faoi seach leis an tSín agus leis an Rúis.
Cúlra
Tionóladh an cruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin sa Bhruiséil an 25 Aibreán 2019. De dheasca phaindéim COVID-19, reáchtáladh cruinniú na gceannairí trí fhíschomhdháilan 26 Bealtaine 2020 in ionad chruinniú mullaigh 2020.
- Cruinniú trí fhíschomhdháil idir ceannairí an Aontais agus an tSeapáin, an 26 Bealtaine 2020
- Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, an Bhruiséil, an 25 Aibreán 2019
Tá an caidreamh idir an tAontas agus an tSeapáin bunaithe ar chomhaontú comhpháirtíochta straitéisí (SPA) agus ar chomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche (EPA). Síníodh an dá chomhaontú ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin in 2018 agus tá siad á gcur i bhfeidhm ó mhí Feabhra 2019 i leith.
- Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (SEGS)
- Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an tSeapáin (an Coimisiún Eorpach)
- Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, Tóiceo, an 17 Iúil 2018
- Grafaic faisnéise - an trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin: fíricí agus figiúirí
I mí Mheán Fómhair 2019, shínigh an dá thaobh an Chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an tSeapáin maidir le Nascacht Inbhuanaithe agus Bonneagar Cáilíochta. Is é an chéad chomhpháirtíocht nascachta a bhí ann riamh idir an Aontas agus tríú tír (cuireadh an dara ceann i gcrích an 8 Bealtaine 2021, leis an India).
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025