An tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
Tá an tAontas tiomanta do chóras iltaobhach trádála atá oscailte agus riailbhunaithe, a mbeidh Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) nuachóirithe ina chroílár.
Cad í an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT)?
Is í an Eagraíocht Dhomhanda Trádála an comhlacht domhanda atá freagrach as rialacha trádála idirnáisiúnta ar an leibhéal iltaobhach. Is é cuspóir foriomlán EDT trádáil a fhorbairt mar bhealach chun caighdeáin mhaireachtála agus saol na ndaoine a fheabhsú, agus poist a chruthú.
Bunaíodh EDT in 1995 mar chomharba ar an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, comhaontú a d’eascair as an gcaibidlíocht a bhí ann tar éis an Dara Cogadh Domhanda maidir le comhar eacnamaíoch idirnáisiúnta.
Sa lá atá inniu ann, cumhdaíonn comhaontuithe EDT an iliomad réimsí den trádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear:
- trádáil earraí
- trádáil seirbhísí
- cosaint maoine intleachtúla
Príomhfheidhmeanna EDT
Tá trí phríomhfheidhm ag EDT:
Gníomhaíonn sí mar fhóram don chaibidlíocht trádála agus leagann sí síos rialacha don trádáil idirnáisiúnta
Fónann EDT mar fhóram ina ndéanann na ballstáit caibidlíocht maidir le rialacha trádála.
Réitíonn sí díospóidí trádála
Nuair a chreideann na ballstáit gur sáraíodh rialacha EDT, úsáideann siad an córas iltaobhach chun díospóidí a réiteach seachas gníomhaíocht aontaobhach a dhéanamh.
Déanann sí faireachán ar bheartais trádála na mballstát
Déanann EDT athbhreithniú rialta ar bheartais trádála náisiúnta chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá acu.
Tá comhaontuithe uile EDT bunaithe ar shraith choiteann prionsabal atá mar bhonn faoin gcóras iltaobhach trádála:
- trádáil a dhéanamh gan idirdhealú (trí phrionsabail chóir an náisiúin barrfhabhair agus na córa náisiúnta a leanúint)
- bacainní trádála a laghdú de réir a chéile, trí chaibidlíocht a dhéanamh
- intuarthacht a chinntiú trí cheanglais agus trédhearcacht
- iomaíocht chóir a chur chun cinn
- forbairt agus athchóiriú eacnamaíoch a spreagadh
Tá EDT lárnach i mbeartas trádála iltaobhach an Aontais, agus cuireann rialacha EDT bonn faoi chaidrimh trádála an Aontais. Cuireann socruithe trádála eile de chuid an Aontais, ar nós comhaontuithe saorthrádála, le rialacha EDT.
An tAontas Eorpach in EDT
Tá an tAontas ina bhallstát den Eagraíocht Dhomhanda Trádála ón 1 Eanáir 1995. Tá 27 mBallstát de chuid an Aontais ina mballstáit de chuid EDT astu féin freisin. Mar aontas custaim a bhfuil comhbheartas tráchtála agus comhtharaif eachtrach aige, gníomhaíonn an tAontas Eorpach d’aon ghuth amháin san Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus is é an Coimisiún Eorpach a dhéanann ionadaíocht thar a cheann.
Tá ról lárnach ag an gComhairle maidir le beartas an Aontais in EDT a shainiú. Is é seo a leanas an príomhról atá aige i ndáil le EDT:
- seasaimh trádála an Aontais a phlé agus a chomhordú, trí chomhairliúcháin rialta leis an gCoimisiún sa Choiste um an mBeartas Trádála (ar a dtugtar freisin Coiste Airteagal 207(3) CFAE) freisin
- údaras a thabhairt don Choimisiún aon chomhaontú de chuid EDT atá ceangailteach ó thaobh dlí a chaibidil, a shíniú agus (tar éis do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt) a thabhairt i gcrích agus aon seasamh foirmiúil a ghlacadh i gcomhlachtaí ábhartha EDT
- na seasaimh ón Aontas atá le glacadh in EDT a ghlacadh
- torthaí chomhdhálacha aireachta EDT, an comhlacht cinnteoireachta is airde in EDT, a thagann le chéile gach 2 bhliain de ghnáth, a fhormheas
Cuspóirí an Aontais
Is iad seo a leanas cuspóirí an Aontais in EDT:
- trádáil riailbhunaithe a chothú agus a fheabhsú trí EDT athchóirithe neartaithe
- córas trádála an domhain a choinneáil oscailte, cothrom, intuartha agus bunaithe ar rialacha comhchoiteanna
- EDT a nuachóiriú agus a dhéanamh oiriúnach dá fheidhm ionas gur féidir le trádáil agus infheistíocht an Aontais leanúint de thairbhe a bhaint as an eagraíocht
- a chinntiú go gcloíonn ballstáit eile leis na rialacha freisin, trí chóras lánfheidhmiúil um réiteach díospóidí a athbhunú chomh maith
- tacú le tíortha atá i mbéal forbartha a lánpháirtiú sa gheilleagar domhanda
- tacaíocht EDT do bheartais trádála inbhuanaithe ar fud an domhain a threisiú
Nuachóiriú EDT
Tá ról lárnach ag an Aontas i bhforbairt an chórais trádála idirnáisiúnta ón Dara Cogadh Domhanda i leith. Faoi láthair, tá an tAontas ag féachaint an bhféadfaí EDT a nuachóiriú chun an eagraíocht a dhéanamh oiriúnach dá feidhm i bhfianaise na ndúshlán atá ag dul i méid maidir leis an trádáil dhomhanda riailbhunaithe.
Féach freisin
Ról an Aontais sa trádáil dhomhanda
Comhaontuithe trádála
Míniú ar tharaifí an Aontais
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Márta 2026