Scagadh imirceach ag teorainneacha an Aontais
Le rialacha an Aontais maidir le scagadh, déantar deimhin de go sainaithnítear daoine a shroicheann teorainneacha seachtracha an Aontais, go ndéantar na seiceálacha is gá orthu agus go gcuirtear ar aghaidh go tapa iad chuig an nós imeachta iomchuí um thearmann nó um fhilleadh.
Cad is scagadh ann?
Is próiseas gearr struchtúrtha é an scagadh a dhéantar ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus, i gcásanna áirithe, laistigh den Aontas le haghaidh náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach. Cuidíonn sé leis na húdaráis náisiúnta an méid seo a dhéanamh go tapa:
- céannacht duine a shuíomh
- aon rioscaí sláinte nó slándála a shainaithint
- leochaileachtaí nó riachtanais chosanta speisialta a mheas
Tá an rialachán maidir le scagadh mar chuid den chomhshocrú maidir le himirce agus tearmann, creat an Aontais chun imirce agus tearmann a bhainistiú. Leagtar síos ann rialacha comhchoiteanna maidir le seiceálacha agus clárú daoine atá faoi réir scagtha. Cinntítear leis freisin, tar éis an scagtha, go ndéantar na daoine a atreorú go tapa chuig an nós imeachta iomchuí.
Ag brath ar a chúinsí, féadfar duine a ndéantar scagadh air a atreorú chuig an nós imeachta tearmainn nó chuig nós imeachta um fhilleadh.
Trí chur chuige comhsheasmhach i leith scagtha a bhunú ar fud an Aontais, cuidíonn an rialachán chun feabhas a chur ar bhainistiú na n-imirceach neamhrialta agus chun an tslándáil a neartú ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Cuidíonn sé freisin chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte phoiblí agus don tslándáil phoiblí a shainaithint.
Nósanna imeachta tearmainn agus teorann an Aontais
Seiceálacha agus sainaithint an nós imeachta cheart
Áirítear sa phróiseas scagtha seiceálacha coiteanna sláinte, céannachta, leochaileachta agus slándála do náisiúnaigh tríú tír áirithe nach gcomhlíonann na coinníollacha chun teacht chuig an Aontas.
Ní mór scagadh a dhéanamh laistigh de thréimhse theoranta ama, gar do theorainneacha seachtracha an Aontais de ghnáth. D’fhéadfadh sé maireachtáil suas le 7 lá. Baineann sé le daoine:
- a thrasnaíonn teorainn sheachtrach de chuid an Aontais ar tír, ar muir nó san aer gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh
- a thugtar i dtír tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir
- a ghabhtar san Aontas tar éis dóibh seiceálacha ag an teorainn sheachtrach a sheachaint ar dtús; sa chás sin, ní mór scagadh a chur i gcrích laistigh de 3 lá
Áirítear leis an scagadh:
céannacht a shainaithint nó a fhíorú
seiceálacha sláinte agus leochaileachta
seiceálacha slándála, méarlorgaireacht agus clárú i mbunachar sonraí Eurodac
Déantar an fhaisnéis a bhailítear le linn an scagtha a sheiceáil i mbunachair sonraí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí. Bailítear leis an scagadh freisin faisnéis is féidir a úsáid sa nós imeachta um thearmann nó um fhilleadh ina dhiaidh sin.
Ar chur i gcrích an scagtha, cuireann an t-údarás náisiúnta a rinne é an duine agus an fhoirm scagtha ar aghaidh chuig an údarás atá freagrach as an nós imeachta iomchuí um thearmann nó um fhilleadh..
Cearta bunúsacha a chosaint le linn an scagtha
Ní mór do na Ballstáit cearta bunúsacha a urramú le linn an phróisis scagtha agus dlí ábhartha an Aontais agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha agus Coinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le stádas dídeanaithe.
Ní mór do gach Ballstát sásra faireacháin neamhspleách a chur ar bun chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach, ar phrionsabal an non-refoulement, lena gcuirtear cosc ar dhaoine filleadh ar thír ina bhféadfadh géarleanúint a bheith i ndán dóibh, agus ar rialacha maidir le coinneáil, lena n-úsáidtear coinneáil le linn scagtha.
Ní mór na daoine a bhfuil scagadh á dhéanamh orthu a chur ar an eolas, i dteanga a thuigeann siad nó a cheaptar le réasún go bhfuil siad in ann í a thuiscint, faoin bpróiseas agus faoina gceart iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. Ní mór a mbunriachtanais agus a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach a chosaint, agus ní mór aird ar leith a thabhairt ar leanaí, lena n-áirítear trína leasanna a chur san áireamh agus trí fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach atá furasta ag leanaí a thuiscint agus oiriúnach dá n-aois.
Is féidir le daoine ábhair imní nó gearáin faoi sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha a thuairisciú do na comhlachtaí faireacháin lena mbaineann. Ní mór rochtain éifeachtach a bheith ag eagraíochtaí agus gairmithe a chuireann comhairle agus comhairleoireacht ar fáil ar dhaoine a bhfuil scagadh á dhéanamh orthu.
Féach freisin
An Comhshocrú maidir le himirce agus tearmann
Eurodac: Bunachar sonraí tearmainn agus imirce an Aontais
Asylum and migration management
An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Meán Fómhair 2026