Nósanna imeachta tearmainn agus teorann an Aontais
Tá rialacha comhchoiteanna ag an Aontas maidir le nósanna imeachta tearmainn. Faigh amach an chaoi a láimhseáiltear iarratais ar thearmann, cad iad na cearta agus na hoibleagáidí atá ag iarrthóirí tearmainn agus an chaoi a ndéantar meas ar thíortha sábháilte.
An chaoi a n-oibríonn nósanna imeachta tearmainn san Aontas
Leis an gcomhshocrú maidir le himirce agus tearmann, bunaítear creat coiteann den Aontas maidir le tearmann agus imirce. Is é is aidhm dó a chinntiú go ndéileálfar le hiarratais ar thearmann de réir na gcaighdeán comhroinnte atá san Aontas, rud a fhágfaidh go mbeidh an córas níos éifeachtaí agus níos intuartha.
Príomhghné den chomhshocrú is ea an rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn, ina leagtar amach an chaoi a bpróiseáiltear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Tugtar isteach leis freisin rialacha nósanna imeachta ag teorainneacha seachtracha an Aontais.
Leagtar amach sna forálacha sin a bhaineann leis an rialachán agus na rialacha an chaoi a ndéantar iarratais a chlárú agus a scrúdú, na cearta agus na hoibleagáidí atá ag iarrthóirí tearmainn, sainráthaíochtaí nós imeachta do dhaoine leochaileacha, mar shampla mionaoisigh neamhthionlactha, agus nuair a bhíonn feidhm ag nósanna imeachta sonracha ag an teorainn.
Foráiltear le rialacha an Aontais freisin do shocruithe sonracha le haghaidh géarchéimeanna nó force majeure, lena gceadaítear maoluithe a chur i bhfeidhm i gcás imthosca eisceachtúla agus ar feadh na tréimhse ama is giorra is gá.
Iarratas a dhéanamh ar thearmann
Leagtar síos sa rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn an nós imeachta ó thaobh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. Is é is aidhm dó nósanna imeachta tearmainn a dhéanamh níos cothroime agus níos éifeachtúla, agus dreasachtaí a laghdú do dhaoine a bheith ag aistriú idir tíortha an Aontais chun tearmann a lorg.
Leagtar síos sa rialachán rialacha agus spriocdhátaí soiléire do gach céim den nós imeachta. Soiléirítear ann na céimeanna idir cur in iúl go bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg agus iarratas a chlárú agus a thaisceadh go foirmiúil. De ghnáth, bíonn 21 lá ag iarratasóirí chun a n-iarratas a chur isteach tar éis dóibh clárú. De ghnáth, ba cheart cinneadh a eisiúint laistigh de 6 mhí, cé gur féidir síneadh suas le 6 mhí eile a chur leis sin i gcúinsí áirithe. Faoin nós imeachta brostaithe, ba cheart cinneadh a dhéanamh laistigh de 3 mhí. Leagtar síos sa rialachán freisin spriocdhátaí idir 10 lá agus 2 mhí le measúnú a dhéanamh ar an bhfuil iarratas neamh-inghlactha, ag brath ar na himthosca.
Chomh maith leis sin, sa rialachán:
- leagtar síos oibleagáidí d’iarrthóirí tearmainn comhoibriú leis na húdaráis agus déantar foráil ann maidir le hiarmhairtí i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin
- déantar foráil maidir le sainráthaíochtaí nós imeachta do dhaoine leochaileacha, cuir i gcás mionaoisigh neamhthionlactha
- neartaítear bearta chun mí-úsáid agus gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc, beart ar nós rialacha sonracha maidir le hiarratais a dhéantar ina dhiaidh sin agus maidir le daoine a dhéanann iarratas ar thearmann i níos mó ná Ballstát amháin
- soiléirítear cathain is féidir a mheas an bhfuil iarratas neamh-inghlactha, cathain atá feidhm ag na coincheapa maidir le tríú tír shábháilte nó tír an chéad tearmainn san áireamh
- déantar nasc níos dlúithe idir nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh, ionas gur féidir cinneadh um fhilleadh a bheith ag gabháil le cinneadh diúltach um thearmann agus gur féidir achomhairc i gcoinne an dá chinneadh a láimhseáil laistigh de na hamlínte céanna
Nósanna imeachta tearmainn ag na teorainneacha
Leis an nós imeachta teorann um thearmann, ceadaítear do thíortha an Aontais iarratais áirithe ar thearmann a scrúdú ag teorainneacha seachtracha an Aontais nó gar dóibh, gan údarú a thabhairt don iarratasóir dul isteach sa chríoch. Tá an nós imeachta éigeantach i gcásanna sonracha, mar shampla i gcás inar chuir iarratasóir na húdaráis ar míthreoir, ina meastar gur riosca slándála nó oird phoiblí iad, nó ina dtagann siad ó thír a bhfuil ráta íseal aitheantais aici do chosaint idirnáisiúnta, rud a chiallaíonn gur beag an seans go ndeonófar cosaint idirnáisiúnta dóibh.
D’fhéadfadh an nós imeachta teorann um thearmann dul ar aghaidh ar feadh suas le 12 sheachtain. Má dhiúltaítear d’iarratas, cuirfear an t-iarratasóir ar aghaidh chuig an nós imeachta teorann um fhilleadh, a d’fhéadfadh dul ar aghaidh ar feadh 12 sheachtain eile. Is é is aidhm don nós imeachta sin filleadh tapa a éascú i gcás daoine nach bhfuil ceart fanachta acu san Aontas.
Ní féidir an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ag an mBallstát, ar nós bonneagar leordhóthanach agus foireann oilte, chun iarratais ar thearmann agus filleadh a phróiseáil. Socraíodh an acmhainneacht leordhóthanach ar fud an Aontais ag 30 000 áit, agus í foroinnte ina hacmhainneachtaí náisiúnta.
Tá dlúthnasc idir na nósanna imeachta teorann um thearmann agus filleadh, ach rialaítear iad le rialacha ar leithligh de chuid an Aontais. Bunaítear an nós imeachta teorann um fhilleadh leis an rialachán maidir leis an nós imeachta teorann um fhilleadh, atá mar chuid de rialacha comhchoiteanna an Aontais maidir le filleadh.
Cearta agus oibleagáidí iarrthóirí tearmainn
Le rialacha an Aontais, leagtar síos caighdeáin maidir le cearta agus oibleagáidí daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu agus cuirfear coimircí i bhfeidhm le linn an nós imeachta tearmainn.
Tá sé de cheart ag iarrthóirí tearmainn:
- faisnéis shoiléir thráthúil a fháil faoin nós imeachta, a gcearta agus a n-oibleagáidí, agus an chaoi le hiarratas a chur isteach
- seirbhís ateangaireachta a bheith ar fáil agus éisteacht a fháil in agallamh pearsanta mar chuid den scrúdú ar a n-iarratas
- rochtain a fháil ar chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce agus iad ag céim riaracháin an nós imeachta, chomh maith le cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce le linn achomhairc
- fanacht sa tír den Aontas atá freagrach agus a n-iarratas á scrúdú, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i ndlí an Aontais
Cuireann na rialacha coimircí breise ar fáil freisin do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta acu, mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh a bhfuil leanaí acu ina measc siúd.
Ní mór cearta bunúsacha a urramú le linn an nós imeachta tearmainn. Ní mór do thíortha an Aontais Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal an non-refoulement a chomhlíonadh, a chosnaíonn daoine ar fhilleadh chuig tír ina ndéanfaí géarleanúint orthu nó ina ndéanfaí díobháil thromchúiseach dóibh. Déanann sásra neamhspleách faireachán freisin ar urraim do chearta bunúsacha le linn an scagtha agus an nós imeachta teorann um thearmann.
Tíortha sábháilte
Foráiltear le rialacha tearmainn an Aontais do dhá choincheap bhreise a d’fhéadfadh difear a dhéanamh freisin don chaoi a scrúdaítear iarratas ar thearmann: tríú tíortha sábháilte agus tíortha sábháilte tionscnaimh.
Tríú tíortha sábháilte
Le coincheap an tríú tír shábháilte, ceadaítear do thír den Aontas a mheas an bhfuil iarratas ar thearmann neamh-inghlactha dá bhféadfadh an t-iarratasóir cosaint idirnáisiúnta a lorg agus, i gcás ina bhfuil sé incháilithe, dá bhféadfadh sé nó sí cosaint idirnáisiúnta a fháil i dtír shábháilte nach tír den Aontas í. Is féidir a mheas go bhfuil tríú tír sábháilte i gcás inar féidir leis an iarratasóir rochtain a fháil ar chosaint éifeachtach, lena n-áirítear an ceart fanachta, caighdeán maireachtála leordhóthanach, cúram sláinte agus oideachais, agus cosaint go dtí go dtiocfar ar réiteach marthanach.
Tá feidhm ag an gcoincheap freisin i gcás ina bhfuil nasc idir an t-iarratasóir agus an tríú tír, i gcás ina ndearna an t-iarratasóir idirthuras tríd an tír, nó i gcás ina gcinntítear le comhaontú nó socrú go scrúdófar iarraidh an iarratasóra ar thearmann ansin. Ní féidir an coincheap a chur i bhfeidhm ar bhonn an comhaontaithe nó an tsocraithe sin i gcás mionaoisigh neamhthionlactha.
Tíortha tionscnaimh sábháilte
Baineann coincheap na tíre tionscnaimh sábháilte le tíortha ina meastar, go ginearálta, go ndéantar daoine a chosaint ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach. Is féidir iarratais ó náisiúnaigh na dtíortha sin a scrúdú faoi nós imeachta brostaithe.
An 24 Feabhra 2026, shínigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an rialachán ina bhfuil an chéad liosta uile-Aontais de thíortha tionscnaimh sábháilte, ina measc an Bhanglaidéis, an Cholóim, an Éigipt, an India, an Chosaiv, Maracó agus an Túinéis. Ainmnítear tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas freisin mar thíortha tionscnaimh sábháilte ar leibhéal an Aontais, faoi réir eisceachtaí áirithe, mar shampla an Úcráin. Ar na tíortha is iarrthóirí faoi láthair tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc.
Is féidir leis na Ballstáit a liostaí náisiúnta féin a choinneáil le tíortha breise.
Féach freisin
An Comhshocrú maidir le himirce agus tearmann
Asylum and migration management
Cé atá i dteideal tearmainn san Aontas Eorpach?
An t-athbhreithniú deireanach: an 25 Meán Fómhair 2026