Creat nua athlonnaithe an Aontais
Foráiltear leis an gcreat nua go nglacfar plean dhá bhliain de chuid an Aontais maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil, chun cabhrú leis na Ballstáit daoine a athlonnú ar fud an Aontais.
Creat buan a chur in ionad na scéimeanna athlonnaithe ad hoc
In 2016, mhol an Coimisiún Eorpach creat buan agus nós imeachta comhchuibhithe a bhunú don athlonnú ar fud an Aontais, in ionad na scéimeanna athlonnaithe ad hoc a bhí ann cheana.
Is é is aidhm do chreat athlonnaithe an Aontais an méid a leanas a dhéanamh:
- foráil do bhealaí dlíthiúla agus sábháilte chuig an Aontas leis an mbaol go dtiocfadh líon mór imirceach neamhrialta isteach a laghdú go fadtéarmach
- rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le hathlonnú agus maidir le ligean isteach ar fhoras daonnúil
- cuidiú le tionscnaimh dhomhanda um athlonnú agus um ligean isteach ar fhoras daonnúil
- tacaíocht a thabhairt do na tíortha sin lasmuigh den Aontas a bhfuil go leor daoine á n-óstáil acu a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu
Plean athlonnaithe an Aontais
Faoin gcreat nua sin, glacfaidh an Chomhairle plean 2 bhliain um athlonnú agus um ligean isteach ar fhoras daonnúil, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún.
Cuirfear san áireamh sa phlean sin:
uaslíon na ndaoine a bheidh le ligean isteach san iomlán
sonraí maidir le rannpháirtíocht na mBallstát agus a sciar den líon sin
na tosaíochtaí foriomlána geografacha
Obair ar an gcomhshocrú imirce agus tearmainn
I mí na Samhna 2017, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh chun tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint maidir leis an togra le haghaidh creat athlonnaithe de chuid an Aontais. Tugadh an chaibidlíocht leis an bParlaimint chun críche in 2022.
An 8 Feabhra 2024, d’fhormhuinigh ionadaithe Bhallstáit an Aontais an comhaontú ar thángthas air idir an Chomhairle agus an Pharlaimint in 2022.
Ghlac an Chomhairle comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann an 14 Bealtaine 2024.
I mí na Nollag 2025, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leisan gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta bliantúil a bhunú do 2026. Tá an comhthiomsú dlúthpháirtíochta ar cheann de phríomhghnéithe Chomhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann agus cuireann sé tacaíocht éifeachtach ar fáil do na Ballstáit sin atá faoi bhrú imirce.
- An Imirce agus tearmann: Comhthiomsú dlúthpháirtíochta comhaontaithe ag na Ballstáit (preaseisiúint, an 8 Nollaig 2025)
- Comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 14 Bealtaine 2024)
- Rialachán lena mbunaítear creat athlonnaithe an Aontais, an 9 Feabhra 2024
- An t-athchóiriú maidir le tearmann agus imirce: comhaontú le Parlaimint na hEorpa ceadaithe ag ionadaithe Bhallstáit an Aontais (preaseisiúint, an 8 Feabhra 2024)
- Creat athlonnaithe an Aontais: an Chomhairle réidh le dul i mbun caibidlíochta (preaseisiúint, an 15 Samhain 2017)
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Nollaig 2025